Poem in printable PDF format
Ní maith
altuighim m’anáir
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 46]
Fearghal Óg Mac
an Bhaird .cc.
1 Ní maith
altuighim m’anáir
tríd nar
bh’oircheas m’iongabháil;
ní altuighim a
n-uair mé
ó ghartfhoirinn
bhruaigh Bhóinne.
2 Feadhmannaigh
dhó an uile fhear;
mo dhuasa ó
mhacaibh Míleadh
triath na dtriath
dhamh-sa do dháil;
is liach gan
annsa d’admháil.
3 Fa-ríor níor
altuigh sinn-ne
le hanuabhar
intinne
ar chreid
damhradh Dúine Breagh
dúin-ne agus
adhbhar oideadh.
4 Níor altuigheas
- olc an sduaim -
m’ísliughadh
innte an athuair
Fódla linnte na
learg sean
ná mo cheard
innte d’oirneadh.
5 Ar n-ionnarbadh
ó iath Ír
níor altuigheas
rem Airdrígh,
mo thriall go
Labháin tar linn,
dom anáir thiar
ar dtoirling.
6 Ní hionann inn
is I-óib;
an fortún fuair
ón Tríonóid
do altaigh ris an
té ’s triar;
do sgé antail na
n-ainmhian.
7 Clann
oirrdhearc, táinte agus tír
fríoth le hI-óib
ón Airdrígh
’s groighe is
tréada is cuirn corcra
cuirm is séada
saoghalta.
8 Níor chuir
toice i n-uabhar é
I-óib dil -
díochra an fínné;
níor ghrádhuigh
sé an saoghal bocht;
do naomhadh é as
a umhlocht.
9 Do smuain Íosa
dá éis soin
fulung a óglaoich
d’fhéachoin;
an uile ní badh
ní lais
do bhí uile ’n-a
éagmhais.
10 Do ráidh I-óib
“ó thoil Dé
Dia thug Dia rug
a-ríse”;
do-chuala a
chloinn láimh do láimh
ad-chuala coill a
chonáigh.
11 An tuile
easláinte air
do chuir Airdrí
fhear ndomhain;
do fhéag ar
n-uair a fhulung
bréag ní fhuair
’n-a urughull.
12 “Beirim a
bhuidhe rem ching”
do ráidh I-óib
tre uirrim
“ró cráidh do
chara ar mo chorp
ba mana gráidh mo
ghuasocht.”
13 Do bhíodh do
dhalta an Dúilimh
gur chneasuigh a
chréachtchrúinimh
ag súr déirce ó
bhrugh do bhrugh
a shéitche ar cúl
na comhladh.
14 Do
haltuigheadh re Dia ndil
’s ris an óigh
mhilis mhuirnigh
tabhairt coda
déirce dhí
nó a shéitche
d’oba impe.
15 Níor chaoin
I-óib a othra
féin go fagháil
cobhartha
’s do-níodh caoi
i gcróluighe a chneadh
ar aoi clóghuine
an Choimdheadh.
16 Níor chaoin a
ghalar goirt gnáth,
’s níor chaoin a
chlann ná a chonách
gér chaoi croidhe
caoi I-óib
ar aoi thoile don
Tríonóid.
17 Fríoth aisiog
na sláinte iar sin,
fríoth tír is
clann ón Choimdhidh,
fríoth a shealbh
mar thuile ag tocht,
mar do dhearbh
uile a annsocht.
18 Do ráidh mar
do ráidh reimhe
go búidh umhal
ainglidhe:
“an tí rug re ré
ar ndeacra
is é thug na
toirbhearta.”
19 Níor mhóide a
bhrón a bharr croidh
’s níor mhóide a
mheanma a fhagháil
a tháinte is a
threoid troma,
a shláinte, a
sheoid shaoghalta.
20 Ón uair-sin go
héag idir
mar éaruic ’n-a
fhoighidin
fuair sé an
talamh ar a thal
’s gidh é toradh
na talmhan.
21 Fós mar éaruic
’n-a fhulung
an ghlóir
naomhtha neamhchumhung
fuair ó thriath
an tighe thuas;
fa sgiath dá
chridhe a choguas.
22 Ní altuighim
mar I-óib
boichte ná toice,
a Thríonóid;
uch, nach déinim
a ndearna
go dtéighinn rem
Thighearna.
23 Mar I-óib do
b’fhoirbhthe cuing
gá fios nach
d’fhéachain m’fhuluing
fríoth an
saidhbhreas muin ar mhuin
is fríoth
daidhbhreas ’n-a dheaghuidh.
24 Eadamar is dom
fhéagain
do gadadh dom
ghaoilghéagaibh
na Conuill badh
díonbhun damh;
do díoghladh
oruinn m’uabhar.
25 Eadamar is dom
fhéasgain
mo bhuar mo
ghroigh gnímhéasgaidh
rugais a Dhé uile
uam
níor bh’é an
duille nar dhiombuan.
26 Eadamar is dom
fhéagain
do beanadh mo
bhruittéagair,
mo dhán is mo
dhúthaigh dhíom;
cúthail mo dhál
ón dimbríogh.
27 Go
n-altuighear a rí ribh
bheith gan bhuar
bheith gan mhuinntir,
’s a brígh do
bhreith óm meanma,
’s bheith gan tír
gan tighearna.
28 Go
n-altuighear, a rí, ribh;
a-tá i gcúirtibh
clann Mílidh
fál allmhurach
druim ar dhruim
im chlár
gcamdharach gCriomhthainn.
29 Go
n-altuighear, a rí, ribh
mé gan fiú an
bhaird do bhuidhin
i Labháin fa cheo
cumhadh;
ní beo anáir
m’ealadhan.
30 Ionann is
altuighthe dhamh
cách dom dhíol nó
dom dhiúltadh,
nó bheith ós
chách ceann i gceann,
nó bheith fa
chách go coitcheann.
31 Ionann is
altuighthe dhamh
bheith fa
dhiombuaidh san domhan
nó bheith fa
bhuaidh nó bheith slán
nó bheith ar
n-uair go heaslán.
32 Ionann is
altuighthe dhamh
mo bheith rem beo
i mbeirt mhoghadh
nó beirt ríogh do
chur fam chneas
badh díon damh ar
mo dhímheas.
33 Ionann is
altuighthe dhúinn
bheith go maidin
ar mhaothchlúimh
nó bheith i
lionnmhuir gan luing
nó bheith i
n-iomdhaidh iaruinn.
34 Ionann is
altuighthe dhúin
bheith im luighe
ar lár m’fhortúin
nó siobhal
sneachta ar sliabh lom
nach biadh ag
ealta a fhulong.
35 Ionann is
altuighthe dhúin
luighe idir mo
lucht míorúin
nó luighe idir mo
lucht gráidh
dom churp croidhe
gach chompáin.
36 Ní fáth
faoilte, ní fáth bróin
clann oirrdhearc,
earradh deargóir,
nó bheith gan
choim idir chách,
nó bheith gan
chloinn gan chonách.
37 Ní fáth
faoilte, ní fáth bróin
cúirt áluinn
iomad comhóil
nó iomad tarta is
teach lom,
nó neach gan acra
d’fhearann.
38 Cré gach
colann san chruinne;
breith nó oighidh
éanduine
ní fáth faoilte
ní fáth bróin;
ní caointe cách i
gcéadóir.
39 Dá ndídean do
dhoirt a fhuil;
níor chaointe do
chloinn Ádhaimh
rí ’n-a dheoidh
ná rí reimhe
le a dheoin acht
rí an ríthighe.
40 An rí tá is
bhias is do bhaoi
is tríd ba
dhéanta déarchaoi;
ceo gach triath
acht triath na ndúl,
beo mo thriath ar
n-a théarnúdh.
41 Mairg nach
caoinfeadh an chruinne;
a bhás ní bás
éanduine
do b’é uile an
uile fhear;
ní duine an té
nach tuigfeadh.
42 Mairg nach
caoinfeadh iad uile
tráigh, tír,
coillte claonbhuidhe,
éisg na mara is
neamh na néall,
’s an lear uile
is an t-ai-éar.
43 Do gonadh an
ghrian ’s an ré
is buidhne an
bheatha sheinché
lá fuile an
tairnge do theacht
’s na haingle
uile i n-éinfheacht.
44 Ann sin do
saobhadh síona,
do bhéicsead na
bleidhmhíola,
agus an fhairrge
re headh
is na cairrge dá
chaoineadh.
45 Do chaoinsead
saor a gceangail
na huisge is na
hairdreannaigh,
is eoin lúdhmhara
deoidh i ndeoidh,
is neoil úrghlana
an ai-eoir.
46 Níor dhiongna
a dhúile féine
do chaoineadh a
gcoigcéile;
do-róine gach ní
fa nimh
rí na glóire rí
an ríchidh.
47 Ní fhuil thuas
ar neamh na néall
dúil acht ar
dhealbh an fíréan;
dúil mar soin
acht dúil do chum
fúinn nochan
fhuil i nIofrunn.
48 Ó
fhlaitheamhnas Dé budh-dhein
síos go híochtar
an aigéin
ní fhuil dúil
acht dúil do chum
do mhuir ná d’úir
ná d’fhochann.
49 Ón bhreac
bheag gus an míol mór
tighearna na dtrí
bpríomhshlógh
don duine do
dhealbh gach dúil;
ar sealbh uile do
b’iontnúidh.
50 Uaidh
fhuaramar neamh na néall,
’s an bioth uile
is an t-aigéan,
uaidh fhuaramar
an t-anam,
uaidh fhuaramar
uraghall.
51 Rí gach dhúine
téid ’n-a theagh;
uaidh fhuaramar
an t-aingeal
ar leathláimh
gach duine dhíonn;
neamhcháir don
duine a dhimbríogh.
52 Uaidh
fhuaramar - foirbhthe an tsearc -
a dhealbh féin -
gá fearr toirbheart;
uaidh...... inn
féin
do rala sinn ar
saoibhchéill.
53 Gér ghabh sin
caomhchorp dar gcionn
naomhthacht ar
nach fuil foircheann
dar [sdiúir] gus
an bhflaith bhfíre
ré iúil na sé
seinlíne.
54
...................................
.......................................
do thoirling san
óigh iodhain
coimhling dan
cóir creidiomhain.
55 Do b’fhiú an
toircheas tharla dhí
ar sgaoileadh
cáigh ó chéile
gur tháthuigh an
uile fhear
Muire an mháthair
’s an mhaighdean.
56 Ógh iodhan dar
bh’ainm Muire,
máthair an Mheic
shíordhuidhe,
do b’é rí na
soillse sin,
do bhí ’n-a
broinn-se ó bréithir.
57 Talamh í as
airde ná neamh
bainríoghan
máthair maighdean
mionn órdha
fhuile hEabha
Muire óghdha
fhíréanna.
58 Tríd do
fhágbhas Inis Bhreagh
[m’onóir do
dhiúlt maic] Míleadh
[flaith d’Íbh
Airt agus Oilill
ní maith ní huilc
altoighim].
59 Teach na n-ógh
is na n-easbal,
teach daoineach
an Dúileamhan,
easbal as tréan
an tighe
Peadar fréamh na
fírinne. Ní