firstLine"; ?>

1568. Nodlaig do chuamair don Chraoibh $
Length: long 41qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. Book of OConor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. NLS Adv. 72/1/49 ?cent.
  4. RIA 3(23/L/17) S. O Murch. na R. 1744-5
  5. RIA 488(23/N/12)MmcP UiLongain 1763
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 8
Motifs:
  1. envoi to wife: Anna
  2. Function of poetry
  3. poets at feast
  4. caithreim, list of triumphs
  5. king’s officers: aos gradha
  6. list of subject territories ?
  7. earlier text named? (poet’s own?) q. 17
  8. patron’s house
  9. music
  10. oireacht
Poet Christian Names:
  1. sname only (RIA 265, 489)
  2. Tadhg Dall (BOCD, RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O Dala Fionn
  2. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach (Luineach) mac Neill
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1595
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Nodlaig do-chuamair don Chraoibh


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 8; with additions from P. Ó Macháin ‘Additional readings to some of Tadhg Dall Ó hUiginn’s poems’, Celtica 18, 69-76]


1 Nodlaig do-chuamair don Chraoibh

ollamhain Fhódla d’éantaoibh

ar slios réidh an bhrogha bhuig

i robha Ó Néill um Nodluig.


2 Baile do bhailtibh Í Néill

an Chraobh shíodhamhail shoiléir -

níor dealbhadh aoinlios budh fhearr -

lér ceangladh aoibhnios Éireann.


3 An uairsin is é tarla

fan gcuing ríogh gan fhreasabhra

géag shaor ó Tholaigh Theamhrach,

an chraobh thoraidh Toirdhealbhach.


4 I gcionn deich mbliadhan do bhí

ó do hoirdneadh an t-airdrí,

san Chraoibh ar dtógbháil toighe

do chraoibh ó­gnáir Almhoine.


5 Gluaismidne i gceann na Craoibhe

d’fhios an déidghil dreachnaoidhe,

lucht comhmolaidh Fáid na bhFionn,

mar táid ollomhain Éirionn.


6 Tarfás dúinn ag dol inte

gur thuit froigh na firminte,

le tairm ngreagh srianbhuidhe seang

fa fhear rianmhuighe Raoileann.


7 Tarfás dúinn ’na dheaghaidh sin,

ó dhealradh airm is éididh,

go raibhe idir bharr is bhun

an baile ann ar n-adhnadh.


­8 Samhlamaoid re fuaim a bhfleadh -

cúirt í Néill na Naoi nGeimheal -

muir anfaidh ag tochta i dtráigh,

re dabhchaibh corcra ag comhdháil.


9 Feadh amhairc ón mhúr amach,

re faoidhibh ceóil na cathrach,

gé bheith mé ar uillinn gach fhir

ní chluininn é mun aimsin.


10 Suil tairnig dhúin dul ’na gar

dar liom fa lór do shásadh

niamh a corn n­-ochtsholus n-óir,

boltonus a corm gcomhóil.


11 Suidhmidne ar slios na faithche,

na sluaigh theagair thiomsaighthe;

ar bhrú an tighe fhéaraird fhinn

file as gach éanaird d’Éirinn.


12 Tig chugainn i gcionn athaigh

aos grádha í Chuinn Chéadchathaigh,

gur fháiltigh gach duine dhínn

le fáiltibh uile ón airdrígh.


13 Amharc ar airdrígh Uisnigh

ní fríoth uainn an adhuighsin,

ó sduaigh shing bhogfholtaigh Bhreagh

sinn dár gcodaltaigh cuirthear.


14 Do ghabhsad dúinn ag dáil fhleadh

ó sin amach go maidean

dáilimh fhionnuallcha Í Néill náir,

gan chéim n-ionnfhuartha d’fhagháil.


15 Cuiris fhear dá fhéachain ruinn

an raibhe i n-éandán aguinn

sgeóil a threasa ar fheadh nÉireann,

feasa a chean nó a chaithréimeann.


16 “Ní fhuil,” ar éigse Banbha,

“’s atá,” ar an t-aos ealadhna,

“bunadh craobh gcaibhneasa ó gCuinn,

gan taom n-ainbhfeasa aguinn.”


17 “Atáid linn ‘Sochair Síl Néill’”,

ar filidh Éireann ainnséin;

“’s ar ghabh dá gcineadh Bóinn Bhreagh,

’s ar dligheadh dóibh do dhéineamh.”


18 “Atá linn gur dó dleaghair

Múr Cruachna an chláir mhínshreabhaigh,

is Múr Té an bhraonoirir bhinn,

’s gurb é is aonoighir d’Éirinn.”


19 Téid an teachtaire céadna

d’fhios an ghruaidhghil ghnúisdéadla;

na forfhuighle i gcéill do chuir

d’Ó Néill Mhodhuirne ar maduin.


20 “Más é is fháth molta,” ar mac Néill,

“dóibh, a ndubhradar ainnséin,

mó is neamhmoladh é orthaibh,

greannoghadh é ar Eóghanchaibh.”


21 “Aoir mhór do mhacraidh Teamhrach,

Clár Teamhrach,” ar Toirdhealbhach,

“do bhuain do shíol iochtmhar Airt,

’snách tiocfadh díobh a dhíoghailt.”


22 Do ráidh Ó Néill Teamhrach Truim

nách éisdfeadh éandán aguinn,

’sgo dtiobhradh díol ar gach dán,

gníomh dob iongnadh re a iomrádh.


23 Tigid chugainn re a chois soin

ó Néill Caille is clann Eóghain,

’san coillbhile ós chlár Uladh

lán d’oirbhire ar n-ealudhan.


24 Níor thógaibh mac Néill Í Néill

an aghaidh mhiochair mhínréidh,

nó an súil gcuirr mongabhraigh mir,

re hollamhnaibh fhuinn Éibhir.


25 Do-rinne rothnuall corcra

dá ghnúis áluinn éadrochta,

ó thracht bhuinn mhaoithréidh mheanmnaigh

go saoirchéibh dtruim dToirdhealbhaigh.


26 Do líonsam uile d’omhain

ré n-airdrígh chlann gConchobhair,

ar mbeith fa éinfheirg uile

do chleith bhéildeirg Bhóruimhe.


27 Gabhmaoid do bhriathraibh binne

ag iompódh a intinne,

ar tí a fheirge ar gcúl do chor,

’sníorbh fheirrde dhún a dhéanomh.


28 Ar mbreith féin do léigeadh lionn

leis ó Néill na Naoi nGéibhionn,

’sníor éisd saorbharr sluaigh Mhonaidh

aonrann uainn dár n-ealodhain.


29 Atá sé ó sin i le

fa aontuinn fhíochmhair fheirge,

do rígh clann bhfionnnuadhadh bhFáil

gan ionnfhuaradh ann d’fhagháil.


30 Fiarfaighim d’airdrígh Oiligh,

más mithigh é d’fhiarfoighidh :

briocht díbhfheirge ’na ghnúis ghil

g­­á cúis fhírfheirge ór éirigh?


31 Créad an fhearg mhórso ar mhac Néill

tar éis cháich dó do dhaighréir?

créad lér hadhnadh a ghruaidh ghlan,

nó an bhfuair adhbhar dá hadhnadh?


32 Dá bhféadthaoi a rádha ris féin,

fan bhfeirg móirse ar mhac saoirNéill,

ní fhuil ní d’adhbhar aige,

sí d’adhnadh is usaide.


33 Comhmór ceannaighthear a chlann

ag bruach Inbhir Dá Éagann

’s ag Finn bháin thiormshrothaigh the,

’s ag Tráigh bhionnghothaigh Bhaile.


34 Comhmór atáthar dá thol

ag Drobhaois, ag Aird Uladh,

’s ag Srúibh mhóir bhraonnuaidhe Bhreagh

’s ag Bóinn taobhuaine Tailtean.


35 Ní fhaghaim adhbhar feirge

ag rígh fholtchas fhinnDeirge,

acht tír do thoidheacht dá thoil

ó rígh go hoireacht d’Ultoibh.


36 Acht so amháin, is maith aithnim,

fearg an mhéirghil mhalaichshlim

mar nách rabha neach d’Ú Néill

ag cara a chreach i gcaithréim.


37 Go ló­ an bhráith do bhiadh ’na gcionn,

dá gcumthaoi ag éigsibh Éirionn

creacha foda an mhóir mheanmnaigh,

slóigh is troda Toirdhealbhaigh.


­38 Gidh eadh bhós ní baoghlach dáibh

dá mbeith sluagh Éireann d’éanláimh

’na n-aghaidh is é ar a son,

ní lamhair é ’sgach ionodh. [NODLAIG]


For the following see Celtica 18, 69-70


39 [Ní guais] dúinn a ndionga sinn

ó tá ar mo shon mar shaoilim

beithir taoibhgheal ó Bhóinn Bhreagh

aoinbhean darab cóir creideamh.


40 [Saorchlan]n Chonuill is clann Néill

maith (?) iad um aghaidh d’aoinmhéin

[..] ’na ndáil(?) ucht re hucht

budh dóigh Anna dom fhurtacht.


41 [A]r Shíol cColla na ccolg sen

.rachaidh gairm uainn ’na héigen

’sar Chloinn réidh Artúir uile

dá céibh fhaltúir órd[h]uid[h]e.