Poem in printable PDF format
Ní mé bhur
n-aithne, a aos gráidh
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 32]
Eochaidh Ó
hEóghusa .cc.
1 Ní mé bhur
n-aithne, a aos gráidh,
ná sginnidh re
sgáth seachráin:
fuar dár seisi im
ionad ionn,
spiorad mheisi
nach maireann.
2 An dóigh libh,
a lucht m’fhéghtha,
nach taidhbhsi a
ttruaill aiértha,
nó spiorad anma
fhallsa,
tarla im ionad
agamsa?
3 A aithne as
éidir dhamhsa,
sibh gan fhíacha
oramsa:
dá mbeth cás fám
ég oruibh
mo bhás créd nach
cualabhair?
4 Truagh sin, a
dhaoine dona,
do cláochlódh
bhur ccédfadha;
as eadh tharla am
ainmsi ann,
taidhbhsi anma
gan anam.
5 Ní misi an
duine as dóich libh,
adhradh dhamh as
díth creidimh:
taidhbhsi buile
gan aird inn,
a Mhuire! as
mairg do mhillfinn.
6 Dá bféchtha fir
na cruinne,
annamh fuair dúil
daonaidhe
dá ré ar an
saoghal acht sinn -
do náomhadh mé má
mhairim.
7 Gidh bé adéradh
nach deachadh,
ní fhuil ann acht
aimseachadh:
ní tráth damhsa a
rádha rom,
cára almsa rem
anam.
8 Creidim féin go
bfuaras bás,
cumhain liom an
lá theasdás,
ar son an mhéda
mharas,
ag cor mh’éga a
n-amharas.
9 Ni hanbhuain,
ni hiomlat mbáis,
rom mharbhsa,
acht meisci shóláis:
ní sgís meanma -
ga mó broid? -
ní ró teadhma ná
treabhloid.
10 Más dúil do
dhúilibh nimhe
tug lé taibhreadh
n-ainglidhi
goid mh’anma gan
iodhna báis,
iongna damhna mo
dhóláis.
11 A radharc ó
ránuig sinn,
uch, a Chríost,
créd fá mairfinn? -
dúil do mharbh an
uile fhear,
as duine marbh
nach muirbhfeadh.
12 Ní tonn
líonmhar leanna duibh,
ní neamhgrádh
neith ar talmhain,
ní hannsa duine -
ga dás?
rom dhallsa uile
acht uathbhás.
13 Ar n-éirghe as
an riocht reimhe
creididh sinn go
simplidhe:
do mharbh sé don
uamhain inn -
do-chualaidh mé
go mairim.
14 A hégosg ní
fhidir mé,
ní fhéd súil
silleadh uirrthi:
a hamharc gin gur
fhéd sinn,
a radharc do fhég
mh’intinn.
15 Ó’s síabhradh
meallta meisi,
gan súil éirghe
ón ainccisi,
nár fhaice súil
éinfhir í,
an dúil chéillidh
ad-chluintí.
16 Ar
ttaithbheóadh suil tí dhi,
Dia dár n-anacal
uirrthi:
ní tharla cás
roimhe rinn,
an bás oile ’nar
n-oirchill.
17 Cíall mh’anma
an uair do mharas,
tearc eólach ’na
amharas:
sadh gá mbí ciall
agus cruth
iar agus í gan
fholach.