Poem in printable PDF format
Ní mhaireann
d’Éirinn acht Aodh
[RIA 540
(C/iv/1), 157v]
Muiris
mac Torno Áoi [=
Uí] Maoil Conaire
cecinit
[Deibhidhe, Dán
Díreach]
1 Ni
mhairionn
d’Eirinn
acht Aodh
da
bféchtar í ar gach
aontaobh
a
lethchuing eile ni fhuil
do
mherchloinn thighe
Tuathuil
2 Seanfhlaith
eile na hEirenn
’ga
mbíodh cuinme a ccédchéimionn
terc
áon gan dhio[gh]bhadh don druing
acht Aodh fíorbhun
ar bfuloing.
3 A los
gac áir dar
éirigh
do
ghasraidh fhóid fhinnEibhir
d’iarsma Ghaoideal
na ngleo ttiugh
ni
beó áoinfher mar eision.
4 Adhbhor
cumsguighthe croidhe
ni
bfuil d’áos a choimhrighe
a
n-inis Fáil ge saobh sin
acht Áodh a-mháin
’na bheat[h]aidh.
5 Ni mhair
sinnsior sasuighthe
sgol
a
ccoiged[h] armrúadh
Ulad
a
ttréithe as neamhghlóir a-niugh
senróimh fhéile na bfiliudh.
6 A ccrich Mhidhe
na múr sen
ni
fhuil acht áit a sinnser
clár
fóidsen fa sáordha seal
na a
ccoigeadh laochdha Laighen.
7 Duine beo dha
senoibh sin
a-nois san Mumhoin mhaighrigh
d’fíonfhuil Eibhir fhinn ni fhuil
tréinfhir nár thuill [leg. fhill?] ó íorghuil.
8 Mairidh thrá í
ccrích Chondocht
Dia
da dhíon da bhúachullocht
brath
naomh cathadhbha Codhail
Áodh
catharrdha Ó Conchubhair.
9 An drithle bheó
nar báithedh
fer a
héigen d’iomshnátheadh
úa
Cathail cáoimhdhile ceall
sáoirbhile achaidh Éirenn.
10
Coimius ni
hurus
d’áoinfher
d’ógoibh shleachta senGháoidheal
le
beithir cháirn na gcleas n-áigh
ar
mhes ar ainm ar
anáir.
11 Ar mhéin
mhorrdha ar toirbhert ttrom
ni
fhuil áoinfer ’na
chonchlonn
ar
gháois ar réidhe [’s] ar reacht
ar
áois ar fhéile ar oirbhert.
12 Diultadh da
ndlighthibh senda
nár
don uaisle Eirennda
do
chuir ní da hanáir as
gan
gabháil di le dúalas.
13 Tarla d’óguibh
indsi Bregh [158r]
a-nois iar n-ég a n-aitreadh
na
slata on tsenBhóin tsrothaidh
nemhghlóir acu a n-ealathain.
14 Do toirnedh a
méid mhenma
le
claoclódh na cinneamhna
a-ta
an úair-si ag cur ’na ccenn
á
mair d’úaisli na hEirenn.
15 Ni fhaghoim
dóith [leg. -gh?] a nduine
d’óguibh innsi
Láoghuire
mé ón
fhíalfhuil gach
láoi ar leith
fa
dhláoi díamhair a ndichleith.
16 Re
linn na bfileadh
bfoirbhthe
lucht sgáoilte
chesd ccrúaidhdhoirche
ni
bfuigheadh sinn nar
samhoil
moladh chinn ó
cConcubhoir.
17 Giodh bé
mur táim giodh
trúagh sin
iar
n-éirge áir da n-éigsibh
as
terc ag caithreibh Chathail
m’aithghin re[sin] (h)ealathain.
18 Ceart
mh’aithredh da bfaghoinn féin
do-dhiongnoinn
sencas soiléir
mur as dúal ó
dhúthchas damh
do
shlúagh cúlchas na Crúachan.
19 Do réir
mur tá a leabhroibh
linn
do-bhéroinn dóibh
mur dhligim
fíos
chomchubaid[h] ar
sgríobh sgol
ar
shíol cConchubhair
Crúachon.
20 Na frémha or
fhás a folt lag
do
nochtfuinn do gan dermad
croinn díona dar
tharbha toil
ríogha Banbha gan bhern(i)o[i]dh.
21
Eochaid[h] is
Mhuiredhach mór
Fiacha Cairbre na ccathshlógh
Cormac Art
Áoinfer is
Conn
re
sgáoileadh na n-alt agom.
22 Fearadach
Criomhtann Nia
Náir
righthe dh’árdad[h]
a hanáir
níorbh [úath?]adh d’Éirinn on fhuil
Túathal Feilim is Fiachaidh.
23 Mor rígh eile
nách iad sin
fríoth re ríomh san réim dhírigh
fir
fa garg ag tríall tionóil
ó
Bhrían árd go hEiremhoin.
24 Do bhí
gach duine don
druing
’na
rígh Condacht gan
chomhruinn
cro
sáorshlat dar ghíall gach gail
ó
Bhrían go hÁodhmac
Eoghain.
25 Ó Aodh
mac Eoghain
a-le
an
mhéid nach raibhe á righe
úa
Conchubhair ainm
gac fir
ó
ghairm
chomhchubaidh
chinidh.
26
Toirrdhealbac[h]
mór Rúadhri réidh [158v]
fa
trén ar Éirinn
iadséin
gé ta
gairm na ngríobh ccalma
a
n-ainm ríogh ó
fhresabhra.
27 Ni
fuighter da fhréimh
roimhe
súas
ó Áodh go hIughoine
fir
lér théigh in tír-si Chuinn
céim
is isle na [a] n-abruim.
28 Acht Aodh Cruachna cosg bine
ni
fhuil da áos aimsire
don
phudhair do fhás re headh
lén
cumhoin gnás na nGaoidheal.
29 Mor an feidhm a bfuil re seal
iar
n-ég éinigh na nGaoidheal
is
aghaidh chlíar Éirionn air
ríar
a ndénonn as
deacair.
30 Baile in
Tobair treabh na sgol
iosdadh líonmur
láoich Cruachan
deghadhbha nar chlódh a cert
róimh
na healadhna d’éistecht.
31 Samhoil do
Dhurlus na
ndámh
treighe an bhaile f[h]úair iom(h)rádh
ar
dhíol clíar ar sgáoileadh sgél
ar
ríar áoidhedh is éttrén.
32 Iomlaoidh go
céile Cruachan
Aodh
échtach na ndergrúathar
ni
bhía a-nois da tháobh mur thuinn
acht bráon re
bfrais
dar bfoghluim.
33 Fúair
cinnbhile chláir
Meadhbha
trí
tiodhlaicthe on thigherna
ni
crann folamh dar
fáomhadh
moladh clann is
cíanshaoghal.
34 Tarla a nAodh
eineach Gúaire
gaisgedh Chon na Cráobhrúaidhe
gnúis
fhíal as oirrdherc betha
cíall
Cormaic ’sa ceirtbhretha.
35 Da ttegmhadh
trom an phudhair
oidhidh Aodha Ui Chonchubhair
mairg
tair gan aithgin eile
do
chaiththreibh chláir Chonoire.
36 Cia da n-anfa
da aithle
a
dháondacht a
dheghaithne
a
bhann dúire ind
gach deabaid[h]
’s a
bhárr úire d’aoidheadhoibh.
37 Ni
bfuighter
fer a leanta
a
ttromdhacht a
ttoirbherta
a
n-ám f[h]aghla is anshóidh sgol
a
tharbha as onóir d’ollamh.
38 ’Na leabroibh
sgriobhtha ag sgoloibh
ainm Aodha Ui
Chonchubhair
ag
cách ’na dhíaigh gan dhuilge
bíaidh go bráth ar
biothcuimhne. Ni
mhairionn
39 Inghen Uí
Rúairc an rúin dil [159r]
ni
bfúair áoinbhen ’na haimsir
breith ghill fhéile ’na haghaidh
céile
chinn Ó
cConchubhair.
40 Tug oidhidh
inghine Bríain
clíara Éirionn fa
áoinchíaigh
creach na dáimhe re seal soin
ben
mur Mháire gan
mharthoin.
41 Ben a tuigsi
’s a tréithe
a
huaisle ’s a háirdchéime
deghtheisd a ccríaidh as dlu[i]gh dhi
’na
díaigh ni fhuil dom aithne. Ni...