Poem in printable PDF format
Olc chuimhnighim
mo chumann
[Fraser, J. and
O’Keeffe, J. G.: ‘Poems on the O’Donnells (1200 to 1600)’, Irish
Texts ii (ed. Fraser, J. et al., London, 1931), poem 17; from
Rawlinson B 514]
The captivity of
Niall Garbh
Tadhg Óg Ó
hUiginn
1 Olc
chuimhnighim mo chumann
aicnedh muna
athchumam,
mo chuimhne
dochóidh a riucht
nach cóir suirghe
re sesiucht.
2 Do dhermaides,
a dhaine,
ise adhbhar
m’écaine,
fer cumtha nar
chubhaidh lem;
cumhain a urchra
ós ísell.
3 Na beredh
oirbhire ass
an lucht cumainn
do chlechtus;
fallsa gach duine
don druing
uili damhsa acht
O Domhnuill.
4 Nír neimthresi
echt eli,
mesi ar mhac mhic
Chobhluighe;
gidh tend ar
dhuine a dhalta
cenn uidhe gach
andsachta.
5 Do fhidir mo
dhisli dháib
sil Eoghain,
aicme Mhoain,
sé a cocadh risin
dá chlainn
as mé a cocar Í
Chonaill.
6 Gá sena, nir
dhichell dhamh
tuilledh is teóra
bliadhan
mo chedfher
cumainn do chách,
ecen urraim don
anfáth.
7 Gidh suarraidhe
in amar so
do shen at esbul
Isso,
do chuir do
sheadh na shena
cor fher fhuil na
aithmhéla.
8 Ná tabhradh O
Domhnaill damh
corub inann sat
esbal,
sidh gan déra do
dhonnadh
sena an righ
doronsomar.
9 A ndénaim
d’áines co n-ól
do dhithladh ar
mo dhobhrón
ni ruc mo
chroidhe ar cuimhne
as drud t[o]ighe
tabhuirne.
10 A dhobhron ac
breith bisigh
bidh lé adhbhar
d’indisin;
gidh i an chumha
cheiles nech
ni lugha bheires
bissech
11 Is aibhind
daibh, a dháine,
da lecther e
d’écaine;
ni bhí celg isa
chraidhe
doní os aird
eolchaire.
12 Ni he an
croidhe as cintach lem
fam chomhnuidhe a
crich Eirend;
in fer cumainn
lem chroidhe
co Lunnaind do
lenfuidhe.
13 Don Tailcenn
ni trath sithimh
dá fobradh ar
fóirithin;
ac sin da
caemhthach Í Chuinn
aelchloch agus
idh iaruind.
14 Doberthai,
gebe eli,
do mhaidheamh a
mhirbhuile,
an glas-sin ó
chill do chill
lind co taisibh
an Tailcinn.
15 Da feta breth
do bhuain de,
mó ar n-accra ar
Cholum Chille;
issé soin naemh
is nesa
da foil a craebh
choibhnesa.
16 O Áth Senaich
go Sruibh Broin
ni fhuil leaba an
laeidh allaidh
na náidhe mís,
gidh i ann,
nach bí fa chís
do Cholam.
17 Do ghabh air
nach gebdaís Goill
tren choidhche ar
cinel Chonoill.
farír nir
chomhaill an cor,
fá shil Chonuill
dochuatar.
18 Is imdha
anocht annoir lais
an mac sin mic
mhic Fhergais;
on loch-sa laim
re Doiri
osna go traigh
Toraidhe.
19 Ata
d’anbhúainibh eli
orra d’eis I
Ughaine
go mbi an tuirrsi
ata orrthaibh
la nach cuirsi ar
Conollchaibh.
20 Ni chuirfedh
ar cloinn Dalaigh
ar benadh dá
mbengánaibh;
co tancus ré trén
I Chuinn
ní rancus fremh
ar fuluing.
21 Do thuit on
trath do gabhadh,
ni husaide a
fhuascaladh,
ar cáinne le
cuicedh Sreing
an cúicedh áighe
d’Eireind.
22 Do thuit le
Mumhain mhic Chon
cuid mhór eli da
fhuascladh;
faide an Mhumha ó
fhóir Uladh
lugha as cóir a
cronughadh
23 Mesaim gorub
mó ina cion
do thuit le
laechraidh Laighion
do Niall a cend a
comha
gér go mbiadh an
Bhóromha
24 Ni bhíu ac
lomadh do leth Chuinn;
dochim do chís Í
Dhomhnuill,
ní ac dula les
gach nduine
ni bhi í chumha
ar croaidhe.
25 Caí a mban isa
mbrughadh
dom thoigh asa
fhuasculadh;
cith sin as grian
’na ghoiri
ni uil Níall gan
naemhaidhe.
26 Mé mar lachain
ar linne
d’éis a h-eite
luáidhilli;
tic eite luidh na
lachan
beite súil re
slánachadh.
27 Ga fis na fuil
ar slighidh
feichemh aran
fóiridhin
as inmhall í agus
gedh eadh
co ti ni dhingnam
deisbheadh.
28 Ni codladh ni
duscadh damh
oidhri Grainne ó
do gabhadh;
mhesaich sé re
docracht dó
gan é d’fhortacht
ón anró.