firstLine"; ?>

1589. Olc do thagrais a Thorna $
Length: long 31qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. RIA 740 (C/vi/3) B. MacAodhagain 1633
  2. RIA 2(23/F/16) O’Gara MS 1655 (index)
  3. RIA 236 (B/iv/1)D.ODuibhgeannain 1671
  4. NLI G 129 Conch. O Luinin 1676
  5. NLI G 168 1685
Prints:
  1. transl. McKenna Iom. no. iii
Motifs:
  1. Function of poetry
  2. reim rioghraidh, regnal list
  3. dindshenchus
  4. historical allusions
  5. Allusion to Fiannaiocht ?
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (RIA 236, NLI G129)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Apologue Subclasses:
  1. Cormac mc Airt: Cath Droma Damhghaire
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Olc do thagrais, a Thorna


[McKenna, L. Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21, 1918), poem 3]


Tadhg mac Dáire .cct.


1 Olc do thagrais a Thorna

gé bheith d’fheabhus th’ealadhna

tar ceann leithe Mogha a-muigh

re Niall cosgrach a Cruachain.


2 Do thógbhais í ’s níor chiall chuimhneach

iomarbháigh a hucht Muimhneach

agus do léigis í ort

ar bháidh re catha Connacht.


3 Ní don Mumhain do mhaicne

níor dhlighis caomhna a gcairte

ón leith a dtuaidh táinic sibh

do shliocht Ír mhóir mhic Mhílidh.


4 Do bháidh re mór-shluag Macha

agus fearg na ro-fhlatha

do rad thusa a Thorna tim

is Niall ag déanamh díchill.


5 Buan a mhairg do Chorc Cláire

is do mhór-shluagh na Máighe

nach file d’fhuil Éibhir Fhinn

tarla id chuid-se don choinntinn.


6 A dubhrais níor mhaith ré rádh

ag tagra dhuit re Niall nár

fuair Éibhear Fionn na bhfleadh-ól

leath Éireann ó Éireamhón.


7 Éibhear is é fa sine

don chloinn oirdheirc oirdnidhe

ceann na loingse ar ndol do Dhonn

ní ó shóisear fuair fearann.


8 Leis do thuit mac Cuill chalma

ag cosnamh críche Banbha

Rí Éireann dob ainm don fhear

ag teacht do mhaicne Míleadh.


9 Is uaidhe ainmnighthear Éire

i Laidin go lán-tshéimhe

ní hainm nach oirdhearc don fhior

Hibernia a hainm ó Éibhear.


10 Níor mhaoidhis éacht na aghaidh

ar Niall an uair do labhair

tuitim Éibhir na éacht mhór

i nGéisill re Éireamhón.


11 Créad nar chuiris i gcuimhne

tuitim Laighne is Luighne

clann Éireamhóin mheardha mhir

re macaibh uaisle Éibhir.


11a Mac mic d’Éireamhón fheardha

Eitrial fa hard-fhlaith Teamhra

níor mhaoidhis a thuitim sin

le láimh Chonmhaoil mhic Éibhir.


12 Dá mbeitheá i gcomhthrom do Chorc

ní bheithea a Thorna id thocht

’n uair do ghoir Niall ní nar dhligh

anfhlaith Teamra d’fhuil Éibhir.


13 Níor bh’anfhlatha i dTeamhraigh thinn

ríoghradh shleachta Éibhir Fhinn

acht fíor-fhlatha go bhfiadhain

do dhuthchas ’s do dheigh-riaghail.


14 Cúigear mac le hÉibhear féin

ro ghabh neart ar Theamhraigh thréin

athaid tar éis a n-athar

níor léigsiod í a rudhrachadh.


15 Seacht gceathrar ó dhuine dhíobh

do fhás re gCorc comhrádh fíor

ós cionn Teamhrach na gcuradh

nar fhéad Niall do bhréagnughadh.


16 Rí don fhuirinn mhearrdha mhóir

do chuir ar tús slabhra óir

fa bhraighdibh righ-fhear séimh seang

mar onóir d’uaislibh Éireann.


17 Rí eile don fhéin aisdrigh

tug tuarasdal d’aos gaisgidh

do chosnamh chríche na bhFionn

ar tús i n-Inis Éirionn.


18 Rí oile dhíobh na dhiaigh sin

do chéad-chuir le meanmain mhír

failghe óir um ghlacaibh fer

do shlóghaibh glana Gaoidheal.


18a Neach díobh ’s ni haoinneach rómpa

do rinne d’fhonn a mbronnta

sgéith airgid is cian id-chlos

’s do bhronn iad a nAirgeadros.


19 Seanchus filidheacht coimhgne

is rígh d’uaislibh na foirne

áirimhthear dá síoladh sin

i nÉirinn d’éis Aimh-irgin.


20 Neach don ríoghraidh úir airgthigh

do chéad-chuir rotha i gcáirptibh

d’iomchar deagh-fhlaitheadh bhfear Fáil

i gcrích Éireann mar anáir.


20a I bhflaitheas duine don druing

ní sgríobhthar a theacht tar thuinn

neart eachtrann ar Inis mBreagh

’s tugsad deabhtha dá dídean.


20b Ní sgríobhthar orra fionghal

an ríoghradh éachtach fhionn-ghlan

claoin-bhreatha ná ciorrbhadh cuil

féachaidh cách cia ar a sgríobhthair.


21 Dá réir sin sin a Thorna tséimh

níor éisdthe dhuit re glór Néill

anfhlatha do rádh rádh mear

re fíor-oighribh mac Míleadh.


22 A dubhrais níor cheart an glór

ag teacht duit tar Eoghan mhór

fuair an dreagan donn dathach

ceirt-leath ó Chonn céadchathach.


23 Trí chúigidh cuid do chúigeadh

níorbh é ceirt-leath cúig gcúigeadh

’s e ar bhean Eoghan do Chonn

mar as fhollus a thórann.


24 Ó Áth Cliath Meadhraighe thiar

go Duibhlinn Life ag Áth Cliath

Atá Eisgir Riada ar fad

do roinn Conn re Mogh Nuadhad.


25 Níor mhaoidhte tuitim Eoghain

re Conn an aignidh eolaigh

teacht i n-arm ghaisgidh dhá ghuin

’s é na luighe ar a leabaidh.


26 Níor mhaoidh tú rí Éireann féin

Art mac Cuinn an airm aith-ghéir

do thuitim ré mhac i gcath

gér maith th-eolus níor sheasmhach.


27 Níor mhaoidh tú i dtráth a mhaoidhimh

Cur Cormaic mic Airt Aoin-fhir

d’Fhiacha fo ghabhail coire

iar maidhm Dhroma Damhghaire.


28 Do fhuilngis a rádh do Niall

nar bhris cath Gabhra acht an Fhian

gér mhaith an Fhian is in gcath

do b’é Mogh Corb a gcodhnach.


29 Móide mo throm a Thorna

ort nach d’easbaidh ealadhna

do chuaidh dhíot a ndeachaidh thart

acht nach dearnais dúinn dúthracht.


30 Ní ar mhaithe re Corc féin

acht d’ardughadh anma Néill

do labhrais ar labhair sibh

ag tagra do Chorc Chaisil.


31 File ag gach druing dá dtreibh féin

ag coimhéad seanchais dá bhfréimh

mar thuigim anois ar Chorc

do réir m’aithne ’s mó as neamholc.