firstLine"; ?>

1553. Ni teid an eigean i n-aisgidh $
Length: long 44qq
Certainty: 2
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. other poem mp
Manuscripts:
  1. NLI G 63 E.O’Reilly trscr. of Bk Lismore
  2. Book of Lismore late 15th cent.
Prints:
  1. transl. Celtica xv, 101
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. envoi to BVM & St Francis
  3. nobility of ancestors
  4. inauguration (ainm flatha)
  5. cain, cios, tribute
  6. Hostages
  7. umhla, submission
  8. legal maxims qq 1, 2, 13, 29
  9. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Mathghamhain m Domhnaill m Eoghain
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (Bk Lismore)
Patron Christian Names:
  1. Finghin mac Diarmada
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh Cairbreach d. 1505
Apologue Subclasses:
  1. Gt Earl of Desmond’s struggle for lordship
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní théid an éigean i n-aisgidh


[Brian Ó Cuív, ‘A poem for Fínghin Mac Carthaigh Riabhach’, Celtica 15, 96-110]


Mathghamhain (mac Domhnaill mheic Eoghain) Ó Dálaigh cc.


1 Ní théd an égean a n-aisgidh

más fhír d’eólchaibh fóid na [ ];

[ ]udh ceart an cunnradh;

ní théid neart a rudhradh riamh.


2 Breath égneach ar edhri [bh]flatha

foillsighim daíbh mar der mé;

[ ]ar an égin

nach cunnradh uair égin hé.


3 Ní fhaghuim, ní fhaghann breitheamh

breath égneach dár fhulaing rí;

fáth fa[ ]ear

égean gnáth do dhéneamh dí.


4 Dénumh égni ar athair [bh]Fínghin

féchadh cách mar do-chuaidh sí;

gan bheth do an céidshel dá chomas

mar so is égean fhollas hí.


5 Ní chuala mé ar meas gach énfhir

don eól choitcheann do-chluin mé

neach is a shealbh uaidh ar égin

nach budh searbh uair égin hé.


6 Mar fhuasgladh air is é a nglasaibh

dá ghaeltaibh fén, fada a bhrídh,

do gheall so cunnradh ó chianuibh

nár chungnamh do an riadhuil rígh.


7 Rugadh breath dob édir d’aiseag

ar athair rígh Rosa Cré;

do dhruim eóil is fhearr an aithbhreath;

gearr ’na dheóigh gur aithreach hé.


8 Muna dearnmaís do dhruim aentadh

umhlacht ghnáth léa mbearthaí ar mbuaidh

dob í égmhais gach fhir urmaind

nach gébhdais sin urraim uaind.


9 Fuair dá athair aiseag díleas,

dó fén a-rís, ríghdha an sdair;

mo-chin dó ar a ndearnadh égean,

dearbhadh nó a dhó as éidear air.


10 Má thuc dá cheart cunnradh égneach

ar a airdibh an uair rug

tar ais do-cháidh uman [g]cunnradh;

ní náir lais an turbhadh tug.


11 Ní goirthí ainm acht ainm flatha

feadh gach críche go chraeibh Mis;

gé do bhí an chrích gan a chána

do bhíth rí gá rádha ris.


12 An bhean dan hainm Inis Fódla

- feadh a cuibhrigh nír chém soirbh -

a sealbhadh cáigh do bhí an bhean-soin,

in rí a-mháin dob easbhaidh oirn.


13 Ní rugadh air a n-amm brághud

breith ar cúl nár cuireadh lé;

gnáth cunnradh ar giall a ngébheann

níor fulngnadh d’Fhiadh Éreand hé.


14 Do bhí ar [g]ceart ag cuid dár bhfine

fedh trí mbliadhan, buan an ghoimh;

nochar dhána linn a labhra,

ar mbrágha ghill tarla as-toigh.


15 Fada an aimsear do aemh Fínghin

fulang ainnbhreath dá fholt tais;

mar do-chuaidh a [g]ceann Ó [g]Cairbri

gearr gu bhfuair a airdi ar ais.


16 Scéal agum nach ingnadh d’aithris

ón Iarla mhór, gá mó teand,

dá bhfuair lén a-régin roimhe,

ní hédir sgéal oili as fearr.


17 Gé do ghabhadar Goill Shacsan

nír shaeil énfhear, ard an sdair,

- sgél ar a uaisli ní hédir -

trén an uair-si ar égin air.


18 A dtimcheall ceannais Cláir Mumhan,

nír mhó imshnímh lé fholt seang

ar mboing célli do Chloinn Mhodha,

Goill féni ar gcora ’na cheann.


19 Dubadh mian le maicne [g]Cobhthaigh

ó chath Gall an gnímh do-chlas;

do bhí an Mhumha ar a roinn roimhe;

Goill ag cura ar-oile as.


20 Ag fir inaid airdrígh Sacsan

seal dá aimsir, ard an gnímh;

Clár Dá-thí do fheth an t-Iarla,

do bhí ar breith na riadhla rígh.


21 Do-chuaidh gan chead dá fhir imtha

Iarla Deasmhumhan, dearc mhall,

ar ceand [g]cabhra soir a Saxaibh,

Banbha ó shoin ag gasraidh Ghall.


22 An tráth fá [d]táinec an t-Iarla

tar ais a-rís, as rádh fír,

cia nach tuc na comhtha cédna

mar ruc orrtha an rédla rígh?


23 Slicht an Iarla mhóir san Mhumhain

a mesg uaisli fhola Gall,

do-bheir sin gan roinn fán ríghi,

ó shin as Goill fhíre and.


24 Ní beite ag amharus oram:

d’éis a theachta, trom an fhís,

- creididh uaim na fiadhna fíre -

fuair an t-Iarla an ríghi a-rís.


25 Ar imtheachtaibh Iarla Banbha

gá beag damh a ndubhairt mé;

a phréamh bu-dheasda do dírgheadh,

sgél as chneasda d’Fhínghean hé.


26 Inann eachtra d’Iarla Mhumhan

’s do Mhág Carrthaigh nár chaill sídh;

nír áil ceachtar díbh ’na ndúthaigh,

beantar a [d]tír dúthaigh díbh.


27 Táinic mar táinec an t-iarla

san eól [g]cédna rér cóir lúdh;

dó seal mar do fhégh na hairdi

do gheabh trén Ó [g]Cairbri ar cúl.


28 Dá shlicht féin ag fulang ainbhreath

aimsear fhada dá fholt bhug;

gérbh umhla iná gach aen oile

nírbh umhla a [d]taebh toile thuc.


29 Gibé ara mbearthar breath égcóir

aithrisdir dúin, a dhearc glas,

féagha lat mar sin an sennreacht

gur dhligh a mhac edhreacht as.


30 Fuaruis ríghdhacht do rér dlighidh

do dhruim cirt ar nár chóir rún;

ní hédear gur fearr mar rogha

égean gearr ’s a chora ar cúl.


31 Do athraigheadh d’éis a chéli

le Cloinn Eóghain, anba an chairt,

an tráth do hégnigheadh h’athair

céddligheadh gnáth Achaidh Airt.


32 Nír lén libh do ló na hécni,

a ua Cuirc, a chruth mar ré,

do chur a leth eachtra an uair-si,

breith reachta ar an uaisli hé.


33 A bhfuil díbh ag drém réd mhaithis

ar meas cáich ní budh cás leinn;

as í do mhaith, a Mhég Carrthaigh,

dod mhaith an méid ghabhthair grem.


34 Córaidi dó dul dá cosnamh

crích Éibhir mar aithneas mé;

sí nír fhuilngidh ar an égin,

cuimhnigh dí más édir hé.


35 Má tharla an bhreath ’na breith écóir

dubadh ingnadh, a fholt fann,

do chóir a rudhradh gu rachadh;

nír chunnradh cóir h’athar ann.


36 Ód chineadh fén fuarais umhlacht;

énsgél eli, a ucht mar bhláth,

ní a[s] sia ar bhur bhfalaidh ná finntair;

gabhaidh Dia ’na [g]cinntaibh cách.


37 Glacthar les tar lámhaibh sinnsir

sealbh na ríghdhachta is rian clú,

ní ruc ar tós lém tar líne,

a nós fén do-ríne rú.


38 Gan urraim don fhir as sine

ac Síl Carrthaigh ní cúis shoirbh,

do sheol a chineadh d’ua Éibhir

dligheadh nua do érigh oirnn.


39 Do bhídís ar breith a sinnsir

Síl Eóghain Mhóir láimh do láimh,

ní hé do-chuaidh tar a [g]cunradh

nó ga bhfuair sé cungnamh cáigh,


40 Do bhí an comhghar ac cóir Fhínghin,

a n-aghaidh cáich cosnaidh sí

do bhreith eóil ’na cheand an cédsheal,

gearr ’na dheóigh dob éicen hí. N.


41 Dá gcuartaighinn c[ ]cha Banbha

d[ ]aithne a mban

bean risin mnaí m[ ]

tar gnaei a bhfear as cneasda a c[ ].


42 Caitilín inghean an Iarla

uirrim gach énmhná [ ];

línaidh sin gach teach a dtriallann,

neach dá thigh ní iarann hí. N.


43 Tresi ac Muire ar a mac inmhain

d’agra a chréchta gé chuin tí;

do-ghéna dár ndín a dícheal,

d’éra an rígh do-níthear ní.


44 Nó gur saerudh le San Froinsés

fine Ádhuimh ar fheirg nDé

ní iar sinn áth ar a fholtaibh

do ghnáth is linn obthair hé.