firstLine"; ?>

1581. Oilpheist gan cheill an cholann $
Length: short 13qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Didactic
Manuscripts:
  1. RIA 19(23/M/29)E. O Caoimh 1684-1707
  2. RIA953 (23/G/1)D Mahoneus AOCaoimh
  3. TCD 1411(H.6.7) Donnch. OConaill1737
  4. Mayn. M84 S. O Murch. na Raithin. 1738
  5. RIA 9 (24/L/5) Seaghan O Conaill 1764
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. Sin and penitence
  3. Human life a loan from God
  4. corrupt nature shown by decay on death?
  5. body enemy of soul
Poet Christian Names:
  1. Eoghan mac Donnchadha Mhaoil
Poet Surnames:
  1. MacCraith (RIA 19)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Oilphiast gan chéill an cholann

[RIA 19 (23/M/29), 323]

Eóghan mac Donnchaidh Mhaoil Mhéig Craith cecinit do tharcaisníoghadh na colla daonna.

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Oilphiast gan cheill an cholann

baoth uaibhreach a húraghall

péist is uaibhríghe otra

béist ghruaimnimhe ghuasochta.

2 Créd as fáth uabhair agaibh

a chorpáin dhaill dhearmadaig

mó as béad an [an]uaill-so ort

féach bhúr n-anuaisle d’arrocht.

3 A cholann nách cumhann leat

bheith naoi míosa [san] maclac(h)

sgur meastruim is miotal duit

a chuthaighr leasgtruim lóghmhuirr.

4 Cumasg an smeara smannta [324]

dá pheacach ndruith ndásachta

as e a h’ádhbhar o thosoigh

an chré amhghlan otro-soin.

5 Olc bhúr n-iomdha olc an brat

do threall tugais san maclac(h)

tú ad chruimh bá truaillighthe treabh

mur fhuil buaidhertha ag beindedh.

6 Cuimhnigh gur tárrnocht tángais

le guasachtaibh géarálguis

luach t’eachtra ar talamh na ttreas

gala(i)r deacra is doilgheas.

7 Máthair phiast [leg. biast] is beatha chrumh

asal otruighe d’iomchar

ainm díleas duit a dhuine

tuig mímheas do mhogsuinne.

8 Guais liom cunntas ad chealgaibh

ad th’urchóid ’sad h’ilcherrdaibh

na neangrais (?) uilc fám chomhair

a shamluisr chuirp chamromhuil.

9 Om thuismeadh riamh ní rug mé

acht céim a cceann na huaighe

níor thuig tú a chalann na ccleas

is tú ar mh’anam ag aimhleas.

10 Ní measa an miotal camra

a chorpáin bhuirb bharbardha

iná tú ad h’aonar a n-úir

is tú ar mbréana[dh] a bhagúin.

11 Far-íor dob urusa dhamh

ar aoi dá bhfaghainn díolghadh

do cháinedh a chuirp na ccleas

’s gan áiriomh uilc dár áirmheas.

12 Ní leat acht iasacht h’óige

leat áirighthe h’urchóide

ní leat sáimhe iná sochar [leg. socra?]

ní leat h’aille iasachta.

13 A mháthair an Mhic neámhdha

mar dhéirc a ndíol t’oileamhna

tabhair mé dod mhac ochta

glac a Dhé na diadhochta. Oilphiasd...