Poem in printable PDF format
Ón aird thuaidh
thig an chobhair
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 15]
Tadhg Óg Ó
hUiginn cct
1 Ón aird thuaidh
thig an chobhair,
tig gach aird
d’uaim a hEamhain,
as a n-ucht do
uair chabhoir,
gabhoir ón lucht
thuaidh Teamhair.
2 Fear dan
cubhaidh a comhdha
do gheabh go
tulaigh Teamhra
- ráit Dhá Thí
gan triath tarla -
rí ’n-a dhamhna i
n-iath Eamhna.
3 Ní háil leis
teagh acht Teamhair,
a geis do bhean
don bhruighin;
suil thí Niall Óg
don fhoghail
raghaidh srian re
fód bhFuinidh.
4 Géag
shuainghearr ó shíth Eamhna
a shíth ní
bhuaidhreann biodhba;
do-ní brughaidh
d’fhior fhaghla
cion Banbha ag
curaidh Cliodhna.
5 A cháin gun
uasain Aodha
dá dáil ’n-a
duasaibh móra;
neach do dhruim
shuain ga shéana
éara chuinn i
n-uair óla.
6 A chlú is é as
ionnlas aige
im ionnmhus is é
as bhuige;
ní bhí Niall gan
ní aige
ní as fhaide iná
an chliar chuige.
6 (a) Fear dan
dluigh cáin an chóigidh
ag dáil cruidh
leis an gcéiddigh,
ní hibhthear
fleadh fhir Éaduir
nach méaduigh sin
fhear éigin.
7 Gach neach len
holc a ionadh
ag tocht go teach
an churadh;
iomdha as-tigh
fear nar fromhadh
ar toradh sleagh
fhir Uladh.
8 Raibhthe um
Theamhraigh ’s um Thailltin
- re feadhnaibh
Cairthe an Chumpair
ní ghabh riar
acht fód Fiontain -
biodhgfaidh Niall
Óg a hUltaibh.
9 D’fhios troda
biaidh re mbuannaibh,
foda ’n-a dhiaidh
a dheoraidh;
tús gun rígh i
rinn gábhaidh
tar lámhaibh shíl
fhinn Eoghain.
10 Rí Uladh do
chur chatha
ag dul tre
dhubhadh gceatha
ní fhuair re
headh an chatha
uain le racha
sleagh seacha.
11 A-déar re
heidhre n-Eoghain;
“re béal mbeirne
ó do bhábhair
go mbí re hucht
gach aoinfhir
saoilidh a mbí ar
ghurt gábhaidh.”
11 (a) Sreath do
chomha ar cró nEachaidh;
dá thogha is mó
ná mithidh
ríghe lat i
dtaoibh tachair
far chathuigh mac
Maoil Mithigh.
12 Ó Leabaidh an
Chuill Chorcra
- leagair le hÍbh
Cuinn cionta
mór do fhan uaibh
ón eachtra -
le car sneachta a
dtuaidh tiocfa.
13 Cúis do
thréigthe ar Tráigh mBaile
nach tréigfe dáil
dá ndlighe;
i dtreas le
seanóir sleighe
beire ar sheas
meadhóin Midhe.
14 Bráighde ag
mac Ultaigh uainne,
budh leat a
hUltaibh Éire;
tugais druim re
trian tíre,
síne is fiadh
Cuinn re chéile.
15 Feacfa, a rí,
rioth do choiléin
do-ní rioth nach
dod roidheoin
cú ag breith a
cinn a coinéill
re foiléim t’eich
shing shoibhéil.
16 Niall Ó Néill
is fear fromhtha
- is léir ar a
fhear n-iomtha!
dá bhfaghbha
Niall Óg urchra
fian Tulcha Óg ní
fhionnfa.
17 Go ruadhadh an
chraoi choirrshleagh
do bhaoi a uabhar
ar adhnadh
do bhí i ngioll
ga mhéad meanman
gur dearbhadh
géag fhionn Almhan.
18 Fleadh ó
chaithir Chon Chulainn
ag dul dá
bhflaithibh fearainn;
do hiomchradh mil
mhúir Oilill
go foirinn Dúin
ghil Geanoinn.
19 Rún áigh go
hAlmhain Laighean
ag damhraidh
chláir na gcuradh
do b’iomdha um
Bhóinn teagh teineadh
ar deireadh lóin
fhear n-Uladh.
20 Mac Mná Mídhe
ós gach mílidh
a chridhe ós
chridhe an leomhain;
do bhíodh a Niall
’n-a naoidhin
maoidhimh ag síol
fhial Eoghain.
21 Do fhill sí ar
son a ghotha
sodh is í fa rinn
reatha;
roinnidh sodh is
slat Macha
brat datha le cor
gceatha.
22 Sadh agus
fiadh is féinnidh
sa magh siar ó na
slóghaibh;
a bhrat ar fhéin
an fhiadhaigh
iarraidh mac Néil
um nónaidh.
23 Giolla seang ó
Bhaoi Béire
do mheall mnaoi
’n-a mnaoi sídhe
do chuidigh bean
bruit uaine
guaille cnuic ar
fhear n-Íle.
24 Líonta hÍ
Dhuibhne i ndáil aonaigh
ar a mhnáibh
suirghe seolaidh;
bean ag léim le
cóig gciallaibh
d’iarraidh Néill
Óig í Eoghain.
25 Iomghuin Néill
Í Néill Chnucha
dá bhiodhbhaidh
ag béin driucha;
do chloinn Táil
badh tuar catha
gruadh flatha
Fáil dá bhfiucha.
26 Gléighearr ó
bheithir Baoille
go feithimh
Éireann óighe;
anad thall Ulaidh
fhíre
cubhaidh ríghe ag
barr Bóinne.
27 Sé tar chách
do thagh Torna
an Damh Ré ó ráth
Eamhna;
biaidh do réir na
bhfear bhfaghla
go bhfaghbha Ó
Néill teagh Teamhra.
28 Do chinnsean
ar chath nGaoidheal
rath a shinnsear
ga sheoladh;
síol gCuinn ga
mbuain a bádhadh
ón áladh bhuinn
uair Eoghan.
29 Sirthe Í Néill
aistrigh Oiligh
ní caisgthir go
n-éir adhaigh;
mar théid grian
tar fód Fuinidh
sguiridh Niall Óg
don fhaghail.
30 Giolla mar
Niall ngeal nGlúndubh
re rian na sean
ag síneadh
teann ar aicme an
dá Eoghan
ceann deoradh
maicne Míleadh.
31 Ní fhéad glór
acht glór cunnla
acht gidh lór
méad a mheadhra;
gidh fear hé len
leasg labhra
tarla sé i measg
a mheanma.
32 Do-ghéana a
dtáth re tamall,
do-ghéabha ó
chách a gcumann;
ní bhí acht sa
ghné a ngeallann
ní fheallann rí
Cé ar chumann.
33 Le sín n-uair
i n-a aghaidh
do shín a dtuaidh
ó Thoraigh;
re ré na gcuach
ná an chadhain
ní thabhair sé
fhuath d’fhoghail.
34 A mheanma ar
shíodh ní shaoilim
go ndearna díon
an bhánfhuinn;
go rug Niall Óg
ar Éirinn
fiadh Féilim ’n-a
fhód fhábhoill.
35 Ní fhuil eas
acht ar iarraidh,
teas i muigh is i
mónaidh
suil leigeas
grian í d’fhéaghain;
féaghaidh sí
a-niar um nónaidh.
36 Réidh faoi
gach fiadh dá bhfuaighionn
Niall Ó Néill na
naoi ngéibhionn,
téid ar ndéanaimh
chóig [gcórrann]
d’fhéaghain
tórann fhóid Éirionn. Ón áird.