Poem in printable PDF format
Oileamhain flatha
fuair Eoin
[John MacErlean
(ed. & transl.), ‘Eoin Ó Cuileannáin: Bishop of Raphoe,
1625-1661’, Archivium Hibernicum, 1 (1912), 77-121, poem
3]
Maolmhuire Mac an
Bhaird cct.
1 Oileamhain
flatha fuair Eoin
altrom toile gach
taidhleoir
i n-ochtaibh
ríogh réim(h) go rath
do bhíodh an
séimh go súgach.
2 Na áilleagán
ochta fear
do bhíodh ag
gasraidh Ghaoidheal
i láibh fleadh
dob fhachain áigh
sgan teagh a
athar d’fhágbháil.
3 I n-ucht í
Dhomhnaill Doire
dar dual ba na
bóroimhe
ag rochtain sídhe
na sean
sar ochtaibh míne
míleadh.
4 An uair do
éirgheadh amach
ó Domhnaill
áirseor ultach
do bhíodh Eoin na
leanbán leis
ar leargán eoil
an áineis.
5 Ar thaobh na
síthe séimhe
do bhíodh Eoin na
fhírchéile
idir mhacuibh
Muighe hAoi
na slatuibh uile
ar aonghnaoi.
6 Ag cloinn í
Dhomhnaill dámhaigh
is breath
adhbhair Ioldánaigh
do bhí ar Eoin na
leanamh leamh
i meadhair
gleoidh na nGaoidheal.
7 Buidhean mhór
do chloinn Chuinn
do chíodh is
díorma í Dhomhnuill
i dtoigh a athar
fa aoibh
a cathadh gan oil
d’éantaoibh.
8 Fuighle milse
bráthar mbocht
is manach aosta i
n-umhlocht
do chluineadh
Eoin uair oile
is fuaim cheoil i
gcomhnoidhe.
9 Do chleacht na
ógán gan on
caidreamh easpag
is ollomh
i n-adhbhaidh a
athar féin
is fachain
adhradh fhíréin.
10 Do bhí ag
suirghe le hEoin án
onóir easpaig na
ógán
sul do imthigh
tar sál soir
imridh an t-ágh
na fhochoir.
11 Gur chuibhrigh
a haoibh re a ais
leanaidh Eoin ar
an eaglais
is maith an fear
suirghe soin
san bhean
chuibhdhe ler cheangoil.
12 Táinig
d’intleacht abaigh Eoin
nár imir
éinbheart aineoil
gach beart doirbh
dhar hinnleadh air
soirbh do imreadh
na haghaidh.
13 Níor shiubhail
iath ná innsi
no gur fhill don
Éirinnsi
nach bíodh fa lán
aoibhe an fhir
daoine dá grádh i
ngeimhlibh.
14 Ag imbeirt
beartán mbúidh
ar thithibh fada
fortúin
do bhí sé ag
foirneadh ar fad
gur hoirneadh é
na easpag.
15 Dá measainn
méad a anma
uaisle is airde a
ealadhna
do ním d’udhachta
ar a fhuil
a cumhachta gur
cubhuidh.
16 Ainm a chlú do
chur i bhfad
dá mbeith nach
biadh na easpag
dual do mhac
Dhonnchaidh dhámhaigh
slat an urchair
ioldánaigh.
17 Lóchrann
lonrach Leithe Chuinn
easpag cáidh
chríche Conuill
breo lasta na
féile an fear
gléire gasta na
nGaoidheal.
18 An dara fáidh
is é Eoin
táinig sonn a
hiaith aineoil
do ní sé
aithghníomha an fhir
tré raithbhríogha
dé dhúiligh.
19 I ndiaidh
Phádruig mhúir Mhacha
ar son Íosa an
ardfhlatha
do ní Eoin
imtheacht mar sain
ar innleacht an
Eoin iodhain.
20 Mar do beanadh
Banbha a bruid
lais an
bpríomhfháidh la Pádruig
do bhean Eoin
Ulaidh a ceas
neoil a dubhaidh
ní díleas.
21 Ceo dorcha fa
fhonn Uladh
do bhí ar chách
gan cronughadh
gur scaoil neoil
d’iath Eamhna
le hEoin an
ghrian ghlainfheadhma.
22 Fuair Eoin ina
athardha féin
badh feidhm ina
athchur eiséin
ceo doilbhthe gan
caoi croidhe
sdo chnaoi an
doirche deamhnoidhe.
23 Caidhe an
t-easpag eile acht Eoin
do thiocfadh gan
tréan dtineoil
do bhaisteadh
Uladh re headh
gaisceadh curadh
an caingean.
24 Baisteadh
buidhean gach baile
badh cúis adhbhal
ionmhaine
do chaomhthach
sluaigh mar sain
is saothrach do
fuair obair.
25 Do traochadh
tráth gan teannáil
Eoin cneasta ó
Cuileannáin
do las coigle
gach cridhe
snas na hoibre
oirdnidhe.
26 Lóchrann
lasamhail crábhaidh
lasaidh d’aoibhil
anáraigh
ar an taoibh
thuaidh dhon Bhanbha
gur fhuaigh an
aoibh athardha.
27 Do bheannuigh
ar bhfiodh sar bhféar
cuiridh aoibh ar
an aidhéar
iothmhar gach
riasc úr ón fhior
is dlúmh d’iasc
ar gach inbhior.
28 Comhar ceoil
eidir éanaibh
suan sáimh ar na
saighnéanaibh
aoibh eoil ar
ghréin sar ghealaigh
do réimh Eoin san
oileamhain.
29 Atá an tír na
taidhle mhín
is ál óg ag gach
ailmhín
is glór gach
géisi ar nglanadh
sa brón déisi ag
dathaghadh.
30 D’fhágaibh
Eoin fuighle go fíor
ar mac urraidh is
airdríogh
ón taoibh ba
thuaidh go Teamhair
is suaire aoibh
an oileamhain. OILEAMHAIN FLATHA