Poem in printable PDF format
Olc mo thuras
sonn ó Lundain
[Walsh, Paul:
Gleanings from Irish Manuscripts, sec. ed., Dublin, 1933,
86-7; also Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I,
Dublin, 1967, poem 46]
1 Olc mo thuras
sonn ó Lundain
go Cnoc Samhruidh
aoibhinn áird;
Fuaras ainnséin
mar nár shaoilios
begán aoibhnis,
easbhaidh gráidh.
2 Do shaoilios go
mbiadh san dún-soin
fáílte romham ar
son Dé;
Mar nár shaoilios
tárla dhamh-sa,
beg faríor dom
amhgar é.
3 Ar mhaithne do
lucht an dúnaidh
amach tar múraibh
cuirthear mé,
Dhá rádh lem
airís gan rochtoin
san dún-soin do
bhochtaigh mé.
4 Am bráthair
bhocht tré bheith dhamh-sa
’s am shagart do
dheibhlén Dé,
Lag sin an chúis,
ba chúis oirne,
fóir mo mhúith, a
Choimdhe chléibh.
5 Lé Cnoc
Samhruidh beg mo bháidh-si
’s leis an
chrich-sin n-a bhfuil sé;
Baoi mo dhóigh,
gidheadh, san Iarla,
fa olc riamh nír
liamhnadh é.
6 Sgéla uaim-si
má fuair seision,
sgéla uaidhe ní
fhuair me;
É dhá dhénamh lem
as iongnadh
muna bhfuil orm
diomdha Dé.
7 Ó nó iarla dá
mbeith againn
do shíol cCuinn
do chlannoibh Néill,
Saoilim féin go
bhfuighinn fáilte
am riocht féin,
gér bhráthair mé.
8 Do chaithios ag
teacht don dún-soin
begán beg bá
feirde mé,
S ní fhuaras
feóirling dhá shochar,
turas Ghóidrisg,
donas é. OLC.