Poem in printable PDF format
Oilbhéim Uladh
easbag Dúin
[Ó Muirgheasa,
Énrí: Dánta Diadha Uladh (Dublin, 1936), 227-233]
Tuireamh
Dhomhnaill Mhic Chiaigh, Easbog Dúin, 1673.
1 Oilbhéim Uladh
easbog Dúin,
is cneas-ghoin
chumhaidh do’n chléir,
tug ar chách
claochladh dá n-uaill,
ní tráth suain do
naomh-chléir Néill.
2 Ní goin nár
ísligh a n-uaill,
a bhfuil ’san
chrích-si de’n chléir;
mór dá mbládh ó’n
chléir do chóidh
ní léir um neóin
gal ’san ghréin.
3 I n-arus Dhroma
fá dhíon,
gé bráighe sonna,
budh saor,
mo thruaighe i
ngéibhionn mar ghiall,
guaire cliar
Éireann gan aon.
4 Breitheamh cara
críche Néill,
Pádraig na
tíre-se thuaidh,
croidhe gan chuma
le cnáimh,
urradh cháigh
uil’ san uaigh.
5 Scótus re
sgaoileadh na sgéal,
saor-fhear i
gcorraidh nár chlaon,
tobar ba gile
ná’n ghrian,
croidhe fial gan
obadh d’aon.
6 Luibh léighis
dá ndearnadh dóigh,
ár n-eangnamh, ár
n-eite lúith,
orra ba cian
forfhaire cháigh,
fáidh Droma,
diadhaire Dúin.
7 Sreabh is
fíor-ghlaine ná fíon,
gá fear is
líonmhaire luadh,
cruithneacht gan
chogal, an chraobh,
tobar saor
sruith-bhleacht na suadh.
8 Cosamhail gur
gabhadh ár ngeall -
tré ursain
achaidh na bhfiann;
easbog le cabhair
na gclann,
crann toraidh, an
fleasgbog fial.
9 Mór do chuaidh
síos ann d’ár séan
tré Ghuaire,
dróin na ndruidh;
tháinig
d’oidheadh chinn na gcliar
sinn gan riar,
’osnadh monuar.
10 D’ár
neamh-rath nár fhuirigh uainn,
an ruire
dearbh-sa Dúin,
loinnear is
dubhadh ’n-a dheóidh,
coinneal eóil
Uladh san úir.
11 Ceannaidhe
féile na bhfann
gár cuireadh cré
ós a chionn,
easbog na gcliar
is na gceall -
níor mheall riar
an fleasc beó binn.
12 Créad acht
díogail a dhreach dhearg,
’s a chneas
lío-ghlan mar an ládhg,
tug easgar ar
feadh na n-ord -
fear ar lorg na
n-easpal n-árd?
13 Gion go
bhfuair ó’n éag sin íocht -
réalt gan cruas
acht ré ceart -
fóghnaidh dhó, gé
taoi ’n-a thocht,
bó na mbocht
tráth luigh fá’n leacht.
14 Re linn an
Domhnaill seo Dúin
a bhfoghluim san
chill do chóidh,
níor bheag ail
aon bhéim do bhuain
buaidh ag cléir
Pheadair is Phóil.
15 An éasga
nua-lán gach laoi,
monuar go ráinig
a ré;
dítin m’óige
ndorchada í,
thar ní uile is
oilbhéim é.
16 I n-uaigh
Dhomhnaill - gá dtám ris! -
an fhoghluim nár
ghann faoi gheis;
mór dtairbhe
dhúinn ré ais
thárla glais an
léighinn leis.
17 Iomdha dream
gan aithne ar fhios
go teann gach
laethe as a los;
do lucht
saobh-chiall nach mór meas
ceas ar ghlór
naomh-chliar anos.
18 Forgla ar
sgéil amhlaidh do fhast
ó’n té sé tharla
’n-a thost;
caidé an
t-aon-fhear nó fáidh feas’
re sgaoileadh
ceist cháigh do chosg?
19 D’éis an
déigh-fhir iúlmhair úd
cia stiúirfeas na
neithe do-ghníodh?
beag sanntrian
toirithin do’n tréad,
cliar ar n-éag
gan oighir iad.
20 Ré iúlmhar
Chlainne mhic Ciaigh,
stiúireadh a
luinge go léir
thug an dáil
doirche ’n-a ndeóidh,
a lán beóil
choidhche dá chléir.
21 An eaglais
dob’ fhoirfe is daor,
an eagna
choidhche do cheil;
uili a dtairbhe i
n-uaigh an fhir,
buaidh sin thárla
ar an treibh.
22 Tar druing
d’achaidh fhionn-bhán Ir
a mbladh iomlán
’san uaigh;
daor an díle-si
na ndeóidh -
craobh eóil na
tíre-si thuaidh.
23 A Dhia neimhe,
cread an choir
do luigh ar an
déid-gheal dil?
tar múr Dé na
dtrillseadh gcuirr,
nó an é coir na
sinnsear sin?
24 Nach leór mar
fhiadhain do’n fhear -
gé mór i
ndiamhair ag dul -
foghail na néal
is neamh,
fréamha feadh ag
bloghadh ’n-a mbun.
25 Cidh nach
sgoilteann lár na liag
fá’n ghlaic
sheing nár ghnáth grúg?
gan díon maighre
ar muir dá mhéad
créad nár mhuidh
na h-aibhne úd?
26 Fathan gola ag
inghin óig
anois fá imlibh
an fháidh;
tig na tonna
trasna tríd,
fá lig Droma an
tan-sa táid.
27 Trí fiche,
trá, ’s a’ trí déag,
míle is sé chéad
re coimheád,
ó uain Dé do chur
’san chrann
go cré do dhul ar
Dhomhnall.
28 Oighre Dé do
dhóirt a fhuil
do céasadh ’san
chroich gan choir
laethe an Luain -
díol nár dlighe -
do dhíon an fhir
nach bhfuair oil.