firstLine"; ?>

1554. Ni theichim re tagra mbaoith $
Length: middling 27qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. NLI G 129 Conch. O Luinin 1676
  2. RIA 1073 (24/P/24) Art O Neill 1700
  3. RIA 784 (23/G/9) Aind. McCruitin 1708
  4. RIA 785(23/G/8) T. ONeachtain etc 1711
  5. RIA 155(23/D/6) S. Mac Sollaidh c. 1715
Prints:
  1. transl. McKenna Iom. no. xxiv
Motifs:
  1. description of weapons (bow)
  2. poetic education
  3. mercenary soldier
  4. legal terminology
  5. citation of other poet by name
  6. dogs
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (RIA1073, 784,785)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Baothghalach
Patron Surnames:
  1. MacAodhagain
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní theichim re tagra mbaoith


[McKenna, L. Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21, 1918); no. 24]


Tadhg mac Dáire cct.


1 Ní theichim re tagra mbaoith

bagar gáibhtheach glóir neamhghaoith

na cúis amh-luaidh ní fhuil d’fhear

ní chuir an-bhuain ar m’aigneadh.


2 Toibhéim gan cheart um cheird féin

tugais orm anba an doimhéin

do ghlór féin do éagnuigh ibh

céim do bhréagnuigh do bhréithir.


3 Díon do chéad-ghlóir mar badh cóir

ní hé éifeacht bhar n-athghlóir

ní hé an t-ord caingne cubhaidh

aighne borb do bharamhail.


4 Mé dot ath-ghoin san alt-sa

ní tathaoir dom thromdhacht-sa

mo chéad-ghoin is tú do thairg

crú bhar n-éagnaigh ní hiomaird.


5 Dána dhuit-se déanamh truim

fa éadoimhne iúil oruinn

srian réd chéad-ghlár do chuireas

do bhréag-rádh do bhréagnuigheas.


6 Mo linn eoluis d’fhios na sean

fuarais oilbhéim na himeal

grian ar bhfis is dál domhain

gá dtám ris ní rángabhair.


7 Ní ar bhladh éan urlaimh rom alt

minic do chiú ’s do chonnarc

fios nach léir dhuid-se acht mar dhall

nach éir léd thuigse a thacmhang.


8 Do cheird féin ní chuire i gcion

cuirim-se an cheird óm shloinntior

go bhfuil gan chlaochlódh om chaint

ní baoth-ghlór soin acht substaint.


9 Nach tú an chú do croitheadh leam

go follus d’éigsibh Éireann

re buladh do bhréag id bheol

nar fhéag d’uamhan fad aithcheodh.


10 Do bhréagnuigheas bíom na bhun

tusa i dtosach do bhriathar

nocho gcaigéal a rádh ribh

do shlán fá n-aibéar d’fuighlibh.


11 Ní leanabh acht lorg leabhar

ní bhia dál an deimhneaghadh

ná mealladh ar bith im béal

ná rith teangadh na dtaigéar.


12 D’éis a fiadhaigh do dhol dí

amhasdrach d’fhógra a claoidhte

do ní cú anbhfann mar ibh

as a labhrann tú tuigthir.


13 Bréagnachadh nach bí ar do chor

imdheargadh aoin gan adhbhar

mar do rinnis iad gan fhios

is iad do innis th-ainbhios.


14 Moladh iomarcrach ort féin

cuid d’fhiadhnaibh th-ainbhis eiséin

toibhéim id chainnt re confadh

mar fhoiléim drainnt dobharchon.


15 Gan leanmhuin luirg bhar n-agra

cúl do chor réd chéad-thagra

maoidhimh dhuit as diamhraibh th’fhis

is cuid d’fhiadhnaibh bhar n-ainbhis.


16 Fearr ar labhair mac Mhic Con

dá bhféadthaoi an chúis do chosnamh

ioná a gcloistir uaibh uile

coisgidh d’uaill is d’éadmhaire.


17 Ar n-iarraidh th-aighthe ’s th-anma

fa hé ath-ghlór mh’agallmha

teacht do chosnamh ar chan sibh

ná tar gan chosnamh cuimhnidh.


18 Dearbh más troduire tusa

gur bhagras mo bhogha-sa

soirbh geall do bhreith ón bhuidhin

’s bheith go teann ar thruduiribh.


19 An dream sin munab díobh dhuid

dol dá ndídean ní mholmuid

béim dá ghnaoi tagra trom-locht

dá n-admha saoi saothamhlacht.


20 Bagair do gráin chatha ar chách

gá mbia rét aghaidh ur-sgáth

coisg na goimhe is dúil dise

i ngloine úir mh’aighthe-se.


21 Cosmhail ar ar chanais rum

nach fuair tú móide an mearbhall

a fhir thuaidh do thagair ruinn

uain cadail ar do chearchuill.


22 Dá ndeachadhaois uile as

ní tusa tá gan th’amas

ní id chás féine fuair tusa

buain béime ar mo bhogha-sa.


23 Ná bí dá cheilt léd cham-dhán

níor chanas um chéad-chomhrádh

glór ribh acht do reacht leabhar

ní dhligh ceart do choireaghadh.


24 Ná bí re bagar th’aighthe

an i mbun do bhréagnuighthe

a ndubhairt tú seasaimh soin

nó leasuigh clú do chumhthaigh.


25 Ní riú as chóra cúl do chur

tús is tábhacht ar mbriathar

le cam-rannaibh ní cheileam

a ndubhramair deimhnigheam.


26 Ni bhiam re freagra feasda

dod ghlór fhaobhrach éig-cneasda

bheith dhí más daoibh as ragha

ní hí an aoir an ealadha.


27 Breith barr i mbriathriabh gonta

gan aon aighneas ionmholta

an barr assa teann tusa

ní hann as fhearr m’eolusa.