firstLine"; ?>

1555. Ni theid caitheamh i gCloinn Tail $
Length: middling 24qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th mid
  2. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
  2. warning mp ?
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Motifs:
  1. favour with English king?
  2. function of poetry?
  3. Fertility in reign of true ruler
  4. spending and defending ?
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh mac Conchobhair
Patron Surnames:
  1. O Briain d. 1624? or d. 1553?
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní théid caitheamh i gcloinn Táil

[O’Conor Don, 297b]

[Rannaíocht Mhór, Dán Díreach]


1 Ní théid caithemh a ccloinn Táil

leis nach loinn caithemh ar chléir

ní budh breth rechta do rígh

ar nech dhíbh da mbenta béim.

2 Ni céim tar ais d’fine Ghall

fine Chais céim ós a ccionn

lór an tríath a-ta fá a ccenn

an lá dob ffearr fíadh na bFionn.

3 Mac Conchobhair na ccúach n-óir

darab dúal comhchobhair cháigh

féch an ferr a bfaghtur úaidh

an geall fúair Donnchadh ón dáimh.

4 Giolla geal nach gealann tonn

ga fer dá nach benann barr

beiridh sé san ghlíaidh an geall

dob ferr d’Ibh Bríain gan é ann.

5 Seal ’na churaidh bí[dh] Ó Bríain

bí[dh] ’na brughaidh bí[dh] ’na righ

ga cás a ttorcair d’Íbh Táil

dháibh 7 fás Donnchaidh dhíbh.

6 Do-béra a seal ar shíol cCuinn [298a]

síol Énna ní hé nár ling

do éimghigh rogha ’na roinn

ó Mhogha ar chloinn Éimhir Fhinn.

7 Nár don droing gan dénamh a ngáoil

do-bheradh cách fa chloinn mBríain

más lucht miogháoil maicne Tháil

diomháoin dhaibh a ccairte ar Chlíaigh.

8 Téid fa mhéud na ttreisi a ttnúth

an treisi ina ttéid ó Dúach

an té as mó le ccluine(dh) cách

ní gnáth dhó nach bfuighe lúach.

9 Fa onchoin s(h)einlitrigh sróil

deirbhfhine Dhonnchaidh ’na dhíaigh

timchel í Shadhbha a n-am áigh

clann Táil as gabhla don ghlíaidh.

10 Leis gion gurbh anshocair é

radhocair bheith mar do bháoi

iomcraidh leth a hingen í

each as í ar bfilledh fáoi.

11 An soithech lán ní budh lór

dá roiched go ráth na Niall

anta dhó ’na damhna ríogh

ní mó ina díol Banba Brían.

12 Fer ris nach gabhtur a ngleó

ca fer lé a bfaghtur a chlú

tug Donnchadh dha lá sa lá

má tá lá nach bronnfadh bú.

13 Ní bhía gan crodh cenn ó mBríain

’na chenn acht go dol do dháimh

créd fa bfaghoibh bladh ar bhúaibh

ní tabhair úaidh acht cradh cháigh.

14 Donnchadh ciadh fa mbíadh gan bhladh

mac Í Bhríain na mbronntadh ttiugh

an bladh gion go mbé ar a shon

ní mhair an crodh a-né a-niugh.

15 Tabhu[i]rt comhairle as dúal dúin

m’forfhuighle ré húa na mBrían

da ttuga a lámh a laimh riogh

síol Táil fa thugha na hiarr.

16 Féuch an túaluing triall a-nonn

fine Bríain na mbuaball ccam

gion go ndlighe céim ’na ccenn

gá ferr fine Neill a-nall.

17 Do bhí a-nalluin Fód(h)la fáoi

gan foghail gan fogra shlúaigh

cumhain as nert ag Íbh Neill

geill Uladh ag techt a-túaidh.

18 Ag dol í n-áth nó ag léim lis

ní gnáth bur ccur céim tar ais

mor an barr an cert ré chois

bur nert a-nois a chlann Chais.

19 Nír cuid mur í as égair duit

don edáil is í do chuid

beirt gach ríogh torchair sa troid [298b]

ó shiol mBloid a Dhonnchaidh dhuid.

20 Tugais dháibh diolaidheacht fhíach

do diolaidheacht ní dáil ghnáth

iomda dhíobh ’ga bfuil bar bfúath

bíodh do lúach a ccruidh ag cách.

21 Da ghemur do ghiall a n-úir

slíabh ’ga treabadh mur búdh tír

gach lerga ’na tolchoibh túair

ag búain sealga Donnchaidh díbh.

22 Mall ar mhuillibh mall ar thoinn

crann ar[a] uillibh do fhill

dál a cabhartha ag an ccoill

grán ag boing laburtha a linn.

23 Táin a n-áth sreabha ’na súan

fedha mblath laimh ré lár

ga beg d’aithne ar ádhbur ríogh

síon ag ádhnadh thairthe trágh.

24 A hainm a-bháin ’ga bhreith dhíbh

a chlann Tháil nár teich a nglíaidh

ní théid ben a hanma úaibh

gidh edh do-chúaidh Banbha Bríain. Ni...