firstLine"; ?>

1540. Ni maith siubhal san Domhnach $
Length: short 11qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th ult
  2. 16th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. miscellaneous
  2. didactic or
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
Prints:
  1. transl. Watson SV, no. xxxiii
Motifs:
  1. moral qualities of women
  2. cooperation with ‘Foreigners’
  3. Christ’s Crucifixion
  4. Fasting
  5. plight of true faith
  6. Sunday observance
  7. agriculture/food
  8. craftsmen (fulling)
  9. childhood/education
  10. female occupations
Poet Christian Names:
  1. Feidhlim (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. MacDubhghaill
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní math siubhal san Domhnach


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 33, p. 240-2]


A ughdar so Feidhlim Mac Dubhghaill


1 Ní math siubhal san Domhnach,

gé bé chongbhas an t-saoire;

ní math míochlú do cheannach,

ní math feamach mná baoithe.


2 Ní math sgríobhadh gan fhoghlaim,

ní math comhroinn go gortach;

ní math iarla gan bhéarla,

ní math méara ’na bhodach.


3 Ní math easbog gan bhairrín,

ní math anaoibh ar sheanóir;

ní math sagart ar leathshúil,

ní math pearsún go dearóil.


4 Ní math longphort gan imirt,

ní math inilt go roileasg;

ní math éarlamh gan tearmann,

ní math teampall gan roileag.


5 Ní math bean gan bheith náireach,

ní maith cláirseach gan téada;

ní maith cogadh gan chalmacht,

ní math gallphort gan mhéara.


6 Ní math maighdean go cainnteach,

ní math daidbhreas fhir oinigh;

ní math caisléan gan mheadhar,

ní math dearmad chon toighe.


7 Ní math gan urraim d’athair,

ní math labhairt na meisge;

ní math sgeana gan fhaobhar,

ní math claonadh na breithe.


8 Níor mhath cairdeas na nÍobhal

dod Mhac, a ríoghan rathmhor;

gé do fhóir sé síol Adhaimh,

níor mhath dháibh-sean a chrochadh.


9 Ní math léightheoir gan tuigse,

ní math duine gan chara;

ní math file gan adhbhar,

ní math aolchloch gan talla.


10 Ní math éadach gan úcadh,

ní math súgradh gan gháire;

ní math míghníomh do mhóradh,

ní math pósadh gan fháinne.


11 Ní math coróin gan bhearradh,

ní math treabhadh san oidhche;

ní math éigeas gan chádhas,

ní math crábhadh gan aoine. Ní math.