firstLine"; ?>

1532. Ni heibhneas gan Chlainn Domhnaill $
Length: middling 17qq
Certainty: 4
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. Political
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
Prints:
  1. transl. Watson SV, no. xi
Motifs:
  1. envoi to Christ
  2. imagery for patrons
  3. qualities of patrons’ character
  4. generosity to poets
  5. too honourable to be satirised
  6. prowess in war
  7. poet’s own mourning
  8. oireacht, assembly
  9. tyranny
Poet Christian Names:
  1. Giolla Coluim an Fear Dana (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. Mac an Ollaimh
Patron Christian Names:
  1. sname only
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill na hAlban
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní haoibhneas gan Chlainn Domhnaill


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 11, p. 90-4]


A ughdar so Giolla Coluim Mac an Ollaimh an fear (dána)


1 Ní h-éibhneas gan Chlainn Domhnaill,

ní comhnairt bheith ’na n-éagmhais;

an chlann dob fhearr san gcruinne:

gur dhíobh gach duine céatach.


2 Clann as saoire dár dealbhadh,

i roibh eangnamh is ághas;

clann dárbh umhail na tíorain,

i roibh críonnacht is crábhadh.


3 Clann chunnail chalma chródha,

clann ba teódha i n-am troda;

clann ba mhíne i measg bantracht,

agus ba chalma i gcogadh.


4 Clann ba líonmhoire eireacht,

dob fhearr eineach is áireamh;

clann nár chathuigh ar eaglais,

clann lérbh eagail a gcáineadh.


5 Uaithne ána Alban uaine,

clann as cruaidhe ghabh bhaisteadh;

’gá roibh treas gacha tíre,

seabhaig Íle ar ghaisgeadh.


6 Clann ba mhó is ba mhire,

clann ba ghrinne is ba réidhe;

clann dob fhairsinge croidhe,

dob fhearr foidhide is féile.


7 Meic ríogh nár thuill a n-aoradh,

i roibh daonnacht is truime;

fir allta uaisle fhonnmhor,

i roibh bronntacht is buige.


8 Clann dob fhearr feidhm is faisgeadh,

clann dob fhearr gaisgeadh láimhe;

olc liom giorrad a h-íorna,

’n bhé lér sníomhadh a snáithe.


9 Níorbh iad na droichfhir bhodhra,

ná na fir lobhra laga;

ré dol i n-ionad bhuailte

fir nach cruaidhe na craga.


10 Clann gan uabhar gan éagcáir,

nár ghabh acht éadáil chogaidh;

’gar mheanmnach daoine uaisle,

is agar bhuaine bodaigh.


11 Mairg ó rugadh an fheadhain,

mairg do dheadhail ré gcaidreabh;

gan aonchlann mar Chlainn Domhnaill,

saorchlann ba chomhnairt aigneadh.


12 Gan áireamh ar a n-urdail,

gan chuntadh ar a nduaisibh;

gan chrích gan tús gan deireadh

ar eineach agá n-uaislibh.


13 I dtosach Clainne Domhnaill

do bhí foghlaim ’gá fáithneadh,

agus do bhí ’na ndeireadh

feidhm is eineach is náire.


14 Ar bhrón agus thuirse

do thréigeas tuigse is foghlaim;

gach aoinní ortha thréigeas:

ní h-éibhneas gan Chlainn Domhnaill. Ní h-éibhneas.


15 Dobadh tréan gaoth ag tíorain

fán aicme chríonna chomnairt:

gé táid i ndiu fá dhímheas,

ní h-aoibhneas gan Chlainn Domhnaill.


16 Na slóigh as fearr san gcruinne

a muirn a mire a bhfoghnamh;

ní comhnairt bheith ’na bhféagmhais:

ní h-éibhneas gan Chlainn Domhnaill.


17 Macán láimhe [...]

Dár saoradh ar gach doghrainn:

gé tá sé dhúinne díleas,

ní h-aoibhneas gan Chlainn Domhnaill. Ní h-éibhneas.