firstLine"; ?>

154. A-nos bhreagnoighthear Bricne $
Length: long 43qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597 with additions
Prints:
  1. transl. Bk O’Hara no. xxix
Motifs:
  1. withering landscape on death of ruler
  2. contrast btn former joys & present grief
  3. general grief for patron
  4. poet’s own mourning
  5. allusion to Ruaraiocht
  6. Brughaidh (hospitaller, farmer)
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (O’Hara MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Seaan Buidhe mac Eoghain
Patron Surnames:
  1. O hEadhra
Apologue Subclasses:
  1. Cath Muighe Mucraimhe
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A-nos bhréagnoighthear Bricne


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 29]


Tadhg Dall Ó hUiginn do Sheaán Bhuidhe mhac Eoghoin Í Eadhra


1 Anos bhréagnoighthear Bricne,

síol gCuirc na gcolg n-innilte;

an dream dhar [comhfhaire] Corc

do mheall comhnoidhe Connachd.


2 Comhnoidhe chríche Meidhbhe

gan dol éisde ar imirghe

do chan Bricne gidh bé leis;

ní hé gur thigthe thaireis.


3 Do Thadhg mhac Céin na dtreas dte

olc do-chuaidh ar chan Bricne,

an buachoil do bhaoi ar Mhumhain

fa Chruachoin Aoi ar n-anamhoin.


4 [Do ansad fa] chlannoibh Cuinn

sliocht Céin mheic Oilill Óluim,

an duine a ndiaigh ar-oile,

ó ghliaidh Mhuighe Muchroimhe.


5 [Anoise bhus] aithreach dháibh,

na slóigh ó Chorcoigh cladhbháin,

bha shíol gCuinn fhionnMhuighe hAoi

do dhruim fhionghuile énlaoi.


6 Beag dteasda gaoil dá ghoire

tre shíol gCuinn Chláir Iughoine

’s mar tharrla do chaomhchoill Chéin

na saorchroind abhla ó éinfhréimh.


7 [Moch] do thairg airdrí Áine

dol ós cionn gach combáidhe

re fréimh [ghléighealdha ghloin Chuinn]

doimh na réidhealbha ó Fréamhainn.


8 Rug Oilill an fhuilt sgathoigh

Sadhbh inghean Chuinn Chéadchathoigh

nír fhéad [........ ]mis mór

an céadadhbhur..... .


9 Rug Sadhbh [shámh] ó Mhuidh Mháidhe

- maith an cédthús combáidhe -

ocht maca do hsaorchloinn hséimh,

’s ocht slata ó aonchroind iadséin


10 Ó hsoin allé ’n-a gcloinn Chuinn

a-táid sliocht Oilill Óluim

gég don fpailm ghobhlánaigh ghil

ó Shaidhbh hsoghrádhuigh [hsoilbhir]


11 [Ar] Art mhac Cuinn na gcorn bhfiar

fógrais Mac Con mac Maicniadh,

sgath na ríoghraidhi [roimhe],

cath míonmhuidhe Muchroimhe.


12 [Ocht meic] Saidhbhe - ’s as sé a shuim -

tiaghoid cland Oilill Óluim

san ghleic acht [gan] dhainimh dol

a n-aighidh mheic a máthar.


13 [Do thuit] timchiol Airt Aoinfhir

seacht meic Oilill fhorbhfaoilidh

le Lughaidh a ló in chatha;

nír phudhair dhó a dheacracha.


14 [Ní dheachadar] ’n-a dhiaigh sin

clanna Cuinn ná Airt Aoinfhir

fan gcrích dtoinnghil bhféaraigh bhfinn

gan fhéaghain d’oighribh Oilill.


15 [Ann sin] do chosoin Cormac

ar neimh arm dhá othorlot -

sgél innreactha - a gcath Chrionna

sgath fhinnshleachta Oiliolla.


16 Tadhg mhac Céin an chrotha naoi

tug seacht gcatha dh’fheidhm énlaoi,

féinnidh Sionna leo ar n-a lot,

a ngleo Chrionda fa Chormac.


17 [........... ] as nach raibhe

cath Crionna cath Muchroimhe

laoich na mbrudh slaitshleamhain slim

[nach an] d’aicmeadhaibh Oilill.


18 [Ar dteachta do] mhuigh Mhumhan

do bhí an aicme ag átughadh,

na curuidh as clann do Chian,

in rann do Mhumhain Mhaicniadh.


19 [Do-chua]dar clanna Céin

- móide as iontaobha iaidséin

torruchtain do thír a sean -

Connachtaigh díbh ar ndéineamh.


20 [Gidh] nach ionand aicme Chuinn

........................... Oilill Óluim

ar ghaol ar chombáidh chogoidh

’s gach taom forráin fuarodair.


21 [................ ] uirrdheirc eile

ag síol Oilill d’áiridhe,

slógh Uisnigh an fhuind sgathoigh

[....... ] Chuinn Chédchathoigh.


22 [...... ] éinfheacht ar foghoil

re ordnadh chlann gConchobhuir

na trí Luighne a moidh Mheadhbha

buighne................


23............ re hucht a gcean

drong mhór do Ghalloibh Gaoidhiol

an tóir ar tteagmháil orra,

[ní dóidh] eadráin eatorra.


24 [....................................]

gér lia an laochroidh allmharrdha

re síol gCuinn re clandoibh Céin

ar Ghalloibh nar thuill toibhéim.


25 [.......... sé féin] Ó hEadhra

.......................................

do-rinde sé geall ’n-a ghoin

ní fearr an té le dtorchoir.


26 [........ ] laithibh comhloinn

ag iomchur an anbhforloind;

mór do bhuing dhíonn dar ndaoinibh

síol gCuind ós dá chomhmaoidhibh.


27........... as doidhíola dháibh

seacht meic Oiliolla dh’fhágbháil

ar gclódh dhá n-eangnamh uile

ar seanMhagh mór Muchroimhe.


23................ riamh roimhe

foraois Droma Damhghoire

nó an lá a Moigh chaillréidh Chrionda

le fuil airmghéir Oiliolla.


29 [..... aidh] siad ó so a-mach

bás chodhnoigh chloinne Lughdhach

slat doishníomha acht ar díol dámh;

ní gníomh soidhíola Sea-án.


30 [Nachar.. lleadar] clann Chéin

re síol gCuirc na gcolg soilléir

do fholuigh ég Í Eadhra;

omhain tréad gan tighearna.


31 [... ein dhúinn] bhudh doilghe

fuarudh ar sluagh seanLuighne

ég uile dh’ég an aoinfhir

[oile] dh’ég ní hionmhaoidhimh.


32 [Doiligh leam] ar n-ég éinfhir

roighni sleachta seinÉimhir

a seacht dtroighibh don talamh,

beart doilidh re a deonaghadh.


33 [Athtuirse] bhan is bhrughadh

fáth eolchoire ollamhan

bás Í ríghEadhra ó Ráth Breadh,

budh fáth mímheanma Míleadh.


34 Lán do laochoibh lán do sgoil

do bhí Luighni an lá torchoir

críoch tonnbhán..............

lomnán d’ól is d’aonoighibh.


35 Gan ghníomh greadh gan ghorudh reann,

gan cheol gan imeirt fhithcheall,

beag do saoiliodh síol Sadhbha

gan díol d’aoinfhear ealadhna.


36 Tiad a ngníomhartha goili

leis ón uaidnibh iorghoile;

téid leis Ó n-Eadhra d’oighidh

a méid mheanma ó a macroidhibh.


37 An díobh féin a bhfacaidh sinn

do hsochroide um shíol Oilill,

nó an díbh na mná nó an mhacruidh

do-chínn lá ’n-a longphortoibh!


38. Beag as aithnidh dh’fhearoibh Fáil

dá mbíodh a mbruighin tSea-áin

acht cath saorLuighne síl gCéin

gér líon aonbhruighne iadséin.


39 A Luighnibh na learg síthe

do bhíodh cóir gach coigcríche;

do thaibhgheadar ar chách a gcor

gnáth an t-airleagadh d’fhaomhadh.


40 Na breatha do-bheirdis sin

gasraidh Luighne lá éigin

orra a-rís as-dteagh tugadh;

ceadh acht fís a bhfacodar?


41 Tugsad cách cúl do threabhadh

ó chnuas na bhfiodh bhfailtleabhar,

tír na bhfinntreabh dtéiglidh dte,

’s ó éignibh linntiodh Luighne.


42 Rug leis an lá do imthigh

iasg an tráchta tirimghil

bláth na gcleath ngoirthe....

do mheath foithne ’n-a [bhfarradh].


43 Gan ioth ag teacht a talamh

gan theas gréine ag gabhlaghadh

[meabhsain] sriobh d’aithle Í Eadhra

gan tairthe a bhfiodh fíneamhna.