firstLine"; ?>

1531. Ni heasboidh acht cradh croidhe $
Length: long 41qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy wp
Manuscripts:
  1. RIA 998 (23/F/21) Vellum 16th cent.
Prints:
  1. text Carney PB no. iv
Motifs:
  1. patron’s feasts
  2. patron’s liberality to poets
  3. Hostages
  4. landscape withers on ruler’s death
  5. general grief
  6. poet’s own mourning
  7. female occupation (peace-making)
Poet Christian Names:
  1. Eoghan mac Donnchadha (RIA 998)
Poet Surnames:
  1. MacCraith
Patron Christian Names:
  1. Mairgreag ingh. Tomais & Oilionoir
Patron Surnames:
  1. Butler (wife Burc of Castleconnell?)
Apologue Subclasses:
  1. Una’s oath to satisfy every poet in Ireland
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní heasbhaidh acht crádh croidhe


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 4]


Eóghan mac Donnchaidh Mhéig Craith


1 Ní heasbhoidh acht crádh croidhe,

tar gach ní as é as easbhaighe;

go cneasghoin gcroidhe arna chrádh

easbhaidh oile ní hiomlán.


2 Easbhaidh énmhná d’uaislibh Gall

tug mo chroidhe a ccaol chumhang;

tearc ní acht an bhean-soin a-bháin

do bhí ’na easbhaidh iomláin.


3 Ní heasbhaidh óir ná ionnmhois,

ní mó as theirce tighiornois,

ní díoth cruidh, acht croidhe tinn

do chuir a hoire ar mh’intinn.


4 Ní tearc d’éigsibh Fhóid Fhéilim

ón easbhaidh-si a n-éinchréidhim;

ní fhoil cabhair dhóibh a ndán,

cóir ’na n-aghoidh ar n-iompádh.


5 Ní héidir nach adhbhor cáis

easbhoidh inghine Tomáis;

gaoithe cró am chroidhe ar cuimhne,

mó iná mh’oire ar n-easbhuidh-ne.


6 Cúirt chorr Chalaidh an Threódha

’nar mheinic riamh ríodheóra -

fáth caoine an teagh-soin mar tá -

gan dhaoine dh’easbhaidh énmhná.


7 Meinic fa lán dho lucht fhuinn

teagh óil Chaisléin Í Chonuing;

tuar caoinidh mar tá an teagh-soin,

mná is aoighidh ’na uireasbhoidh.


8 Mar táid cách dá chor a suim,

faicsin Chaisléin Í Chonuing

gan fhíon gan chaidriomh gcléire,

do líon mh’aigneadh dh’aithmhéile.


9 Iomdha bean a mbeirt chumhadh

a bhfochair fhear n-ealadhan

san mhúr gheal chlachfhoirfe chorr

is fear dathoighthe a dhearnonn.


10 Múr taitneamhach na ttor bhfionn

gan ól gan imirt bhfithchioll,

gan dhaoine ré díol sgoile,

bríogh ar gcaoine a ccomhnoidhe.


11 Bruidhean bhairrgheal bhruaigh Shionna

’nar ghnáth géill gan ghéibhionna,

lór a dhuilghe mar tá an teagh

gan mná suirghe dá silleadh.


12 Ní faicthear bean bhronntha séd

san bhruidhin a mbíodh Mairghrég

d’fhuil na ríghealbha ón Fheóir fhinn;

mímheanma ’na deóidh dlighim.


13 An sgéal fíri-si fuair sinn

as é dho ísligh mh’intinn;

sgél ’na mbia cneasghoin croidhe,

cia an easbhaidh bhudh easbhoighe?


14 Mac samhla ar leóin uair oile

fuair cliar Innsi hIúghoine

bhá mhnaoí cciabh ttláthnuaidhe ttrom

a grian lámhchruaidhe Lochlonn.


15 Bean ríogh Éirionn an fhuinn ghil

inghean ríogh Lochlann loingsigh;

gnúis náir gan oba aoinfhir,

foda as cháir a commaoidhimh.


16 Ainm ríoghna na rosg málla

Úna, bláth an bhandála;

nír goireadh aoinbhean bhudh fhearr

a n-oirear aoilgheal Éireann.


17 Go ndiongnadh Úna as é an sgél,

tug móid mar Mhairghréig mBuiltér -

mar soin do réidhigheadh rinn -

toil gach éinfhileadh dh’Éirinn.


18 Nír iongnadh barr bronntha séd

ag mnaoi ré a measthor Mairghrég;

Úna - gá ttám dá thuireamh? -

lán súla na sochoidheadh.


9 Fuair bás do dheóin Dé nimhe

Úna a n-eirr a haimsire,

sgél fá lén le Cró cCobhthaigh,

gér mhó an lén do Lochlonnchaibh.


20 Bás Úna, inghine an Deirg,

do sgaoil sin glas dá ngaoidheilg,

sgola toghtha Fhuinn Énna

fá thuinn n-orchra is aithmhéala.


21 Tug éinbhean, ní beag an barr,

Úininghion airdríogh Lochlann,

d’uaisle fhréimhe Chláir Chaisil

táir d’fhéile na hÚnai-sin.


22 Meinic do bhíodh a n-am óil

iomadh tnúith do dhruim dhobróin,

dá ccor ar ccúla ón chomhroidh,

ar ndol d’Úna, ag ollomhnoibh.


23 Do-chluinthear linn go nua a-niogh -

ní doilghe cás da ccluinthior -

cumha ar bhfás i muigh Mhumhan

do sguir cás na cédchumhadh.


24 Ar chosnamh gceall nó ar chosg ttrén

dá measthaoi is Mairghrég Bhuiltér

inghion ríogh Lochlann na long,

más fhíor, as conchlann comhthrom.


25 Ar éigsibh d’éis na mban-soin

nír iongnadh caoi chomhchosmhoil,

dá orradh, más fhíor, dob fhearr

ré díol ollamh na hÉireann.


26 Iomchor dáimhe ag dáil a séd

gus ’niogh mar dho-níodh Mairghrég,

bean a n-iomachair ní fhoil

ar feadh fhionnAchaidh Fhionntoin.


27 Cumhang leó dá héis uile

cuairt fhairseang Fhóid Iúghuine,

a n-aoinchéile ón dháimh ar ndol

do mhnáibh laoichfhréimhe Lunndon.


28 Do-chíd cách ar ccluinsin sgél

nár mhaoidhthe ó Mhairghréig Bhuiltér -

fá chuing aonurchra uile -

maoldumhcha Fhuinn Iúghuine.


29 D’éigsibh ar tolchaibh tionóil

d’éis inghine Oilionóir,

fear beóchroidhe nír bhraith sinn

nár chaith eólchoire a inntinn.


30 Do-chíthior comhordha bróin

um chlár Sionna, ag sin seanmóir,

ós cionn bhruaigh linnghil Luimnigh

d’imlibh an chuain chubhuirghil.


31 Ó shreibh bhrónoigh bhrúigh Luimnigh

gu Siúir gcaointhigh ccubhuirghil,

fonn tiormghlan na ttulach nglan,

fionnmhagh ’na dubhach deóradh.


32 Ní cheilionn cúis ar mbróin-ne

nuall ard srotha seanBhóinne

na n-eas cciúin mongharach mall;

comhdhubhach Siúir is Sionann.


33 Tuar caointhe cluinsin a bhfuinn,

ealta um Chaislén Í Chonuing;

d’fhearthoin dhér m’abhra as aithghin

labhra na n-én n-anaithnidh.


34 Tearc éndhúil gan chiaigh ccumhadh,

ní léir ésga ó urrdhubhadh;

gearr n-oireamhna an ghrian do ghal,

ciall a doimheanma dearbhthar.


35 Tuigthior glas ar fhuighlibh én,

ceilidh ceó orchra an t-aiér,

fada ó thráigh torchar tuinne,

sál ní fhoghthor ionluinge.


36 Gáir thuirsi ar nach téid riaghoil

ar feadh an fhuinn Uilliamoigh

do ghabhomair fán ngáir nguil

gu banorroidh cCláir Chobhthaigh.


37 Iomdha as ttigh bhán lia loighe

do nós bhróin an bhanchuire -

laoich thoghtha ar ccluinsin a ccaoi -

nár thuirsigh orchra énlaoi.


38 D’éis Mhairghréige, as mana caoi,

dá sloinninn iad go hénmhnaoi,

ní shlonnabh do mhnáibh Mumhan

orradh cáigh do cheannsughadh.


39 Da n-éirghe fala nó fíoch

feasda nó cogadh coigcríoch,

ní feas cia do mhnáibh Mumhan

a-bháin gá mbia a bhreathnughadh.


40 D’éis Mhairghréige saoilthior sin

nach fuighthior, gé dál doiligh,

ó mhnáibh Fhóid Fheimhin uile

a móid einigh dh’ionghuire.


41 Ós ceard dom rosgoibh dáil dér

le maoith tré Mhairghréig mBuiltér,

budh ceard chosmhail dom chroidhe

searg lé hosnoidh n-ionmhoini.