firstLine"; ?>

1582. Oinioch Banbha a mBranachuibh $
Length: long 43 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
  2. 16th ult.
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Harvard O’Byrne MS c. 1726 < 1622ex
Prints:
  1. text LB no. 7
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery to describe patron
  3. nobility of ancestry
  4. generosity to poets
  5. ? fianbhoth l.653
  6. prowess in battle
  7. spartan life of warriors
  8. War with English
  9. inauguration rites (?) ll. 749-50
  10. fertility in reign of just prince
  11. Hostages
Poet Christian Names:
  1. Uilliam (mac Taidhg) Harvard O’Byrne MS
Poet Surnames:
  1. MacEochadha
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Seaain
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1579
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Oineach Banbha i mBranachaibh


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 7]


Uilliam mac Taidhg Mic Eochadha .cc.


1 Oinioch Banbha a mBranachuibh,

croitte ó a n-annsacht d’ealathuin,

fir nár chláidh crú seinEochaidh,

ré a gclú dháibh dealuighthior.

2 Ró teasda an ghlúin gheiniolaigh,

clú ’gan cneasda oiriomhain;

níor chuir uain ar ealadhain

guin nach uair a hoileamhoin.

3 Siad ar gcar clú is coimhliongaigh,

a mbladh súd a seanrolluibh,

seóid ríogh ón fhréimh Raghnalluigh

ré cléir nár dhíol deaghbhronnaidh.

4 Fear súd d’einioch fhionnGhuaire

nár dhiúlt breithiomh bionnlaoidhe;

breith daor a ttoigh tromdháimhe

ó bhfoil Aodh gan iolmhaoine.

5 Fear ríoghthar ós ríghfhearuibh,

neart gach mílidh mínighidh;

fuair gleó im inghin órfhalaigh,

eó inbhir an fhíreinigh.

6 Le teacht Aodha ón iombualadh

fraoch a shleagh ’na shliomfhaobhar;

teinte guail im ghalldúnadh,

ní meince fuair fionnaoladh.

7 Lion ágha im Aodh d’airmreannuibh

lé taobh trágha toirlingidh;

cliar a-réir is Raghnalluigh

go n-éir grian am ghoirmlinnibh.

8 Nós dó díol gach tromdháimhe,

dá síol ní nós neamhnuaidhe,

ar gan fhál na hiolmhaoine

lámh ré gal na gealghruaidhe.

9 Ré feadh foghla fuaighfidhir

teagh dá omra ós fhérthuluigh,

Aodh ré haghuidh fuarchaluidh

taobh ré haraidh d’énchabhair.

10 Fian Bhranach re mbaineachlaigh,

cia an caladh nach comharthair?

laoich gonta ar eól n-anaithnidh,

seól corcra is dá gcomharthaibh.

11 Tig dhó go réidh ríoghmhaoine,

don dáimh is é is aonGhuaire,

téid soin do réir ríoghdháimhe

céim tar Choin na Craobhruaidhe.

12 Fríoth réir dá gcóig comhadhaibh

re cléir an Fhóid Fhuineadhuigh;

meóir Aodha eidir fhileadhuibh

craobha a ndeóidh an duileabhair.

13 Coill as fhuide ó n-anfuithir

croinn do chuire a n-aithchrithir;

mionn scéith óir ar anchaithimh

fá nóin san chléith caithfithir.

14 Gur mhear mná agus mílidhe

san ágh dob fhear móroire;

do-chuaidh ainm ar nAodhui-ne

lé cruaidh [a airm] órdhoidhe.

15 Gabhuidh d’íoc ’na échtghonuibh,

críoch fhaghla fá aointeinidh;

an taobh as-tuigh d’aoltoruibh

a-muigh lé hAodh fhaoigfidhir

16 Fódla mar tá tárrabhair,

tráth d’fhógra dá haoigheadhaibh,

tú is Goill am ráth ríoLughaidh,

roinn nár ghnáth ó Ghaoidhealuibh.

17 Tearc d’fhaobhruibh colg gcaoillíneach

laochruidh na long sídheólach;

[le] gonoibh greagh n-óirshrianach

sreabh oroibh dob fhíreólach.

18 Don té lér fhás t’oirbhire

níorbh é tráth na turbhuidhe,

do cholg ar áth n-iorghoile

mar as gnáth ord urluidhe.

19 Geall réd ghnaoi nárbh urusa

do dhearbh gach draoi deighfheasa;

guin béime do bhladhu-sa,

an fhéile a luibh leigheasa.

20 Tosd ní théid ar t’fhileadhuibh

thort go ttéid an gheamhadhuigh;

fear d’fhaire cuain chomhaidhigh

uaibh is th’aire ar ealadhuin.

21 Ar dháil crú do cheannchabhair

an clú ar chách le gcinnfidhir;

do ghruadh ’na trágh tromthoruidh,

an cuan lán nach lingfidhir.

22 Giodh trén ar feadh fíorfhoghla,

a dhaimh ré na ríghealbha,

do fhás a crú caolomna

do chlú ar bhfás na fíneamhna.

23 Do thuill tú ar áth n-iorghoile

gan cách réd chlú ag coimhrighe;

deargthar libh gual gallbhaile,

mar sin nár fhuar h’oirbhire.

24 Tír gan chrodh ’s dá comharthuibh;

dol díbh re bhar ndaghaithribh,

le roinn fiach ní fuirighthir

dod dhoirr re hiath n-anaithnidh.

25 Díol Énna an fhian airdcheanach

ar n-éra giall galltulach;

tú a ttocht risin impeadhach,

do chlú ort ag antobhach.

26 Fál Gall am ghort seinMhidhe,

am do thochta a ttairngire;

ciall a n-adhnadh th’oirbhire,

fiadh Almhan fá ainbhfine.

27 Fiodhbha ag folcadh gormfhabhra

dár fhioch tobair tiormamhla;

do reic sí fonn fionnBhanbha,

tonn is í gan iorlabhra.

28 Tug teas an fhóid fhionnBhranaigh

nár thearc grian a ngoirmfheadhuibh;

ré craoibh ceóil a gcomhroghuin

faoidh eóin fán Maoin moillshreabhaigh.

29 Do ling uamha aonathaigh

re heing snuadha sróilleathain;

suan ar chláradh caoilleathair

níor thuar áladh d’fhóirithin.

30 Triall slóigh na sleagh nuachorcra

fá Bhóinn Breagh níor mhaoitheachtra;

ealta na n-eang suaithionta,

gearr budh leanta an laoichealta.

31 Mac Seaáin ’s a síodhaidhe

do bhac radháil ríghfhleidhe;

líontar cuach craobh n-órdhuidhe

d’Aodh le fuath na fírshreibhe.

32 Líon falaigh róid ríoghdhúnaidh

Branaigh ’na mbróin niamhshróluigh;

cia an sciath óir ’s an t-aoinmhílidh

nár dhóigh fhiach am iarnónaidh?

33 D’éis chean ag ól fhuaireasa

fear scéith óir is aonasa,

bean ’na rogha ríleasa,

teagh dá fhogha an Aodha-sa.

34 Laoich fá dhuille am dhubhnónaidh

ré taoibh buinne bhailbhghrianuigh;

saor má do bhí ar bhainríoghuin,

ní bhí Aodh ón ainliamhain.

35 Laoch mar fhéinnidh Almhaine

fá réidhe gcor gcoimhneimhe,

líon gráidh Inbhir Inghine

innlidh ré dáil ndoinnfhleidhe.

36 Fuair mnaoi ré cóir ciúineasa

do scaoil am nóin nuaigheasa;

re feadh eachtra an Aodha-sa

bean is ealta fhuaireasa.

37 Riar Branach ní baramhail,

gabhuid siad ré seanfhalaidh;

síodh d’éra acht ar fhileadhuibh,

síol Énna is dá n-ealadhuin.

38 Tréinfhear go ttairm ttréinleómhain,

féinnidh an airm fhírlínigh,

béin fá Aodh am iarnónaidh

ní raon réidh do ríghmhílidh.

39 Laoich dearbhtha ar dlaoi nuadhuille

cealgthar lé faoidh faoilinne,

géill Gall a n-ucht fuaraille

do bharr ar lucht laoidhinge.

40 Dóibh níorbh fhada ar aoiniomdhaidh

re cóir mara mínimligh;

cuilt chaol a gcoim fuairinbhir,

Aodh dá roinn le ríghinghin. o.i.n.i.o.c.h

41 A cruth saorghlan síothamhail

a caomhna ar ghuth gnáthoighidh;

ní meadh don mhnaoi Thuathaluigh

acht bean go ngnaoi ngnáthoinigh.

42 Daghbhladh ó [a] céibh chornabhlaigh

téid fán mBanbha mbalbhaibhnigh;

clú a sean isna seinleabhruibh

do bhean bú don bhanLaighnigh.

43 Gég nach uaisle an fhíneamhuin,

gné a gruadh mar an mbáinealaidh

....................................................

.....................................................