Poem in printable PDF format
Níor iomchair
meise mé féin
[Colm Ó
Lochlainn, ‘Prince and Poet: A poem to Art Mac Aonghusa’,
Éigse 2, 157-162]
1 Nír iomchoir
meisi mé féin
tuigim oirni
aithnim eiséin
- rosg
dealbhghlas nár chlaon don chóir
a ndearnas ar
Aodh d’égóir.
2 Anois tuiccim
tuicthi dhamh
a ndearna mé ar
Aodh d’uabhor
truagh é a
fhionnachdoin ann
dob iomarcoigh é
d’fulang.
3 Do mholoinn a
chruth corcra
s a ghnúis
shuilbheir shéghanta
earrla claon dá
ttabhroinn tol
s do aghnoinn
Aodh gan adhbhar.
4 “Cam srón
Firín” feadh a ré
nír fhuilngeas
d’uchd mar ghlainré
beithir
coirmshean dár chlaon coill
s do fhoilngeadh
Aodh a n-abruinn.
5 Do cleachdthaoi
liom laithe n-óil
nír thuig
me a mhéd d’onóir
beith fám
brághoid dá bhois ghil
anois tánoicc a
thuigsin.
6 Rann as bél a
chéile um chuirm
nír thuig mé a
mhéd do mhórmhuirn
gég chaomh in
chladhfhuinn-si Néill
do
ghabhoinn-si as Aodh ainnséinn.
7 Do bhínn as
Aodh bél ar bhél
do bhínn fós is é
ar énsgél
s do bhínn
na aghoidh arís
shamhoil í Ír ní
fhaicmís.
8 Ar chan riom a
ráidhinn ris
do chomhráth
mhiochoir mhilis
bheith dá
chuimhne do chráigh sinn
fuighle cáich mar
do chluinim.
9 Do bhínn
aige um fhírfhear gráidh
do bhínn
aige a ccruth chumpáin
damh ré ó
chaomhchlár Chriomhthain
ar n-aonchrádh é
d’Éirennchoibh.
10 Cumhoin liomsa
luaighim sin
d’éiccsibh Banbha
beart doiligh
leoghan sluaigh
finntighe Floinn
fuair ar
m’impidhe a n-iaroinn.
11 Dá suidhinn a
n-áit oile
d’éis óil fhada
ar nAodhoi-ne
gur sgar gríobh
ghloinÉirne roinn
do níodh
choimhéirghe chugoinn.
12 Tús suighe,
leath a leaptha
fuaras fós fáth
aigeanta
tús a óil rún í
Rosa
do chóidh fún a
bfuarasa.
13 Fuaras póig
fuaras fháilte
fuaras óm fhior
énpháirti
teas gráidh in
dondabhraigh dhuinn
tar ollamhnaibh
chláir Chriomhthuinn.
14 Fuaras fós na
fithche bó
cúis mh’orchra
m’adhbhar iarghnó
s gus an aonbhoin
uair oile
ó sduaigh
fhaobhroigh Fhearnmhoighe.
15 Do gheibhinn
fós go fiú in gha
fuaras
uadh earradh tuata
fuaras
uadh onóir ollaimh
tuar anshóigh a
n-uaramair.
16 Luach na
loinne s a lann féin
luach an eich,
each an óirshréinn
earla claon na
ccaoindearc nglas
a n-aoinfheacht ó
Aodh fhuaras.
17 Sgiath an
laoich do lingeadh cath
sbuir dheaghóir
dhreagan Teamhrach
maighre sídh na
sróllshlat bhfionn
is ór-at í Ír
fhuairsiom.
18 Fuaras chrios
go cceardacht n-óir
fuaras scín
chuirp í chaomhRóigh
fuaras
chaoilléinidh ttruim tte
ó shaoirfhéinidh
fhuinn Éirne.
19 Ó mhac
Domhnoill dreach mar chaoir
fuaras lamhoinn
mbláith mbennchaoil
fuaras bhróig
mbaothbhuig ttana
traothfoid mo
chóig cédfadha.
20 Anois tuigim a
theacht ruinn
cóir do Dhia ar
imdhidh oroinn
cúl fionnchas nár
chlaon don chóir
nír iomchras le
hAodh m’onóir.
21 In cumann do
cheangail mé
le mac Domhnaill
dreach naoidhe
rosc dummall ar
nár chlaon cath
ó Aogh nír
chumann cealgach.
22 Art mac Aodha
an abhra mhoill
do dhéna mac mhic
Domhnoill
gnúis iodhan na
ttachar tte
ionadh a athar
oirne.