firstLine"; ?>

1533. Ni hinnmhe a-mhain mheallas rath (aceph.) $
Length: long 33qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540 (C/iv/1) 17th c. O Maolchonaire
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. qualities of patron’s character
Patron Christian Names:
  1. Cathal Og
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair d. 1634
Apologue Subclasses:
  1. book,apple, picture for son of Greek earl
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní hinmhe a-mháin mheallas rath

[RIA 540 (C/iv/1), 154v]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Ni hinmhe a-mháin meallus rath

tosach (a) threabhtha gidh úalach

ni tuirsighthe d’úaim á oir

go húair thuismighthe a thoruidh.

2 Gid edh ni fhásann uile

(an) rath tré fhrémhuibh fíadhuile

a chrúd gidh [...]tfe sonn

túr freacnaighthe go bfaghann.

3 Nír mhór da meallann a-niudh

an ithir ór fhás seision

da cnesugadh d’foilches n-áigh

lesugadh oirches d’fagáil.

4 Mur sin tig í ccenn chéime

mar shechna ar thús toibhéime

’s da bhráth ar egna iomláin

an rath d’egla an iotiomráidh.

5 An tí da dtugann a-nois

é féin mur chéile cádhais

cuiridh sé ar sioradhnad[h] ann

fioradhrad[h] Dé go ndénann.

6 Aignedh feithmhech fiuchad[h] iúil

méin griobhdha riaghlad[h] roichiúin

rún caingne coimdhe flatha

airrdhe doimhne deghratha.

7 Gníomh fuiltioch fulang docra

comhall síodh sur oirbherta

bac goimhe i ngar do chenaibh

bladh oile da airghenuibh.

8 Srethad[h] á theisd turnad[h] tnúth [155v]

cealgad[h] sén fioghrad[h] fortún

mur rífhlaith treabh gan tathamh

fer an fhirraith d’iomachar.

9 Tochlad[h] an nadúir ni dho

imach (?) as innibh na hegnas

á oirbeart níor cheil a ccert

do-gheibh oigrecht gan oigrecht.

10 Ar bféchoin fhorais n-ana

’s an rath a rinn eangnamha

do meall an inme-si d’f[h]ior

na sighne-si lem lúaidhter.

11 Do bhenas ar ttéma tnúidh

Cathal Óg oighre an fhortúin

néll flatha far íadh gach ar

í ngrían an ratha rugadh.

12 Ioth an túir on búaine barr

mac Í Choncubhair Chúalann

iúl faobrach gan dáil deraidh

áonrath cháigh a ccinneamhoin.

13 Mor ttíodhlaicthe tugadh dho

ó Iosa a rinn a ratha

ar ccumhscughad[h] fhéile n-áigh

ursborad[h] chéime an chonáigh.

14 Beith ag diall ré dáloibh neirt

caitfidh do chnámh á oirbeirt

d’iúl éccoimsi láimh do láimh

céddoirrsi gáidh do ghabhail.

15 An rath a ttós a thoraid[h]

fúair Cathol Ó Conchobhair

gan éigen ga mó menma

dhó ’na chéid[s?]eal cinneamna.

16 Ní mór do mhét a chroidhe

ar sgeinm áith na haimsire

rún aigentach lér fheith ioth

á bheith caigealtach caithfioch.

17 Do bhrégadh na hinmhe air

súaimhneochaid[h] le sé[n?] Chathoil

giodh rolúaimneach soirbh le seal

stoirm anúaibhrec[h] na n-aimser.

18 Sgél bríoghmur bhenus le rath

ar mac óg d’f[h]uil na nGrégach

a thrén a rinn a reabraidh

do légh sinn a seinleabraibh.

19 ’Na mhac íarlo dearbhthar dhamh

do bhí an t-ogán óg athlamh

gé do thúair oirbeart is ádh

ni bfúair [e?]grecht go hiomlán.

20 Fiadfraig[h]eas le foirfecht fis

da fhaidh rúin a riocht áinis

da bfuilngedh tol na tedhma

an bfuighbhedh cor cinneamhna.

21 An fáidh ar bféchain a chles [155r]

’na chliathaib[h] fis a bfoilches

do [th?]ríall á ainmhire on fhior

cíall na tairrngere tuicter.

22 Do c[h]uir á ccéill da aithle

don macaomh óg eagnaig[h]the

go bfuigheadh sé seilbhnert sen

ar eighreacht Dé do dhíden.

23 “Féch féin” ar an fáidh físigh

“a mhic dédla deghbhisigh

na trí croinn ar do chomhoir

do-chí an chuing do charabhair.”

24 “Fa bhun gach bláthcroinn ghairthe

dhúit ar ndénamh urnaig[h]the

bíaidh an rí dot fhéghain as

do-ghébhair ní nar nochtas.”

25 D’éis ghuidhe do dhénamh dho

fa chóim an ceadcroinn aco

do-gheibh leabhor go lí ghloin

ór benadh ní as ar nertoig.

26 Fa bhun an croinn oile

do-gheibh ubhall orduidhe

ar néimh ar bhúaidh is ar bhriocht

do-chúaidh da fhréimh á roinert.

27 Do-gheibh pictuir go ngné ngluin

’gun tres crann dona crannuibh

gan choir a n-uair an fhedhma

le bfúair toil an tigerna.

28 As í an pictúir Iosa [d?]ar

an t-ubhall as é an saoghal

mar rath nach bí ag deradh dho

an leabhor as í an eagna.

29 Deaghmac orrdhuirc an íarlo

Cathal Óg díon degríaghla

na croinn da ngéilledh gach goil

coing a chéimeadh ó chíanuibh.

30 Leis fríth mur an óg oile

an rath d’ubhall orrdhuidhe

a fhregra giodh senadh sen

leabhar na hegna eissean.

31 Da sdiurad[h] á ttus thoraid[h]

fúair Cathal Ó Conchobhair

pioctúr ’sa ghné ar nglanad[h]

d’iochtrún Dé do dheonughad[h].

32 Ni hinmhe a-mháin mheallus

ruithne lúith lasas duibhre

sdúaidh dhédsholus beithre búidh

cédfhorus fheitmhe an f[h]ortúin.

33 Grían shreibhe ’na sileann goil

sblanc fhire don fhreimh Rúarcuigh

lámh athlamh díothladh dearuidh

rathmar fhiochmar aithreamhoil. Fadádh...