Poem in printable PDF format
Ní taobhtha
dhamhsa riom féin
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha, no. 46]
1 Ní taobhtha
dhamhsa riom féin,
ní mise mé i
gcáil san mbioth;
go bhfionna mé
créad ar gcor
ní mholaim d’aon
dol ar m’iocht.
2 Creideadh nó ná
creideadh cách,
go dtí an bráth
ní chreidfe mé
nár chaith mise
treall i n-uaigh, -
foirceadal uaim
oram féin.
3 Ní fhidir mé -
gá dtám ris? -
an mé an t-anam
tig anall,
an beó mé nó an
bhfuaras bás,
nó an mise féin
a-tá ann.
4 Bheith don
tsaoghal ar mo bhreith
cuma nó bheith ar
an déirc;
ní háil liom
beatha ná bás,
ogal duine mar tá
mé.
5 Uch, fa-ríor!
dá gcluineadh cách
(ró sonais ní
gnáth gan tnúth)
an chúis fá
bhfuilim i bpéin,
d’fhóirfeadh
sinne dá mbéim súl.
6 Fada ó tháinic
ceann mo ré;
ní duine mé ren
cóir súil;
coraidh linn,
fuarsam ar gcead,
tug an saoghal a
sheal dúinn.
7 Gé atáim-se gan
dul ón mbás
im spioraid
mhairbh, lán do phéin,
ní shaoilim neach
ós mo chionn;
ní bhfuil mo
thnúth acht liom féin.
8 Aon do chéad
thuigeas mar tám;
bheith im ghalar
ní gnáth leó;
do choideóladh sé
ar mo chneidh
gibé adéaradh mo
bheith beó.
9 An bhean-sa
rom-chuir i sníomh,
d’fhéadfadh
Críost a theacht go maith;
fearr fá
mhaitheamh anma an bás,
teist an domhain
ó chách air.
10 Eadamar ní
bhfuighe an bocht
an phian a-bhos
agus tall;
beannacht dise do
mharbh mé,
is í sin an déirc
’na ham.
11 Nách deachaidh
mé d’éag ’na thráth,
dá saoileadh cách
go leamh é,
ní fhuil acht
sgéal bun-os-cionn;
ní taobhtha
dhamhsa riom féin.