firstLine"; ?>

153. A-nois trath in charadraidh $
Length: short 13qq
Certainty: 2
Period:
  1. 14th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. personal
  2. Political
Manuscripts:
  1. RIA 1134 (23/E/29) Book Fermoy 15thc
Prints:
  1. text Stud. Hib. no. 3, p. 17
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. Envoi to saint (BVM)
  3. cooperation btn Irish and Anglo-Irish
  4. use of legal terms
Poet Christian Names:
  1. Gearoid (Iarla) (Bk Fermoy)
Poet Surnames:
  1. MacGearailt
Patron Christian Names:
  1. Diarmaid
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

A-nois tráth an charadraidh


[Mac Niocaill, Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963, 7ff.), poem 5]


1 Anois tráth an charadraidh

do chomhall dona cairdibh;

gach cara ’gar ghabhamair,

gabhadh linn luach ar cairdis.


2 An cairdeas do choimhéalainn

do charaid le mbeath mh’intinn,

gaol oram ní fhoichéalainn

do dhéanamh acht a ndingninn.


3 Buidheach sinn dá bhfuaramar

fós do thoradh ar gcairde;

gidheadh is é a bhuanughadh

ní is córa dona cairdibh.


4 Le coitchinne ar gcardraidh

atáid Gaill agam aoradh,

gurub i ndoigh mh’anacail

thugas ucht ar fhéin Ghaodhal.


5 Do lidhfidís Saxanaigh

orainn i dtíorthaibh falaigh

nach romhó do thargamair

ar Ghaoidhealaibh ná ar Ghallaibh.


6 Fuilngim tír na nÉireannach

nach rachainn i gceann Ghaoidheal

mina tíosadh éigeantas

ó ríogh Shaxan dom laoidheadh.


7 Comhairle do cheanglamar,

giodh di tháinig ar mbascadh:

cur i gceann ar ndearbhcharad

d’eagla fheirge ríogh Shaxan.


8 Fearr liom bheith ’gam bráithreachaibh

giodh créd a n-inntinn umainn

ná beith a gcoir bhráighdeanais

ag ríogh Shaxan i Lunainn.


9 Créad fa mbeinn dom mhíochomas -

fiarfóchaidh mé dom chairdibh -

mina dearndaois díoghaltas

inar thuit liom do Laighnibh?


10 Créad so ... fuaramar

ó shíol Chuirc mhóir mhic Luighdheach

is trí chairdeas Thuadhmhumhan

rinn seach an sluagh mór Muimhneach.


11 Atú ar bhreith mo dhearbhcharad;

fuilngim a bhfínné oram:

orra riamh nocha ndearnamar

ní do scaoilfeadh ar gcomann. An.


12 Coimhéalaidh a charadradh

damhsa an dearbhchara Diarmaid,

giolla méirgheal malachdhubh

ina lia cearda fiamhain. An.


13 Anois uair an fhurtachta

oram do mháthair Íosa:

Muire as coitcheann cumhachta

beanfaidh mo dhobrón díomsa. An.