Poem in printable PDF format
Ach, a
Dhaoil!
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 23]
1 Ach, a
Dhaoil!
Giodh iomdha
deaghlaoch red taoibh
do-bheirim
briathar gan bhréig
a bhfuil idir
Fhéil is Daoil.
2 Ach, a
Mháigh!
Dar an leabhar
bhíos im’ láimh
dá mbeath ar
cumas dam féin
a bhfuil idir
Fhéil is Máigh.
3 Ach, a
Shúir!
Gibé ní ré bhfuil
mo shúil
ó ghlansruth
Mháighe go Daoil
a bhfuil ó Dhun
Chaoin go Súir.
4 Dámadh liom
th’airgead is th’ór,
ach, a Mhumha
mhór mhic Con,
a bhfuil idir
tuaith is cill,
idir caladh is
linn is loch. O.
5 Ach, a
Dhiarmaid mac an ríogh,
a ua Charrthaigh
ó shlíodh Bhreagh,
atá a-nocht in
iomdhaidh fhuair,
is ionnat do
chuaidh mo chreach. A.
6 Uch! uch! a
Bheinn Ghulban ghuirt,
an féinidh do
thuit red taoibh,
gile ná cubhar a
chorp,
duibhe a fholt
dath cacha daoil. A.