Poem in printable PDF format
Ó Dhia dealbhthar
gach oige
[T. Ó
Raghallaigh, Filí agus Filidheacht Chonnacht (Dublin, 1938),
147-63]
Ruaidhrí mac
Domhnaill uí Uiginn cct.
1. Seán mac
Uilliam a Búrc
ihs.
eli. eli. eli.
1 Ó Dhia
dealbhthar gach oige
cur na diaidh is
dóchoide
muna cuire i nDia
a dhóchus
do dhuine cia
chríochnóchus?
2 Gach oige
dealbhthar ó Dhia
ní fuláir do Mhac
Máiria;
go gcuire an oige
i n-ullmha
Oide gacha
healadhna.
3 Dealbh na
hoigi-si ós é ar mian
craobhsgaoileadh
chloinne Uilliam,
go gcuire mé ar
iúl n-iomdha
An Té is Triúr ’s
as Tighearna.
4 Cuan énleoghain
síol Sérluis
gur sgar re
Fraingc bhfóid-fhérghlais
d’fhios chuan is
oileán Eórpa
coileán don chuan
chineólta.
5 Uilliam
Coingcir an coileán
tug leis d’fhios
na n-ardoileán
bró dhubhamhus
nár chlé i gcath,
fa hé bunadhus
Búrcach.
6 Uilliam Mór, fa
mór a bhladh,
tug inghean
airdríogh Saxan,
féc lat ar
fhasadair uadh,
an tslat
fhásabaidh armruadh.
7 Ní beag leam,
ní leanabh dhíobh,
ar fhásadar ón
airdríogh,
dá laoidheadh gá
tás acht triar
aoinfhear dár
fhás ó Uilliam.
8 Fear don triúr
Ballda bhíonus
tuc aghaidh tré
aindíomus
soir do ghabháil
íath n-eachtrann,
is d’fhagháil
fhíach n-oireachtghall.
9 Nír an go
hÍarusaléim,
Ballda bhíonus
bhaoithréim,
fear do gheabh
urmhór Eórpa,
fear go
ndubhshlógh ndoileónta.
10 Léigthear trí
bliadhna dég dhó
Ballda bhíonus de
Burgó
gníomh as ar
cháir a charthain
cain rígh ar an
ríoghchathraigh.
11 Ar dtríall
uaithe dá éis sin
nír fháguibh
cúirt ná cathair
go righ Pearsan
na bpeall sróill
nar ghabhsan sa
dhream deaghshlóigh.
12 Do thuit ris
rí na bPearsa
’snír léig d’éis
na h-imreasna
tí feadh na tíre
nar thil
’sdo gheabh an
ríghe ar éigin.
13 Airdrígh
Pearsan na bport mín,
Gásim dob ainm
don airdrígh,
don onchoin fa
gallda gus,
torchair le
Ballda bhíonus.
14 Ar ngabháil
gach tíre thall
dóibh go
Damasenórum
gabhtar cuan leo
sa listír
ó nár beo sluagh
Sirrisdín.
15 Tug treas dá
dtorchair an rí
ar ndul dó go
Damaséní
dár léig rí na
tíre thoir
ríghe don tí le a
dtorchair.
16 Airdrígh na
hEasgcalóine
do chosnamh a
choróine
tug an sduagh
chleath-chorcra cath,
sa sluagh
fearchonta Franngcach.
17 Ag Ballda
bhíonus más fhíor
do bhí ar
n-oighidh an airdríogh,
sa fagháil a
bhfíor catha,
coróin ríogh an
ríoghfhlatha.
18 Nír fhógair
cath nar chosoin
Dia don Ballda
bhíonos soin;
an ré nar chlódh
a cheart bhreath
ór mhór ár na
n-Éigipteach.
19 Ag(h)
cathughadh mun gcreideamh
ní neart sluaigh
ná sochraideamh
fár chuir sé cath
dar cuireadh,
ach rath Dé lér
deonaigheadh.
20 Ó Iarusaleim
a-le,
pongc ceirt
mheadhóin na cruinne,
cia an cuan nar
fhíreolaigh air
cuan an
ríleoghuin Franngcaigh.
21 Ballda bhíonus
ní bhiam ris,
mithid dhúinn
dhéanamh thairis;
labhraim don dá
fhior oile,
d’fhiodh na
gcrannghall gcumhraidhe.
22 An días oile
do bhí abhus
dá bhráthair
Bhallda bhíonus
a n-imtheachta sa
n-eachtranna,
inleanta na
h-imtheachta.
23 An t-Iarla
Donn, dearc mar ghloin,
fághbhuis dá éis
gan athair
an inghin
mbádhaigh mbannda
náraidh slimghil
shaorchlannda.
24 Snadhmuis ría,
ríoghdha an cinél,
mac rígh London
Loinidhél,
mar fuair inghean
an Iarla
’na sduaigh
fhinnghil fhoiltniamhda.
25 Inghean lér
fhill an oighreacht
Eilísdábét
briathar beacht
an té tugadh ar
deighshén
rugadh lé do
Loinidhél.
26 Tarla don mhac
óg eile
rug inghean na
hingheine
gur bhean fód
sealbha a Sagsaibh
an t-óg fearrdha
Franngcaighsain.
27 Fuaramar ó na
feasaibh
gur airdrí gan
imreasain
an mac go
mín-choluinn ngloin,
slat don
rí-chrobhuing Fhrangcaigh.
28 Sliocht
Loinidhél is dá lorg
mac don treas
airdching Edbhard
gach rí ó shoin
do Shagsoibh
thoir ó do bhí an
Búrcach sin.
29 Ocht
mbhliadhna dég - dearbhtha an sdair -
d’Edbhard ar
fhichid bliadhain
ina rígh chródha
chonnoill
do bhrigh chóra
ós caoimhlonnuinn.
30 Eilísdábét an
bhean-sa anois,
cleath chumhra do
choill tSéarluis,
mar tá gach
cleath dá cinél,
gidh tá a leath
do Loinidhél.
31 An tIarla Donn
deaghloim ris
ar leanmhuin a
luirg dhílis
cairt uaidh ní
fhuil gan tshéala:
ag sin uainn a
úirsgéala.
32 Fuair onóir le
neart luingsi
an treas cnú don
chrobhuingsi;
gaoth i nglacaibh
na seol sean
lér sheol go
macaibh Míleadh.
33 Tug Riocard
Mór, gá mó gníomh,
deagh-mhac
inghine an airdríogh,
aighthi a long
siubhal-bhras seang
ar fhonn
n-iubhar-ghlas nÉireann.
34 Do gabhadh leo
ag Loch Garman
na bport
n-éigneach n-abhonn-ghlan
cuan don loingsin
um an loch
na Gaillsin do
thuar Theamhrac.
35 Nír fághbhadh
leo ’na loingsibh
an slógh
aibhseach eachtrannsoin,
roighéga do shíol
ó shoin,
acht líon coiméda
a gcabhlaigh.
36 Sluagh
Riocaird nó go rug neart
tugsat a
n-aighthi i n-aoineacht
ar chrích dtais
bhfhódbhuig bhFuinidh,
ní ar ais
fhobraid ionnsoighidh.
37 Buailid
aghaidh a n-aghaidh
rí Éireann is
allmharaigh,
slóigh Gaoidheal
leis na Gallaibh
gur sgaoileadh na
sgeólangaigh.
38 Mac
Toirdhealbhaigh gér thaom náir
beantar do
Rúaidhrí an ríoghláimh
ón míonalt
méirsheang uile
is ríoghacht
Éireann d’énbhuille.
39 An lám féin
nír ghabh mar gheall
an Riocard-sa ó
rígh Éireann
gan sealbh
Éireann uadh d’athchur,
an sduadh
mhéirsheang mhalac-dhubh.
40 Cith
luaithridh ós na laochaibh
éirghis ris na
himghaothaibh;
tug an ainm
suaithnidh ó shoin
Maidhm an
Luaithridh sna leabhroibh.
41 Maidhm oile a
ionnamhail soin
tug arís gég dá
ghégoibh,
an cinnbhile nar
choill chríon,
do chloinn
inghine an airdríogh.
42 Sir Uilliam
mac Uilliam Óig
mic Riocaird nár
bhris bélmhóid
foighég lér
cuireadh an cath
tar roimhéd
tuireadh Teamhrach.
43 Maidhm Átha na
Ríogh róghloin
tearc d’fhóir
Ghaoidheal ghlanarmuigh
do chuaidh gan
chréidhim ón maidhm
dá bhfuair Féilim
an forainm.
44 Féilim an uair
do heasgradh
a dtús cháigh sa
choimheasgar
táinig d’easgar
chind ó gCuinn
teasgadh a chind
dá choluind.
45 Áth Fhéilim
Átha na Ríogh
baisdear é d’éis
na móirghníomh;
nír lamhadh gan
luagh baisde
don tsluagh
dhanar dhíchoisgthe.
46 Cland Í
Dhúbhda sa deabhuidh
a mbás do bhí i
gcindeamhuin:
mó ná díth Airt Í
Eadhra
fríth a gcairt na
cinneamhna.
47 Bás nár
bharamhail sa dias
bás Maghnusa mhic
Aindrias
ní maoidheamh ar
a mhacsamhail
slat do
chaoinfheadh Chonchobair.
48 Go tuitim
Taidhg Í Cheallaigh
nír áirmheadar
Éireannaigh
d’fhearaib
cneasghlana ó gCobhthaigh
a n-easbhadha ó
allmharchaibh.
49 D’fhearuibh
Saxan na sróll ndearg
ní mó na Gearóid
Gaindard
torchoir ar an
taoibh oile
mun onchoin
shaoir sheabhcoidhe.
50 Sior Uilliam
Búrc branán gall
a ghaol ó thugas
timcheall
tabhram don taobh
is neasa
glanbharr a
chraobh coibhneasa.
51 Ón tShior
Uilliam sin do fhás
an t-Émand ór
fhás Tomás
dár mac an
t-Émond oile
ar shlat ghné
dhonn Ghallmhoine.
52 An Riocard nar
bheag mbisigh
mac don Émund
oilesin;
géill gach príomh
oirir dó a ndán
a rígh oighir so
Seaán.
53 A n-iúl go
hUilebhérus
ag sin don té
thoigérus
na glan-shluaigh
go nglóir n-aidhbhsigh
an fhóir
armruaidh eachtrainnsin.
54 D’Oilebhéarus
do bhí a ndán
an mac
suaitheanta Seaán
leis
cumhduighthear cóir a shean
leis
cumgoidhthear glóir Gaoidheal
55 A ua Seaáin na
sluagh mborb
d’aon fhuil thú
’sa treas Edbhard,
a chrú an phlanda
do bhí abhus,
tú an rí mar
Bhallda bhíonus.
56 Tú an Ioruaidh
ós gach eallta,
tú an ré sholus
shoineandta
ós gach réltuinn
ríogh rómhuibh
do shíol Émuinn
Albanuigh.
57 Is tú an t-ard
os gach fhánuidh,
tú an bile os na
beangánaigh,
tú an treoir
nacha térnad[h] a cath,
tú énlán beoil na
mBúrcach.
58 Tú lingfeas ar
lorg do shean
an t-oilén sa mac
Míleadh,
oilén is dú do
dheoruidh,
tú coilén an
chéad-leoghuin.
59 Deoch do
rígh-fhuil Riocard Mhóir
mar fhíon i
ndabhaigh dheargóir
ar ngabháil id
ghruaidh bhántais
d’anáil ghuail an
ghabháltais.
60 Fuil Dálach sa
Bhúrcfhuil bhog,
dá mhianach an
óir indatt;
leantar libh an
dá mhianach,
sibh Eachtair na
nUilliamach.
61 A mhic inghine
Aodha,
gá adtám do
dhruim dheaghthaoma,
acht rug tú geall
na nGaoidheal
ós tú is ceann
don chraobhsgaoileadh.
62 Maith dhóibh
nach deachadar riamh
tar do mhéin, a
mhic Uilliam,
dá ngrádh bhudh
inmhaoidhimh ort
fionn-Ghaoidhil
fá chlár Chonnacht.
63 Ca beag
d’imarcaigh orra
mar táid na trí
príomhThonna
ag brath iarthair
bhuig Bhanbha,
duit do
bhriathraibh banamhla.
64 Na feadha a’
feacadh a nglún
a t’onóir a bhos
bharr-úr
do shín ní
thógbhuid turbhaigh
a dtír fhódbhuig
Amhalghaidh.
65 Iomdha fa
oirear Muaidhe
dh’fhiodhbhaibh
bhláithghil bharruaine
croinn
chiabhghlasa ós geil-eas glan -
leigheas
fiabhrusa a bhféchadh.
66 Cóir a mheas
ré mac Colmáin
dá ndearntaoi as
iomarbháidh,
rí fionn-Mhuaidhi
na bhfleadh sean,
fear fa
hionGhuaire ar aigneadh.
67 Nach
measfuidhe mac Gaoidhil
ní geall dá
ghnúis bhforbhfaoilidh
lé rígh locha mín
Measga
do bhrígh ratha
is rí-theasta.
68 Ní iongnadh i
n-aois ’shinnsir
buaidh aige ón
fhóir Ghaoidhilsin
do bhí buaidh
dhósan i ndán
an uair ba sósar
Seaán.
69 An laoidh-si
na laoidh anduimh
do dhealbhus dó
ar dhubhGalluibh
oide múinti na
ngall nglas
is rann dúinti ar
ar dhealbhus.
70 Mac na ríoghna
ó bheól Bearnuis
fada atá ag tuar
tighearnuiis;
ní dual gan dóigh
a dteaghthuar -
cáin uadh ar gach
oirearchuan.
71 Ní rígh gan
rogha dtochmhairc
fríth linn and
gach leabharchairt
tar mhéid a mbí
d’imrádh air
nach imlán rí gan
ríghain.
72 Tairthi
sreabh, síona tirma,
cá beag do bhrath
bainríoghna
fríth ó na
balbhshíonuibh brath
ar bhainríoghuin
na mBúrcach.
73 Ríoghan do
rogha ndealbha
do thorchoruibh
tighearna,
cuid onchon Macha
do mhnáibh,
fa torchor flatha
a fagháil.
74 Nír léir a
leacoin bhláith bhuig
ag Maoin ná ag
Saidhbh ná ag Sáruid
finn-bhile is rós
ar na roinn
ar nós ingheine
Émuind.
75 Dá chlár
leabhra leacan ngeal
dá réidhchlár
thana troigheadh
atá ag Síle ar na
snoighe
mar mhná Tíre
Tairrngire.
76 Idir bhais is
déd is deirc
fuair Síle na sé
toirbheirt,
ruisge uaine is
dhá bhais bannda
is dá frais
nuaidhe niamhannda.
77 Searc onchon
easa Gaillbhe
ó fuair sí ar sén
comhairle
nír ghar nach
béradh buaidh clú
mo gén[ar] fuair
an t-onchú.
78 Ar n-oigi-ne a
hucht an Mhic
téagdhais in
torrchis oirdhric
garrdha póir na
dtrí tamhan
is dí is cóir a
gcríochnughadh. Ó DHIA.