Poem in printable PDF format
Ochán t’othrus, a
Éamoinn
[Carney, James:
Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D.
1400-1650), Dublin, 1945, poem 14]
An fear céadna
[Eóin Ó Con Mhuighe] cc. d’Éamonn Dúin Búinne ar ttuitim dó a
ttreabhluid teinnis mhóir.
1 Ochán t’othrus
a Éamoinn,
fáth maoithe tré
mhúsgéluinn;
tug tréam
chroidhe cailg ochta
mairg goimhe do
ghuasachta.
2 Níor fhágaibh
deóir am dhearcaibh
bhur nguais, a
óig oirbheartaigh;
do dhoigh rom
thochuil-se as-tigh,
goimh bhur
n-othair-se am innibh.
3 Ní mé a-mháin
do milleadh libh,
a-táid foirne
Fhuinn Fhuinidh
lán d’eólchuire
uaibh re headh,
a luaidh
gleódhchuire Gaoidheal.
4 Diombáidh liom
- lór do dhoghra -
imshníomh gach
fhir ealadhna
seachnóin Ghuirt
theachnaoidhe Táil
ag searbhchaoine
a uilc anbháil.
5 Fá doiligh liom
eacht oile
deabhtha na síon
sneachtaidhe,
am an teadhma
tarla dhuibh,
a labhra feardha
fosaidh.
6 Do ardaigh
confadh gach cuain
um gach leith
d’Éirinn armruaidh,
a mhionn
grísbheithre, a ghruadh slim,
do luadh
íslighthe t’innill.
7 Ionann
caointear fá chríoch Chais
bhur n-othrus, a
ua Shéamuis,
’s um bhrugh
gclaonmhúir chuain Bearbha
’s tuaidh um
shaorShrúimh sheinEamhna.
8 Um Chliodhna ’s
um Bhanna mbrais,
um Shrúibh Broin
’s um bruach Iorrais,
um Chruachain, um
Leife, um Laoi,
um Eithne, um
Luachair léarghnaoi.
9 Do sódh tríbh
meadhair Mumhan,
do saobhadh óig
fhionnUladh -
créad sin acht
lonnolc Laighean? -
fir Chonnacht do
créachtnaigheadh.
10 Na bí ní as
sia dá sníomh so,
clanna ríogh na
ccóig ccríoch-so -
gá beag seal do
mhaoith meanma? -
laoich re headh
nach infheadhma.
11 Caoga lá,
adhbhar osnaidh,
atáid d’aidhbhle
th’othrusghoimh
gan luadh
n-aonaigh, gan gníomh ngreagh
a gcaom-maigh
síodh na sinnsear.
12 Faicim thú san
riocht reimhe;
tréig a mhic do
mheirtnighe
do chur
aoibhneasa, a ghruadh ghlan,
ar sluagh
maoinleasa Mumhan.
13 Sgaoil feasda
ciaich dá ccroidhe;
tabhair d’aithle
a n-eólchuire
a-rís a
n-aigeanta ar ais,
a ghrís
chaigealta an chumais.
14 Éirigh at
armaibh goile,
tóg lámh le lucht
t’ionmhuine,
ísligh uaill a
bhfear bhfaghla,
lean ar uaim bhur
n-athardha.
15 Dionguibh a
bhuinne sean saor,
aithbheóaigh
meanma a macaomh,
fóir amhluadh a
bhfádh bhfeasach,
a lámh armruadh
áitheasach.