firstLine"; ?>

1544. Ni mhair sean do gnath $
Length: short 9qq
Certainty: 0
Classes:
  1. love poetry
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. text DG no. 79
Motifs:
  1. Pains of love
  2. Proverbs
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní mhair séan do ghnáth


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 79]


1 [Ní mhair séan do] ghnáth,

do dhearbh a lán é,

amhlaidh sin nách cóir

teann as glóir dá méid.


2 [Gnáth gach deasgadh] searbh;

tarla a dhearbh liom,

gach flaitheas dá mhéid

go dtéid bun-as-cionn.


3 [Mór mo ghua]is i-niu,

fada ón riocht i-né;

a shaoghail na lúb

is tusa tú féin.


4 [Dá] bhféachthaoi fó seach

cách ó bheag go mór,

ní fhuil bocht fón ghréin

do dhlighfeadh déirc róm.


5 Dá ndeachainn dá mheas,

beag nách leamh mar tám;

go deó mairfe sinn

im dhuine thinn shlán.


6 An bhean so rom-chráidh,

ní mé a-mháin do mheall;

cóir a iomchar lé,

do bhí sé ’nar gceann.


7 A bhfuil teas is tuaidh,

ní críonna uaim súd,

mar táid tríthi ag searg

nách tearna dealg dhún.


8 Ní fhuil feidhm bheith ria,

olc an chiall a cor;

ionann mharbhas sí

an rí is an bocht.


9 Im riocht féin a-rís

ní bhiam go dtí an bráth;

beag nách leamh mo sgéal;

ní mhair séan do ghnáth!