firstLine"; ?>

1573. Och, och a Mhuire bhuidh (or Uch uch .... $
Length: short 11qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. love poetry
Manuscripts:
  1. NLI G 127 Richard Tipper
  2. RIA 151(23/D/13) S MacSolaidh c.1713
Prints:
  1. text DG no. 30
Motifs:
  1. eulogy of personal appearance
  2. legal terminology (eiric)
  3. Pains of love
Poet Christian Names:
  1. Domhnall (RIA 151)
Poet Surnames:
  1. MacCarthaigh (.i. an ceadIarla)
Meter Vars:
  1. Dechnadh Mrechtfelesach (approx.)
Poem:

Poem in printable PDF format

Och! och! a Mhuire bhúidh


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 30]


Domhnall Mac Carthaigh (an chéad Iarla)


1 Och! och! a Mhuire bhúidh,

a Bhuime Dé,

tugas grádh m’anma do mhnaoi

ler marbhadh mé.


2 Atá an toil, a Mhuire mhór,

’na tuile thréin;

do mharbh sin do láthair mé,

a Mháthair Dé.


3 Tugas grádh m’anma do mhnaoi,

ach! a Dhé,

’s ní ráinig liom a innsin dí

gur milleadh mé.


4 Grádh dá geilchígh is gile gné,

mar lile ar lí,

’s dá folt dualach druimneach dlúth

is ualach dí.


5 Grádh dá gealghnúis chriostail mar rós,

nár chiontaigh re haon,

’s dá dhá gealghlaic leabhra lúith

ler mealladh mé.


6 Rug a haolchorp sleamhain slán

mo mheabhair uaim;

milseacht a gotha ’s a glóir,

mé im othar uaidh.


7 Atáim ’na diaidh, ochán, och!

im bhochtán bhocht;

truagh gan an sluagh-sa ar mo leacht

ag cruachadh cloch.


8 Truagh gan bráithre ag mianán orm

re siansán salm,

ó tharla mé, a Mhuire mheirbh,

im dhuine mharbh.


9 Amhrán a béil, bile mar rós,

milis mar thúis,

do chuir mé ar buile báis, -

cá cruinne cúis?


10 A ógh ler cheanglas mo chruth,

do cheanglais mo chorp;

féach do réir chéille agus chirt

ar n-éiric ort.


11 Fóir mé, ós féidir leat,

a ghéag gan locht;

fóir mé le comhrádh do chuirp,

ochán, och!