Poem in printable PDF format
Ní mhaireann
oighre Murchaidh
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 51]
1 Ní mhairenn
oighre Murchaidh -
mór cumthair dona
brégaibh -
dá maradh ní
bheith choidhche
lá go n-oidhche
inar n-égmais.
2 Ag techt
chugainn as uainne
do bhíoth daoine
uaisle oile:
ag techt chugainn
is chugainn
do bhíoth m’fher
cumainn croidhe.
3 Créd dhénuid
muinnter Dhálaigh
ón mbás-soin dá
ttí an cogadh?
fa meinic laodh
mo chroidhe
ós cenn m’fhine
dá cosnamh.
4 Fa dhó sa ló
dar bféghuin,
an té fa ndénuim
osnadh,
do thigedh sé go
bádhach
ó Aoibh Rátha go
Brosnuigh.
5 Do-chuaidh
Diarmuid, mo thruaighe,
fúinne a bhfuaire
nár bhrethnuigh:
ní thig sé
chugainn choidhche -
acht ocht
n-oidhche sa tsechtmhuin.
6 Diarmuid tar
éis a éuga,
a fhir dhénta na
huaidhe,
ná bi dá chur a
ttalmhuin,
ni gar dhó
anmhuin uainne.