Poem in printable PDF format
Olc thuillim mo
thuarasdal
[McKenna,
Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 19]
1 Olc thuillim mo
thuarasdal
uirrim ó gach
éanfhosdadh
mac De a-tá gá
tuarasdal
gá lá nach é
m’éanfhosgadh.
2 Síodh Dé nocha
doibheanta
gin gur dhíol mé
a mhionfholta
lámh as truime
tabharta
grádh uirre nir
bh’ionobtha
3 ’N-a dhoirr go
bhfuil friothóilte
re a chloinn do
chuir mochfháilte
luit báis Dé nach
dochaointe
ón pháis is sé
sopháirte
4 An chneadh ribh
ag réidhiughadh
libh an teagh nar
thúireabhar
meas saor ar bhar
slánughadh
ag taobh dheas an
dúileamhan.
5 A ghoin do
gheibh anumhla
re a chneidh ní
fhoil infheadhma
’n-a bhais do bhí
a comhardha
do ní tais don
tighearna.
6 Laogh Dé agus
go ndiultfaidhe
mé dá thaobh ní
tréigfidhe
rí na mbreath do
bréagfaidhe
dá mbeath ar tí
ar dtréigtheine.
7 A fhaicsin gá
athoidhidh
an maicsin ní
mhothaighidh
nach áil é dom
aithighidh
náir agus sé
sochuiridh.
8 Beag ionta budh
aithrighe
na cionta nach
cluinfidhe
ar Dia an dann
nach anfaidhe
mo chrann cia ar
a gcuirfidhe.
9 Canta é dá
adhmholadh
martra an té do
tairbhireadh
ar an gcóir
fríoth folmhughadh
do shíoth dhóibh
gur daingnigheadh.
10 Tugsad aonta
d’anamhain
do ghaolta gér
ghoireabhair
ní reacht cruaidh
do chuireabhair
gidh tearc uainn
gá [oileamhain]
11 Do chur
d’iomchur m’eireise
nír hiomchradh go
hurusa
dá leanta luagh
th’fholasa
truagh do
theachta an turussa.
12 Mé i gcéadáir
ní choiséanta
m’éagáir is nach
aiséagtha
áth ní fhuighe ar
th’easaonta
Muire i dtráth an
taiséanta.
13 Srian ris an
gcóir coingéabhaidh
a triall go fóill
failléabhaidh
a rí is cuid dá
comaoinibh
duid do bhí ’n-a
baindeoraidh.
14 Fa neamh do
bhrú a bhanaltra
do budh tú a
theagh soileabhtha
do leanbh cíghe
ar gcomhalta
a sealbh dhínne
is doibheanta.
15 Bean go
cruaidh rer gcomairche
lean i n-uair an
innighthe
naoi míosa id
bhrú bheannaighthe
tú agus Íosa ar
imirche
16 Mé id chaithir
gur cheadaighe
do chaithimh ar
gcodaine
truagh a ghlóir
gun ghadaighe
’s an chóir uadh
dár n-obaine.
17 Foirbhthe ar
feadh a hanshógha
bean re roinnfe a
roghuala
má tám ar tí a
fhaghála
grádh dhí nocha
dobhuana.
18 A bhfuil im
chionn cuimhnighear
an gcluin sionn
an seinleabhar
uamhan é ’s gan
mh’ullmhughadh
sluaghadh Dé gá
dheimhneaghadh.
19 Cruaidh don
duine diultfaidhear
an uile an uair
tréigfidhear
an slógh adhbhal
fhúigfidhear
mór an t-adhbhar
éintineadh.
20 Caoi ar gcean
is cruas aithrighe
go neamh suas ar
slightheine
aoibhneas ag nach
anfaidhe
a dhaoirmheas ní
dlighfidhe.
21 A dhoras mar
dhúinfidhear
an solas nar
saothraigheadh
tug dáibh uile
éanchuireadh
náir don duine
daorfaidhear.
22 Is túr eagla a
fhoillsiughadh
dúnn ó eagna an
fheallsamhan
budh frithir í ar
n-arsughadh
mithidh don chlí
a ceannsughadh
23 A-tá im
aigneadh m’oirbhire
mh’aigneadh ar a
ainmhire
an lá as mhór ar
meanmaine
brón a-tá dá
thairngire.
24 Tú d’éaradh
nír horduigheadh
trú nach géabhadh
gargrobhadh
mé féin leam do
laghdughadh
céim as fhearr
dom ardoghadh.
25 Is díorghadh
go deighinnmhe
ar ngníomhradh dá
nglanaimne
sé im ghar ní cás
comhairle
madh bás glan do
ghabhaimne.
26 Mo chré is
ithir fíorfholamh
mithidh mé do
mhíneaghadh
na peacaidh ar
bpréamhaghadh
is deacair a
ndíleaghadh.
27 D’aithrighe dá
hanshochra
an maithfidhe ar
mionfholta
dá gceile Dia ar
ndoibhearta
cia eile budh
ionobtha
28 Fear
mh’fhiadhaigh ní fhaileochadh
mo riaghail gá
robháthadh
mairg neach do ní
neamhshaothar
an bheach is sí
ag soláthar
29 Glóir don anam
ullmhuigheas
an chalann mar
chuibhrigheas
a shíoth re Dia
dhaingnigheas
a críoch gidh cia
chuimhnigheas.
30 A taom mhaith
ná muinighear
caol mo mhaith re
a meadhughadh
dalladh gan é
d’airiughadh
mé a-nallan gur
neamhumhal. Olc.
31 Aingeal
iomchuir m’eireise
arab ionchuir
m’aireise
gur cheartaighe
an croidheise
do theachtaire
thairise
32 Fuarughadh ar
bhfoltanais
Froinséis is í a
ealadha
fa thoil daoibh
nach dodhula
do sgaoil soin ar
seanfhala. Olc.