firstLine"; ?>

1551. Ni taidhbhse gan toirt an rath $
Length: long 36qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540 (C/iv/1) 17th c. O Maolchonaire
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. Envoi to saint (BVM)
  3. imagery for patron
  4. qualities of patron’s character
  5. imagery for kingship (aoghaire)
  6. functions of kingship
  7. prophecies of ruler
Poet Christian Names:
  1. Tomas (RIA 540)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Uilliam mac Uaithne
Patron Surnames:
  1. O Maolmhuaidh fl. c. 1584-d.1659
Apologue Subclasses:
  1. German earl ruled by force, his son peace
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní taidhbhse gan toirt an rath

[RIA 540 (C/iv/1), 165r]

Tomás Ó hUiginn cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Ní taidhbhsi gan toirt an rath

gidh gnáth le cách é d’égnach

da ttoil ar áth a fheithmhe

go ttoir tráth a thuismighthe.

2 Ni sgáile a sgathán fholamh

rinn an raith ag frémhughadh

mar chetmhuighes gach cnúas te

lethnuigheas mur lúas luisne.

3 Srethad[h] re sighnibh nana

fachuin áos á ionnramha

gan lí orghrána re ais

ar tí congmhala a chádhuis.

4 Stiúradh an fhortúin fhíre

ríaghladh grinn gach gnáththíre

clódh ettréin gan fhatha ar oil

céidréim ratha do rochtoin.

5 Ni hionann as oighrecht cháich

gidh maith le neach é d’fagail

a mhaith ni hantrom ar fhior

altrom an raith da roisior.

6 Ni mhesann méd a dhocra

ni thuigionn teidhm iasachta

a briocht díanghairthe is díor dho

do bhríogh ríaghlaither an ratho.

7 Bíodh gurbh inmhesda ainm maith

ni misde duine deaghrath

a loch(o)tob(h)ar fa luigh goil

a fhothrugadh d’fuil úasuil.

8 Gidh inmhe ar tós a toighiocht

gúais do chách a cennoireacht

na dúaigh-si níor fhéch go hur

go frémh na huaisle d’ionnradh.

9 Mac caiptín Groidhen gus tnúith

gaisde grinnil an fhortúin

fer freacnaighthe an raith go réil

mur fhlaith chertuighthe a chinéil.

10 Toirches raith ’na réim báoisi

oighrecht ghnáth geall rogháoisi

da úaim le háth an fheithmhe

fúair a ttráth a thuismhighthe.

11 Siubhlach da iomrádh ’s gach fíadh

an da oighrecht f[h]úair Uilliam

menearruidh tnúith gan tráighs

súil le céimennuibh conaigh.

12 Uilliam mac Uaithne Í Máoil Mhúaidh

eite lúith ainghes anbhúain

níor smúain an úain-si d’obadh

fúair an uaisle a fhothrugadh.

13 Na slighthe a sirthear an rath

na docra as dú da fhíadhach

an oighrecht ghábhaidh do gheabh

d’oighecht tarraidh gan tuiseal.

14 Tír a shen giodh úalach d’fior [165v]

do díon d’iomlat na n-aimsior

dhó gan búanfhoghoil do-bheir

a ccló dúadhamhuil dlighidh.

15 Cealgaidh re briathraibh búidhe

ansocht á áos iomtnuidhe

mar aodhaire lamh do láimh

a cclár caommhuighe Cruacháin.

16 Geall ar gach docra dhiobh sin

rug Uilliam mac mic Láoisigh

d’úaim chríoch a fhréimhe roimhe

d’féile d’fíoch is d’foisdine.

17 Foisdine a mac samla sin

do stiúrsad athaid[h] d’aimsir

d’iúl ríaghla oirbheirt is áigh

d’iarla oirrdeirc san nAlmáin.

18 Do chosnamh a chríoch amhra

ar úathbásuibh examhla

gan teidhm na doirbhdeacra dho

d’feidhm oirbherta is eagno.

19 Do mhédaigh tenn a thíre

do chosain a choimhdhíne

a díoth le treimhsi níor thuig

críoch a reimhsi go ránuig.

20 Re bél oighedha an iarla

do fíoradh fios drochbhliadhna

bíodh gur tenn saoghalta sin

fa cenn caomhanta a chinidh.

21 Do dearbhadh doibh a ndocra

ód-bath cenn a ccosanta

beg cás na sáorfhoirne so

go fás aonoigre an íarlo.

22 Ar ttecht oirbheirt an oighre

lionais rath go ródhoilghe

gan fhíoch gan aithmhéile air

críoch á caithfhréimhe cosnaidh.

23 Caiptin Groiden ga ferr fios

an t-íarla ler fheith flaithios

a ccenn a raith ’s a reachta

gur chaith éarr á oirbherta.

24 An fine d’éis an iarlo

do hairged d’feidhm áoinríaghla

na foirne gan chás ’na ccert

ar bfás á oighre a n-eiffeacht.

25 Uilliam mac Uaithne Hí Máoil Mhúaidh

an t-óig ré diongbhus degbhúaidh

ar crúdh céille ’s ar coimhde

do thúr céime an chédoighre.

26 Lais do c(h)osnadh céim fine

chuige fíorthar fáisdine

da oides ga mo meabhoir

do croid(h)es an cindemhuin.

27 An t-áinois [leg. -io-?] le ttuillionn toil [166r]

an gníomh as goire d’adhbhar

’na ccáomhantar clar a shen

le cáolfhocluibh fádh fúaiter.

28 An solathar gan chlódh cceirt

do-ní le núaidhecht oirbheirt

le fíadh a chinidh gur chuir

a ngrían an dlighidh derbhtuir.

29 Mar sin nach taidhbhsi gan toirt

ríaghladh an ratha oirrdheirc

do-gheibh sé seimhleighes de

an té chéimnighes chuige.

30 Ni beg dhúin da dhearbhadh sin

céim Uilliam mhic mhic Láoisigh

ag sníomh á ratharbha a rúin

do dhíon atharrdha an fhortúin.

31 Mac Onóra aignedh fis

snaithe saoghail an ainis

fos flatha chinn ar ccoimhghe

linn an ratha as rodhoimne.x

32 Bíodh nach fiú misi Muire

d’atach trém choir cholluidhe

ar fheirg dhírigh an Ríogh ruinn

na bíodh dar-iribh oruinn.

33 Airrdhena Uilliam ’s gach eacht

do mheabhraig[h] Mairgrég Clifert

da núainell feile go hur

d’fúaighél a céile a ccomhar.

34 A méin iúil go bfos flatha

lor do dusgadh deghratha

grúaidh dealbhghlan go n-aithne n-áigh

do dherbhadh caithme a chonáigh.

35 Inghen Uilliam thógbhas tnúth

fúair a fhoighreadh san fhortún

ar ríaghoil rechta ar fhéile

d’fiadhain shleachta a sáoircéime.

36 Súr toile tibredh serca

frémh don ghlanchoill Ghaoidhealta

pailm úr as oiregh[dh]a d’fiodh

glún ar n-oilemhna a n-eigion. Ni...