firstLine"; ?>

1559. Ni trath aithreachais d’fhuil Chonaill $
Length: very long 55 qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th early (after 1616)
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 4(24/P/27) late 17th cent.
  2. NLI G 167 Seamus Mag Uidhir 1727
  3. RIA727(23/C/33)M.OgOLongain1810-28
  4. Mayn. M13 Micheal Og O Longain 1820
Prints:
  1. text DiD no. 110
  2. transl. Ir. Monthly 48, 207
Motifs:
  1. envoi to other patrons
  2. Envoi to saint (Peter)
  3. ? fianbhoth q.9
  4. prowess in warfare
  5. spartan life of warriors
  6. Inauguration
  7. functions of kingship
  8. Landscape withering on ruler’s death
  9. general grief for patron
  10. citation of historical precedent
  11. Classical allusion
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (RIA 4)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh Og mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Prowess of Achilles: his victims never cured
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Ní tráth aithreachais d’fhuil Conaill


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 110]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cct.


1 Ní tráth aithreachais d’fhuil Conaill

a gcloch chúil an gcéin do mhair;

lor do bhoing casnadh do chroidhibh -

do choill gasradh Oiligh air.


2 Ar chosnamh cádhais an tuaisgirt

an tighearnas do thuill sé

ní fhuair guaisghin Chaithreach Cearmna;

aithreach d’uaislibh Eamhna é.


3 Ní hiontaobhtha aicme Conaill

a gceannas dó ó nar dháil siad,

níor ghabh guaisneimh re nguin mbaoghlaigh,

do uaisligh tuir Aolmaigh iad.


4 An lá nach fuair flaitheas Conaill

ceann rodhamhnadh Rátha Té

is ann badh caointe clann Fhéilim;

níor bh’am faoilte d’Éirinn é.


5 Bás Aodha is gan é do ríoghadh

ríoghradh éachtach Átha Liag

ó Theamhraigh chlaoin na gcoll leonta

do sgaoil fa fhonn Eorpa iad.


6 A chur fa úir Innse Luighdheach

’s gan fhlaith do ghairm do ghríbh Luain

dá ní do sgaoil cách ó chéile

an tráth do shaoil Éire a huaim.


7 Gan chur ris um ríoghacht Éirne

do b’fhiu othair aidhbhle a chró;

do bhí sé idir chách ’n-a Chormac,

do sgé bláth na ndonnshlat dó.


8 Ó chur na gcrú [is] chur na gcathadh

creideamh d’Aodh an uair do mhair

fa shíol n-Éanna do b’fhiu a dhochar;

do-chiu séala a othar air.


9 Do b’fhiu a fhuarbhoth oidhche shoighnéan

’s a shuan corrach ós chionn sdéad

do b’fhiu a dhochar i gcoill chaoilshleagh

gur thuill sochar Gaoidheal nGréag.


10 Le móradh tuath do thuill flaitheas

le fírinne - foirbhthe an chairt -

le rath ríogh, le coingheall gcroidhe,

le sníomh goirmreann d’Fhine Airt.


11 Fós ag cosnamh catha Éirne

uatha gion go n-uair a luagh

níor thearc ag teacht as gach tachar

feart is leacht is athar uadh.


12 Fa múr cloiche do chrích Leithbhir

a bhas fhuilteach do b’fhearr séan;

do chathaibh Breagh fa ceall chomhdha

a ghreagh seang is a ghormgha géar.


13 Ó nar leis Cruacha is cuan Feabhail

ní fríoth leis-sean luach ar thuill;

do b’é fál a gcreach do chaomhna

each is lámh is caolgha Í Chuinn.


14 Gion gur hoirdneadh - anba an mhíobháidh -

mac Í Dhomhnaill Dúin na Sgiath

ní budh cóir achd caoineadh flatha

ar róimh aoigheadh chatha Cliach.


15 Le huaithnibh catha Cláir Laighean

’s i Leith Chuinn iar gcrích a ré

’s i ngach aointeagh do mhín Mhumhan

caointear ’n-a rígh Uladh é.


16 Gaisgead na cruinne ar n-éag Earchail

do aithbheodhuigh i n-a [fhonn]

ní hé féine a-mhán do mhéaduigh;

dá chrádh céille éadair [ann].


17 Ní hionmhaoidhte i nInis Luighdheach

ar lucht caointe na gcóig n-iath

caoi do dhéanamh go ndeoir dhatha

tre réallain eoil catha Cliach.


18 Na cúig cúigidh-se clann Luighdheach

lán d’eolchuire druim ar dhruim;

fa léan ní dhiongna na daoine,

iomdha néal ag caoine Í Chuinn.


19 Ceithre searbhghaotha iar slait Raoileann

is réalta dhonn as dearg snas

ag drud re caithimh a chéile

tug ar laithibh gréine glas.


20 Siansa cumhadh ceol na Finne;

fachain tuirse tá ’gun Mhuaidh;

ar chuan Daoile ní fhuil áineas;

faoidhe guil ag ráimhEas Ruaidh.


21 Cuiridh athtuirse ar fhior gcuarta

an ceol tuirse tá san gcuan;

do-bheir caoine ar fhior ainiuil

faoidhe na sriobh dtaidhiuir dtruagh.


22 Ag caoine laoich Locha Feabhail

faoidhe truagha tógbhaidh sí;

is lór do mhaoithe do mhúsgladh

glór na gaoithe ag dúsgadh dhí.


23 Ag dúilibh balbha iar mbás Aodha,

gidh iomdha cheana caoi thruagh,

is lia faoidhe badhbh is brainéan

ag caoine a arm raighéar ruadh.


24 Do b’iad trí bhrughaidh na mbrainéan

a bhas fhuilteach nar fhosd séad,

a dhornchar, ’s a dhoire caoilshleagh,

Murchadh oile Gaoidheal nGréag.


25 Murchadh Siuire, seabhac Muimhneach,

mac Briain Bhóruimhe, barr Té,

níor ghabh for-íor adhbha Cormaic

gér dhamhna ríogh orrdhraic é.


26 ’N-a dhamhna téarna - tuar neamháidh -

Naoise éachtach na n-each mbras;

níor léigeadh faoi róimh na ríghe

gé do bhaoi dóigh fhíre as.


27 Do thuit fós suil fuair a ríoghadh

i Ráith Dá Choga cian uaidh

Cormac na Loingse, lámh éachtach;

fa dál toirse an t-éachtbhrath fhuair.


28 Mac Carraigh chalma an cur éachtach,

Aonghus Cláire rer chóir súil

do chall ar dhóthchas a dhraoidheadh

barr órchas far saoileadh Súir.


29 Mar na damhna tú do thuireamh

tug cinneamhain bhus cian goimh

d’Aodh Eilge gan táth a thíre;

fáth feirge na síne soin.


30 Timcheall tighearnais an tuaisgirt

ní turbhaidh tharla ar tuir mBaoi

achd olc d’Ibh Cobhthaigh a gcinneadh;

níor locht orthaibh filleadh faoi.


31 Ar olc re hógaibh an tuaisgirt

nar toghadh oirn Aodh ’n-a rígh;

ar n-eite lúith do chloinn Chraoidhe

do bhuing tnúith na ndaoine dhínn.


32 Guais gur díoghladh do dhigh tnútha

le taobh míleadh Mhúir Dá Thí

an feidhm do-níodh gleolucht gaisgidh;

fa beodhacht i n-aisgidh í.


33 Na catha do chuirdis Ultaigh

i n-aoinfheacht le háirsidh Liag

le hAodh Fáil do-bheirthí a mbuidhe,

fa neimhní dháibh uile iad.


34 Do-ghéanadh sei-sean sluagh d’aoinneach

Aodh Bearnais ar bruinne slóigh;

muna mbeath [a] each is a ara

do ba [a] leath cleath dala dhóibh.


35 Glún deireanach gaisgidh Gaoidheal

a ghaol ón tráth tharla i n-uaigh

mar fhine Róigh iar gCoin gCuluinn

ó do roigh róimh fhuluing uainn.


36 Dínn do-roighneadh ríoghradh Uisnigh

iar n-Art Aoinfhear - anba an clódh -

nó fiodh críon nó tráigh gan torchar

nó síol dTáil iar Murchadh mór.


37 Nó Tuatha Dé na nduas líonmhar

ar Lugh Láimhchian dar an linn,

nó fine Néill iar Niall n-Oiligh

nó a fhian féin iar n-oighidh Fhinn.


38 Nó an Róimh phortghlas iar bPoimp Máighe

múr duaitheanta Dúin na nGall;

iar ndul faoi dá fláithibh dílse

caithir na Traoi an tír-se thall.


39 Nó an Fhrainc iar Searlas sluaigh Gaoidheal,

nó an Ghréag uma ngéisid cuill

do bhí fa bhrón iar n-éag n-Aichil

- is mór an béad - caithir Chuinn.


40 Aichill mhac Péil na mbeart mbaoghlach

do bhí thoir go dteasda sé

neimh [ón] ghrian áigh ar a armaibh;

níor dháigh gliadh dá fhaghlaidh é.


41 Níor leighis liaigh ná luibh dhíleas

duine ar ar dhearg - dia do ghlóir -

Aichill mhac Péil posd an ghaisgidh

nar fhosd ó chléir aisgidh óir.


42 Níor leigheasadh go lá a éaga

éachta a chaolgha ná a chuilg dhuinn;

do bhí Aodh amhla ’n-a Aichil

damhna ler fhaomh caithir Chuinn.


43 Neimh a láimhe ón ló do imthigh

d’Ultaibh uile is adhbhar cráidh

- an ceas naoidhean do fhás ortha -

tre a bhás aoinfhear Tolcha Táil.


44 Na toirthe ar dtréigean a ndatha

- ní daoine a-mháin - mór an bhroid;

a-ta ót éag fa cheas cumhadh

meas na ngéag ar ndubhadh dhoid.


45 Le glór dhuaibhseach dhíoghlas borbghaoth

ar bhalbh oighreadh d’fhuighlibh cuain;

a-tá a luach d’fhailmhe san fhiodhbhaidh

aibhne ós bhruach re n-iodhnaibh uaibh.


46 Diasa fása is fiodhbhadh fholamh

d’easbhaidh eire ag éirghe suas

a luach soin d’ísle san fhochan

go ngoil tríbh-se ag crothadh cnuas.


47 Soighnéan fiuchaidh, aoibhle teine,

fan dtuaisgeart ag téaghadh líog,

a-tá a lógh d’fhuaire san oighreadh;

lór do thruaighe ar toirneadh tríod.


48 A sil a innibh an aieoir

d’fhearthain líonmhair san leith thall

teasda soin do bhliocht ón bhuarchrodh;

ní fhuil achd riocht uathmhar ann.


49 Éachta mionca, míne is burba,

boga is cruas, is cumann sáimh,

na síona dá gcaoi ó chroidhe,

a dhlaoi dhíona Mhoighe Máil.


50 A mhaoidheamh beag iar mbreith cosgair

a chnú chroidhe, a chathach Ché,

a leonadh gnáth daoine ndearbhtha,

a bhláth naoidhe Tealcha Té.


51 A Aodh Óg mhac Aodha Í Dhomhnaill

nar dhiult iorghail, nar éar duain;

a dhúsgadh cealg, a cheo shídhe,

a bhreo dearg an tíre thuaidh.


52 A mheic Máire, a mhóradh éigeas,

an uaigh i bhfuile, a fhleasg lí,

ní beag do mheath fuile Féilim;

is creach uile d’Éirinn í.


53 Mág Aonghusa ón uair do imthigh

an t-eineach uile fuair bás,

iomdha gan riar dámh dá dhearbha;

triall tre Chlár Teamra ní tráth.


54 Teasda gaisgeadh Ghaoidheal gConnacht

Conn Aolmhuighe mar fhuair bás;

ní cluintear tnúdh le cor gcosgair;

dol do thúr tochair ní tráth.


55 Fuair a oirdneadh i n-áit Pápa

Peadar cráibhtheach, ceann na ngrás,

lán do bhuaidh do bhaoi san ríoRóimh

fuair gnaoi ón Tríonóid ’n-a thráth. Ní tráth.