firstLine"; ?>

1556. Ni theid clann o choir a n-athar $
Length: long 41qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. poet blessing (on house)
  3. praise-poem appropriate reparation
  4. poet attacked ?
  5. hosting
  6. cooperation btn Gaeidhil & Gaill ?
  7. comairce
  8. prophecy of Aodh Eanghach
  9. legal terminology (coir oidhreacht)
  10. historical precedent
  11. brughaidh
Poet Christian Names:
  1. Giolla na Naomh Og (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. MacCraith
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnuis
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1600
Apologue Subclasses:
  1. Cormac’s quarrel with poet Fitheal
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní théid clann ó chóir a n-athar

[NLI G 167, 153]

Giolla na Naomh Óg Mac Craith .cc.

[Séadna, Dán Díreach]


1 Ni theid clann o chóir a n-athar

íoc a fhíach as eigen dí

do-bhéra an chlann cóir san oidhreacht

mas clann dar cóir oirbhert í.

2 Clann gach athar iarrus oidhreacht

úmhla ’na ccóir do chleacht

os cóir a cur ar gach n-aoinfhear

dul om chóir na saoileadh sé.

3 Biodh mar fhúigfeas oidhre Maghnais

ni maith breth ag nach bí barr

as mó as fada ferg ar n-aithreach

ferg na troda as aithbhreth ann.

4 Na biodh ag triath tíre Conoill

cogadh rinn nach racha a ccrích

tráth do chodail d(a)’fhíoch gan ádhbhar

crioch gach cogaidh snadhmadh síth.

5 Ni lenta dhó f[h]eirg ar n-aithrech

oidhre Í Dhomhnaill nar dhiult áon

ni buan fearg ar fholaibh úaisle

cobhair da serg uaim-si Áodh.

6 Do-ghen do dhioghrais ar molta

mac Siubhain nach saoghlach crodh

tar ais go ndedhlam ar ndiomdha

frais degrann da ttiubhra tol.

7 Nar dhíol fós i bfeirg ar n-athar

d’uaithne Gaoidheal na ngreadh soirbh

ag so an rádh nar obtha óirne

dán molta ’ga oidhre óirn.

8 Urraim gach tíre ag tír Chonoill

ní cúis tnútha gur thuill sí

breth brughadh le breith na bfileadh

beith umhal gur dligeadh dhí.

9 Nar bheirid Gaoidhil ghuirt Fionntain

urraim riamh o rioghraidh Gall

on da thaobh ar fhoghlaim n-einigh

Aodh O Domhnaill beiridh barr.

10 Nir fháth oirbherta d’fóir Gaoidheal [154]

geall d’Ó Dhomhnaill an tráth tug

neach do-chuaidh do thóigh na togha

on sgoil fuair an rogha rug.

11 A-taid rioghradh Rátha Cruachan

is crioch Laighen na learg ccláon

rioghradh Mumhan fan mir curadh

umhal mar thír Uladh d’Áodh.

12 On cheidAodh thuas tig ’na thimchioll

Tír Aodha ’na hainmnidh uaidh

ga fios ca hAodh dhiobh as dísle

Tír Da Aodh an tír-si thuaidh.

13 Maith an chobhair clú dar ndreim-ni

d’O Dhomhnaill da nderna mé

moladh dhó nach dernadh romhainn

dearbhadh as mó óirne é.

14 Sgél fíre nach fríth gan eólus

ar airdrigh Fó[d]lla fuair mé

ar ccaithemh seilbhe ar ghort Gaoideal

dob eidhre d’Art Aoinfhi[o]r é.

15 Foilches fleidhe fuair ’na egmhais

adhbhar a f[he]irge as é so

tig don fhion nach fhuair an t-ollamh

gruaidh an riogh do dhonnadh dó.

16 Feadh a chuarta a ccóigeadh Meadhbha

re mac Airt do fhergaigh

móide a luagh a thechta o Themhraigh

eachtra an druadh do mheabhraidh mé.

17 Gibé tír a ttárla an t-ollamh

oidhre Corbmaic dar chóir tail

fada an cháirde fuair an fer-sin

gur smuain Cáirbre easbaidh air.

18 Cairbre Libhtheachair lann Gaoidheal

geall re hoidhrecht dob fherr dhíobh

do chuir sé ar an ollamh iarraidh

óradh é don riaghail ríogh.

19 Tainig Fitheal file Corbmaic

i ccenn Cairbre nir chuairt dháor

fada ar ttriall madh feirde mh’anóir

riar mh’feirge nirb furáil d’Aodh.

20 Eolcha dhamh-sa denamh molta

mac Maghnais da measadh sé

fechain diol Cairb[r]e don cheid(h)fhear

airde ar ngniomh madh éigean é.

21 On da thaobh fa ttuillter urraim

d’oidhre Corbmaic rer chóir tnúidh

ni bheraidh geall ar cruas comhloinn

’s bu ferr duas I Dhomhnaill dúinn.

22 Ni bhia(idh) Banbha ar bhreith a námhad [155]

a-nois a-tuaidh tiocfaidh sé

benfaidh cláon a tulaigh Temhrach

cubhaidh an t-Áodh Engach é.

23 Ri budh gnáth ag gabhail Temhrach

a-tá riamh ag teacht a-tuaidh

denadh do chabhair chlair Fó[d]lla

náir Danair gan fhógra uaibh.

24 Clann Dálaigh gan diúltadh troda

a ttús do thionoil teid siad

ealta degshloigh ar cenn cána

drem as nemhdhoigh ágha iad.

25 Sgol énoide as uaisle foghluim

fian Baoigheallaigh nach beg clú

beg sgáth an fhedhma ar an ógbhuidh

do tháth Temhra tógbaidh tú.

26 Do-chí chugaibh go gcolg troda

terc aca nach ortha feilm

do mhochaltaigh tú arna ttomhus

crú Dochartaigh bhlodhus beirn.

27 Do chruinnigh tú a tuaisgert Uladh

ealta borbshluaigh nach bris síod[h]

do chloinn tSuibhne na ccró catha

rer mhó suirge an ratha ríogh.

28 D’feaghain Temhra tiocfaid let-sa

lucht do chosnaimh ar chath Gall

ni mallchobhair Gall do ghabhail

clann Ghallchobhair d’faghail ann.

29 Tig chugaibh a coigeadh Meadhbha

meisde gach tír thiomchlas síad

ga sluagh as Danarrdha denamh

tuar anúmhla ar fhéaghadh iad.

30 Rachaid leat-sa ar lorg do chóra

a crích Mumhan na magh réidh

sluagh ar nach bíodh námha nertmhar

líon ágha ar nach lamhthar béim.

31 Ar tháth Temhra ma a-táoi ag bagar

biaid agad ria n-éirghe a-tuaidh

bró daighfhear nach dóigh i ndeabhaidh

sloigh Laighen le mberar buaidh.

32 Tegaid a-tuaidh tionól míleadh

ar magh Temhra do chur chrú

fada a-tá ’na tealaigh nuachair

os d’fearuibh mná Tuathail thú.

33 Sgél nach cóir a chur a n-íongnamh [156]

fa íath Banbha go mbeid réidh

fiadhain Ghall na gabh ar Éirinn

na rann do mhagh Feilim féin.

34 Ni fhuair o Chonn acht críoch Mhumhan

Magh Nuadhad as nemhbog clú

gabh go tuinn an ghárrdha ar Ghallaibh

Banbha Cuinn na ranna[i]dh rú.

35 Ag sin ag cách céill do thineoil

Temhair Bhreagh do bheith gan rígh

na gabh(adh) comhairle o fhóir Emhna

fóir rodhoilghe Temhra an Trír.

36 Geall re clú nir chuirthe d’aoinfhear

on iarraidh tesda a-tá fúibh

as tnúth sin nach tteid a ttarbha

an méid ribh ’ga ttárla tnúith.

37 Dáil do mhaoineadh a meic Siubhain

ag so an cheird da ttugais tail

cur do chlú do fholmhaigh th’oidhir

foghlaidh do chlú oinidh air.

38 Sgol le hantoil d’oidhre Mághnois

do mhian an tan adhnaidh [leg. -as?] t’fherg

ag so Drobhaois fáth a fuirigh (?)

foraois ghnáth far suidigh sealg

39 Iosdadh caithmhe chloinne Luighdech

i láimh biodhbadh ni bhia an tech

cosmhuil an múr thall is Temhair

re Dún na nGall berar breth.

40 Gabhaim cumairce ag Cloinn Dálaigh

díothladh m’fhala dob é amm

ni cuirthe dhóibh diomdha im aghaidh

iomdha cóir nach faghair ann.x

41 Rachad ar sgáth sgéith na hÓighe

a fherg ar ccúl cuirfe[idh] sí

ar mben ghaoil do-choidh dar ccobhair

coir an taoibh nach omha[i]n í.