firstLine"; ?>

1563. Nior bhaidh teine Teallaigh Eachach $
Length: very long 50qq+
Certainty: 1
Period:
  1. 14th early
  2. 14th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Magauran MS 14th cent.
Prints:
  1. transl. McKenna BM no. xxv
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. envoi to other patrons
  3. envoi to saint Caillin
  4. nobility of ancestry
  5. liberality to poets§
  6. prowess in battle
  7. caithreim, list of triumphs
  8. creach, cattle-raid
  9. church’s immunity in war observed
  10. Pun qq 1-10
Poet Christian Names:
  1. Niall (Magauran MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Tomas mac Briain
Patron Surnames:
  1. MagShamhradhain d. 1343
Meter Vars:
  1. Sneadhbhairdne freely applied
Poem:

Poem in printable PDF format

Nír bháidh teine Teallaigh Eachach


[McKenna, L.: The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 25]


Niall Ó hUiginn .cc.


1 Nír bháidh teine Teallaigh Eachach

as úr gleandál;

ard a lasar dhonn nach diombuan,

trom a teannál.

2 Teallach n-Eachach iomdha a chroinn chiuil

as chóir sheinntear;

an tuath fo heallach ní hairgthear

teallach teinteadh.

3 Teine bhithbheo bhias ar fadódh

fríoth n-a ghleannaibh;

dá lasair dheirgthe mar dhonnfhuil

teinte an teallaigh

4 Teine bheo bheannachtan Phádraig

gan phláigh dh’fhaghbháil,

teine bheo na gcríoch do chongbháil

ar fhíoch n-anbháil.

5 Loise tionóil Teallaigh Eachach

d’eagla a frasghan

ní seachbhaidh d’fhóir caomhna a cleasradh;

laomhdha an lasradh.

6 Crithre theinteadh dTeallaigh Eachach

mar ór n-asnach

[fa] chois ríogh Éireann go hUisneach

léitheann lasrach.

7 Gealbhainn a theinteadh gá dtogbháil

ór [dtoigh] thromshluagh;

iomdha ós Teallach Eachach airmghéar

deathach donnruadh.

8 Nír fhaomh oireacht

re thaobh ag toigheacht go reannaibh

sluagh Eine an áigh;

teine nar bháidh teine an teallaigh.

9 Fadódh ar gríosaigh is gnáth re

gasraidh n-Uladh;

meinic do théigh teas a theineadh

cneas gach curadh.

10 Teine bheo bhithbheo na Bréifne is

brodla sgríobhaim

go flaith Mhuighe gormLuirg gránduinn

[donnbhuird] díoghuinn.

11 Losgudh caigcríoch

crithre n-a gcaire cosg deighfhear,

lasar n-a laomh dhonn gan dubhadh,

caor throm theineadh.

12 Teine bhithbheo

nach báidh uisge agus í ag deargadh,

teine bheo ar a bhfuil úidh ughdhar,

tuir Dhúin Dealgan.

13 Laoch Muighe Sléacht na súl mongach

mín re ceallaibh;

ní bhí d’fhior eile n-a hurraidh

teine an teallaigh.

14 Teine bheo ar eineach ’s ar eangnumh

is ar uaisle

- teagh ríogh ní reich -

fear do dhíol fo dheich ar nduaisne.

15 Tomás Mág Shamhradhán Shionna

nar shir doimhiadh

mar do bhí Brian agus gach rí

riamh gá roiriar.

16 Ar mbreith ar buaibh

ma gach gcreich nochon fhuair urchur;

laoch nach garbh nglóir,

ar mharbh don tóir ro bo turchur.

17 Taoiseach bheanas orraim d’airdrígh

is é ar sódhfhás;

gach rí ar a dtug maidhm fa mhíonós

ó thairm Thómás.

18 Ag cách cantair:

ní gnáth antair re hó n-Eachaidh;

dá threas tachair

do dhathaigh gach cneas dá chleathaibh.

19 Maith ma dhuais n-iarchomhairc d’éigsibh

ard an ghnaoisin;

maith ma dtug ó Duach do dhuasaibh

tuath an taoisigh

20 Teallach nDúnchadha do dhíochuir

as a ndúthaigh;

cródha an dream do cháidh go Cruachain

ceann Fáil fúthaibh.

21 Iomad lúireach ngeal is ghormat

re barr mBóchna

rob iomdha ar an áth lann líomtha ar

sgáth crann gcróchdha.

22 Iomad bratach meic Bhriain Bhreaghaigh

nach bras mbaothghlóir;

iomdha go cladh reilge ríoghthóir

meirge maothshróill.

23 Fear ríoghtha is aithríoghtha airdríogh

is é ar slóghfhás;

ní bhí buachail

[do] na Trí Tuathaibh acht Tómás.

24 Mág Shamhradhán

na [reann] as éachtairgneach Taoidhean;

dá arm go n-ór

ar mharbh ro bo mór re mhaoidheamh.

25 Mac meic Dhonnchaidh deargas cathbharr

cúich nach molfa?

i ndlús deabhtha

a sheachna ar dtús ro bo toghtha!

26 Nír theich tachor

man gcreich ag crathudh gach caschroinn;

ar broinn bhearna

do roinn gach gealgha dá ghlasloinn.

27 Mac Briain Mhéig Shamhradhán Sheaghsa

sheachnas fhionghuil,

an té threabhas

ní hé bheanas ag a bhiodhbhaidh.

28 A haithle an áir

ainm gach móna ó mharcach Umhaill;

móin an mhadhma

don tóir ru ba gharrdha gubhaing.

29 Fál suaithnidh sleagh

fuaighfidh an clár geal re ghoirmshliabh;

dá chosnumh ní thriallfadh tromshluagh

iarthar Oirghiall.

30 Inis Taidhg go Tráigh gClaoininnse

ag craoibh Oidhbhe;

leis Loch Mac n-Éan re Gleann nGaibhle

agus Beann Bhoinre.

31 Gach fear dar airg d’Fhearaibh Manach

móide as urra:

do chuir ó Cuinn ar íbh Colla an

chuing mun [gCumhnga].

32 Cách re flaith Fáil;

fíorfaidhear fáisdine ar ndruaidhne;

biaidh gach fear as fhearr go nÉirne

re ceann Cuailghne.

33 Críoch na Bréifne

biaidh aige ’s ag cloinn a chloinne;

sgoth Chláir Chime

ag Loch Dhinne is cáir an choinne.

34 Smacht anbháil ar airdríoghaibh Banbha

ag baidhbh Luaraidh

gor chu ....

Brian ós na Brianaibh [do bhuanaigh].

35 D’Eochaidh Fheidhleach,

d’Eochaidh Mhuighmheadhón ro moladh

ríoghraidh Inse Fáil na bhfileadh

dáibh fa dholadh.

36 An treas Eochaidh a-tá im Thomás

na dtaobh seangbhog,

Eochaidh do fhuair clú i ngach comhrag,

ní dú a dhearmod.

37 Clann Ruairc mheic Thighearnáin Teamhrach

im thuir Máighe,

Mac Diarmuda Bearbha is Bhúille

- is damhna áille;

na trí Eochaidh Breagh is Bhóinne

fa fhear n-Áine.

38 Re reacht roimhear,

re neart a chloidheamh ’s a chraoiseach

bidh lom gach tír i bhfoil fásach

thoir [dá] taoiseach.

39 Deirge ná an fhuil aigheadh marcaigh

Mhuighe Feimhin;

gnúis ghairthe a ghnúis;

a fhaithche gan túis gan teinidh.

40 Mac Maoile Meadha agus mac Briain

ós gach fhlaithfhréimh

rug buaidh ó mBriuin,

na sluaigh tug go ciuin dá chaithréim.

41 Mág Samhradhán sidhe bhuadhaigh

gach buaidh leanas;

tonn ghleo géirthe

a ceo trom do Bhréifne bheanas.

42 Ar cosnumh chreach

cinnidh ar taoiseach gach tuaithe;

cruaidh airm ro fhill

fa na buaibh ar ngairm Chinn Chruaiche.

43 Re freasdal bhfear

re teasgadh a sleagh [ag] sróllfhás

[téighthear] do loinn chruaidh an chaoildias

i dtuaigh Thómás.

44 Tomás mhac Briain

baramhail do dhreagun Bhéirre,

Dolbh ar cionn chealg,

Fionn agus Bodhbh Dearg ar déine. Ní

45 Inghean Éadaoine earrla bhláith

bhíos ’n-a [dhualaibh],

a dreach mar rós ós gach ríoghain

nós do Nualaidh.

46 Inghean Méig Uidhir, aigheadh dearg,

dhíolas laoidhe,

[buaidh] rug as a hóige ar fhéile,

móide ar maoine. Ní

47 Diall re hathair

ag [inghin] Domhnaill Dúin Mháighe,

a mholudh is deaghdhual dúinne

gealghruadh Gráinne. Ní

48 Caillin Fiodhnacha dar bhfurtocht

ar gach bhfaghail;

do fhóir sé ar gach ndoigh n-a dheaghaidh

mhé ar goimh ngalair.

49 Brian mhac Ruaidhrí Rátha Guaire

gríosaidh fháidhe;

airgfidh ar dteachtadh gach tíre

bhreacMhagh mBáine. Ní

50 Toirdhealbhach mhac Aodha Uisnigh

áithcheodh sbleighe,

re gleo ngarg do ghabh Mhagh Midhe

’s Mhagh n-ard n-Eine. Ní