firstLine"; ?>

1530. Ni haois fhoirfidheas a Aodh $
Length: long 41 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
  2. 15th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA1076 (24/P/33) L.Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. 1
Motifs:
  1. comparison of patron with own family
  2. patron’s liberality to poets
  3. territory as ruler’s spouse
  4. youth no impediment to kingship
  5. Highkingship of Ireland
  6. legal maxim
  7. Historical comparisons
Patron Christian Names:
  1. Aodh Buidhe mac Briain Bhallaigh
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1444
Apologue Subclasses:
  1. Cormac mac Airt: sheep & woad judgment
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní haois fhoirfigheas, a Aodh


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 1]


Dán do Aodh Buidhe mac Briain (ballaigh), mic Muircertaigh Chennfhada, mic Énrí, mic Briain, micAodha Buidhe, ó ráidtear Clann Aodha Buidhe.


1 Ní haois fhoirfidheas a Aodh,

ná breathnuigh bheith ad mhacaomh;

gé tú as só aois dot fhine

a gaois as mó mhuinighe.


2 Lór tfhoirfeacht i n-aois leanaibh,

do cheudaois gur chaitheabhair;

acht gidh sibh as só n-aoisi

na sin as mó mhealltaoisi.


3 Lucht h’aimsire, a Aodh Buidhe,

dá n-áirmhinn go haonduine,

cia dhíobh do ghlac do ghnaoisi

ad rígh no ad mhac míaoisi?


4 Is tú as óige dot fhine,

a Aodh mur Aodh Oirdnidhe,

gé táid sin ag ridhe ruibh

sin is óig d’fhine Eoghain.


5 Is é adeuradh an dligheadh,

as fada gur foillsigheadh:

dámadh fearr sibh iná an sean,

geall an tsin ag an tsósar.


6 Uirrim don fhior as sine

dá dtugtha, ní tuigfidhe

nach í an chóir thú dá tabhairt;

fóir do chlú ón chonntabhairt.


7 Ní hamhlaidh do bhíadh an bhreath

dámadh haosta tfholt fáinneach;

feirrde dhuit nach sibh an sean,

cuid an tsin ag an tsósar.


8 Deacoir do chur i gciontaibh

a mhic Briain mheic Muirchertaigh

is maith as ionráidh d’aighne,

a fhlaith Iomdháin, t’fhorfhuighle.


9 Do leithéid do leanamh óg,

a Aodh í Néill, anallód,

ionann fuighle dhó agus duit

ag suirghe le cró Cormuic.


10 Cormac mac Airt ór fhás sibh

t’ionnamhail i n-aois leinibh;

gér leanbh ar aois eighir Airt

nír gaois leinibh a labhairt.


11 Is duit aithrister, a Aodh,

mac Airt, is é ’na mhacaomh,

mur do chuaidh dhó go ndeach dhuit

an bhreath le bhfúair cró Cormaic.


12 Do bhí i dTeamhraigh na dTrí bhFionn

Mac Con ’na airdrígh Éirionn

- cách go Tulaigh dTé fa a thairm -

Lughuidh é ’s níorbh é a fhorainm.


13 Tarla leanamh isan lios

is rí Éirionn ’na ainbhfios,

san bhaile acht ’na bhuachail cruidh

ní raibhe ó Tuathail Teachtmhair.


14 An leanamh amuigh ’s amach

’na bhuachail beagáin caorach

gach laoi ’s a haire-si air

ag mnaoi thairisi i dTeamhraigh.


15 Téid an t-eallach soin, más fhíor,

i gcluanaigh each an airdríogh,

- céim do roimheuduigh a rath -,

ó choimheudaidh na gcaorach.


16 Gabhthur le muinntir Mic Con

an tréd ’ga dtarla an leanomh;

ní gu se atámuid don tréd

a dtánuig dhe ní dheirméd.


17 An bhaintreabhach, bean an chruidh,

téid san dúnaidh ’na ndeaghaidh;

cuairt Cormuic lé don lissin

orrdhruic é re a innisin.


18 Do ráidh an bhean, fa bean ghrinn:

“d’iarruidh mo thréada thigim.”

Ar Lughaidh: “ná luaidh an tréd,

cubhuidh mo chlúain do choimhéd.”


19 “A bhean,” ar Lughaidh, “léig thort;

ar úaidh th’eallach dom fhérghort,

ní ghébh séd dá uaisle inn

uaibhse, acht an tréd do thuitim.”


20 An bhreath chlaon nach gcuala riamh

nír fhulaing ó mhac Maicniadh,

tarla a thaobh fa thealaigh Cuinn,

gur chlaon Teamhair dá tóruinn.


21 Tagra na mná re Mac Con

ainnséin nír éisd an leanamh,

a dheimhin adéura sinn,

sgéla an leinimh dá luaidhinn.


22 Do ráidh an macaomh amuigh

’s a ucht uadh ar an ursuin:

“Ní bhia ’gud shíol teach Dá Thí

ní breath ríogh an bhreath bheirthí.”


23 “An smacht ríogh rug ar an bhféar,

geubhad, a leinbh, mo leithsgél,

do ghlac mé an crodh dá comholl,”

Mac Con dob é a uraghall.


24 “Barr na gcaorach i gcuid h’each,”

do ráidh an leanbh nár leithbhreath,

“is í an chóir, gidh créd do mhill,

ní cóir an tréd do thuitim.”


25 “Barr na gcaorach ’sna clúana,

dhá bharr abaidh ionbhuana,

samhuil gach barr don dá bharr;

cam ’na aghaidh ní fhoghnann.”


26 Mur do thuit teach an Daghdha,

gurb oirchios an urlabhra,

an brughsin an tan do thuit

do an ar gcluinsin gCormuic.


27 Ar fer do mhuinntir Mic Con:

“Is breath ríogh rug an leanomh;

an leanbh is do chineadh Cuinn,

nó is ceard fhileadh do fhoghluim.”


28 Dó sin is samhail tusa;

is tú an Cormac ceudnasa;

a Aodh í Néill, gus anois,

dá mhéin gach taom dar thogrois.


29 A í Néill fuair na frassa,

tú bheireas na breathasa,

breath aipche do chrú Chuinn

nach aipche cnú san chrobhuing.


30 Dá leana go láithribh Cuinn

lorg na ríoghraidhe romhuinn

creidfidhear gurab díobh dhuit,

[díol] i gceirtshligheadh Chormuic.


31 Ná tuig nach tuga i n-aghaidh

beith i gCraobhruaidh Chonchubhair;

nír bhfiú ríghe fhóid Eamhna

cóig tíre gan tigherna.


32 Rach[aidh] do thriall go Teamhraigh,

do ráith Mhacha ar mímheanmuin;

gan acht Midhe d’fhéaghuin uaibh

beuruidh a cridhe ón gCraobhruaidh.


33 Atá gan tagra fá a ceann

ag rígh do ríoghoibh Éireann

ráth Conaire fád chomhair;

sonaidhe an tráth tángabhair.


34 A mhic Áine an earla thigh,

do chúaidh, re hathaidh d’aimsir

gus anocht, an uaisle as,

nó gu bhfúairsi ort eolas.


35 Éire araon is an uaisle

dhá adhbhar dot anbhúainsi;

cuirfe an uaisle as nó inn;

do las th’uaisle fá Éirinn.


36 Don fhéile dob ionann cor

is d’Éirinn d’easbhuidh urradh;

do chuaidh an fhéile tar ais

uainn is Éire gur fhásais.


37 Do thuit eineach insi Fáil,

go dtángabhair dá thógbháil;

tearc rí ler mhaith a moladh,

do bhí an mhaith ar mearughadh.


38 Atá, ó tháinic tusa,

tú do-gheibh na grádhusa,

grádh a chéile ag crú Eoghain;

Éire is tú do aithbheodhuigh.


39 An tráth as teirce an fhéile

’s as lia lucht an toibhéime,

do thionnsguin ní da gach neach,

ó’dchí gur ionsguir oineach.


40 Ná deunadh rí do fhréimh Chuinn

eineach is é ar a ghualainn;

láimh re hAodh ó fhior eile

mion gach taom dá thaidhbhsighe.


41 Mac Áine agus Briain Ballaigh

maith gach taom da thaomannaibh;

mairt dá mbuain da gach baile

d’ú Airt ’na mbuaibh bealtaini.