firstLine"; ?>

1534. Ni i n-aisgidh frioth flaitheas Neill $
Length: long 42qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudoYBL 15th c.
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no. 21
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. Envoi to another patron
  3. prowess in battle
  4. caithreim, list of triumphs
  5. harrying
  6. creach, cattle-raid
  7. war with Foreigners
  8. functions of kingship
  9. Hostages
  10. agriculture
Poet Christian Names:
  1. Tuathal (TCD 1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Niall mac Toirrdhealbhaigh mhic Neill
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1439
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní i n-aisgidh fríoth flaitheas Néill


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 21]


Tuathal Ó hUiginn cct.

1 Ní i n-aisgidh fríoth flaitheas Néill

dá bhféacha a bhfuil n-a chaithréim;

clann Dálaigh is daor cheannghas;

ní ar ghaol táraidh thighearnas.


2 Tugadh dó ar dhíon an tíre

sdiuir uasal na hairdríghe;

do-chuaidh críoch ar an gcunnradh,

an chríoch thuaidh ’n-a tionnubhradh.


3 Ag gabháil na ngrádh flatha

fuair Ó Domhnaill deacracha;

an daoirmheas an uair bhus áil,

a bhfuair d’aoibhneas ní héadáil.


4 Don chríchse Conaill Gulban

go dtairnig a teasurgadh

nír leig Niall uaidh an t-acra

do mhian shuain ná shocrachta.


5 Ní locfadh laithe geamhraidh

éirghe a-mach mac Thoirdhealbhaigh

le fraoch sneachta dar fhás ann

gémadh cás d’ealta a fhulang.


6 Fuireach laoi is leasg le a chroidhe

re hullmhughadh a eachroidhe;

is dian a iodhlann fhoghla

Niall cidh ionmhall urlabhra.


7 Anaid leoghain leasa Cuinn

i n-éagmhais ceineoil Chonuill

ó do bhí ithir ga har

gur mhithidh hí ’n-a harbhar.


8 Ní leigionn dóibh dhul ar gcúl

go maolann maise a chotún

’s go leagh snáth gacha suainimh

ag cách re headh n-eanshluaighidh.


9 Each faoi re fad a shluaghaidh

go dtráigh dá tuinn anuabhair

ní fa nach infheadhma an t-each

’s ní bhí a tighearna tuirseach.


10 Creacha an fhir dá n-áirmhe mé

’s a éachta d’éis a chéile

ag uaim an tíre do thil

míle ní uair i n-aisgidh.


11 Creach budh nár do mhac meic Néill

ní fhuil re cur ’n-a aghaidh;

ní nár mar do-ní éachta

ó tám ar tí a dtaiséanta.


12 Beiris Niall le neart a lámh

creacha troma ó chloinn Cathán;

má thug lá airgne ón Aireacht

ar cairde a-tá a thóraidheacht


13 D’aindeoin chloinne Con Uladh

le a chathaibh gan chuartughadh

ní raibhe ag cloinn [Cana] loch

ní rabha coill ná criathrach.


14 Cuairt na n[. . .] an tráth thug

do fágbhadh fleadh na Nodlug;

Ó Néill mar do chuir dá cionn

do shuidh féin ag a fuighioll.


15 Ó Néill Oiligh i n-Ultaibh

leis ar éigin ionnarbthair

i ngné cumainn gur iarr air

a riar ar urrainn d’Ultaibh.


16 Dá thríochait chéad do chionn sguir

do thabairt dó don dúthaigh

cidh dá fheolfhuil féin an fear

do fhréimh Eoghain dob éigean.


17 Trí creacha nach fríoth ar faill

ón Rúta rug Ó Domhnaill;

’s ní buain na gcreachsoin dó díbh

as mhó an easbhoidh ón airdrígh.


18 Mac Uibhilin - is é a shuim -

[do-ug] gleo i gceineol Conuill;

ní leis féin thug an tochar

rug Ó Néill dá neartochadh.


19 Oidhre Toirrdhealbhaigh mar thug

maidhm ar an gcrobhaing carad

nír leig halla criadh ná cloch

siar go Banna ar n-a bhárach.


20 An Choill Mhór do lingeadh lais,

do creachadh Carraig Fhearghais;

do bhoing síodh d’Ú Fhloinn Line

’s do bhoing díol a dheithbhire.


21 Gur dhealbh seabhac Sruibhe Broin

tor re hucht Átha Seanaigh,

lámh isan obair gun fhior

ar lár chogaidh dá chóigeadh.


22 Gleo ’n-ár mhór a éadáil each

fuair air ó uaislibh Cairbreach;

gleo eile ’n-ar chuir chosgar

ar Muigh Eine fhuarosdar.


23 Sluaigheadh nó a dó diombáidh linn

do-chuaidh i gcúigeadh n-Oilill;

do mhín ná d’oirshliabh ní fhuil

tír go Coirrshliabh nar chuartaigh.


24 Tóraidheacht nach tuirfe mé

fuaradar i gcríoch Chairbre;

nír leig téarnádh dhóibh tar Duibh

gur fhóir éanlámh ar Ultuibh.


25 Turas eile go hAolmhach

do-chuaidh - fa céim robhaoghlach;

nír thearc giall i n-a ghlasaibh

Niall ag teacht ón turassain.


26 A chuairt laoi go Baile Í Bhruin

a shéala ann do fhágaibh;

ag teacht ón Iobhraidh don fhior

tearc a fiodhbhaidh ’s a foirg(h)niomh


27 Minic thug - nír thuras gar -

um Lughmhagh um Dhún Dealgan,

a lán do dhoireadhaibh diagh

lámh re hoirearaibh Oirghiall.


28 Téid lá do losgadh Midhe

dá rug air an ainbhfine;

a slógh acht gé fríoth ar faill

nír mhór a ndíoth d’Ú Dhomhnaill.


29 Gur iadhsad gan fhios uime

díorma do lucht Lunnuinne

más fhíor nochan fhacaidh soin

bratoigh an ríogh dá rochtain.


30 Táinig mar budh tonn anfaidh

’n-a gcoinne re Conallchaibh;

Niall re n-ucht ó dob ullmha

nír iarr a lucht leanamhna.


31 Goill Midhe is muinntear an ríogh

ó nach fuair cath fa a gcoimhlíon

tug Ó Domhnaill ucht orra;

nír lucht comhlainn chudroma.


32 Lais do ardaigh san iorghail

tonn meanma mhic Thoirrdhealbhaigh

cneas an Néill Gairbhsin do ghuin

ag léim thairsigh an tochuir.


33 Do bhádar Gaoidhil is Goill

re treimhse i gcomhthrom chomhloinn

re mhaoidheamh gur mhuidh an maidhm

aoinfhear ar a fhail fhearainn.


34 Ní tugadh gur thuitsead Goill

brágha do dheoin Í Dhomhnoill

acht i n-ár gun fhóir Gaoidheal

do ghrádh óir ná hiolmhaoineadh.


35 Ruaig eile dá éise soin

brisis mac Gráinne ar Ghalloibh;

d’éis athchatha neartmhair Néill

leagthair cathracha is caisléin.


36 Goill Átha Cliath - cian bhus bladh -

tig tráth eile i nDún Dealgan

an cath an uair do fhógair

a-mach uaidh ro éalódair.


37 Gach ar airg d’fhearaibh Manach,

’s a lán d’easbhaidh Eoghanach,

breith bó na mBréifneach a-bhus,

mó ná éinchreach do fhágbhas.


38 Re a n-iomad ní fhéad mise

gníomha an airdríogh d’innise;

dá mbé ag duine a dhíol feasa

ní shíol uile a áitheasa.


39 Gidh bé sluaigheadh nó siubhal

re gcuirfinn dá chuimhniughadh

a thaisgidh ní tualaing mé

ar ghualainn aisdir eile.


40 Fear na ngníomh is guth leam

do chomhroinn Inse hÉireann

ó nar thoill toibhéim oile

acht roinn oiléin Úghoine. Ni.


41 Ní shanntaigh Fionnghuala fós

- ní i n-aisgidh fhuair an céadnós -

a chruinneaghadh dá cloinnse

duilleabhar an domhainse.


42 Ar ndíoth eallaigh Inse Gréag

ní háil le mac Mairgréag

an cuach cumhdaigh gan dáil di,

’s ní háil urdail an fháinne. Ní.