Poem in printable PDF format
Ór na mban
baincheann nimhe
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 49]
Donnchadh Mór Ó
Dálaigh .cct.
1 Ór na mban
baincheann nimhe,
géag chubhra an
chnuais ainglidhe,
cruth seangghlan
go snas chorcra
dar las deallradh
diadhachta.
2 Ór líoghlan ar
nar luigh sal,
réalta iuil fhear
an talmhan,
ciabh chlaon ’s a
griandath mar ghréin,
caor do mhianach
criadh ceinéil.
3 Ór glan
gealbhán na cruinne,
baincheann na sé
sochaidhe,
folt na
n-órchlann gcruinnshliom gcas,
lóchrann ó
bhfuighbheam eolas.
4 Grian ghlan
ghealmhaidne samhraidh,
eala innbhir
chubharghlain,
folt órbhuidhe
fhailgheadh dtiogh,
óghMhuire
mhaillgheal maighdean.
5 Guaillidh
deasláimhe an Dúilimh
’s í ar ar sgáth
’n-a sgiathlúirigh,
’s n-a gnáthfhál
dhaingean dar ndíon,
sgáthán aingeal
an airdríogh.
6 Slat do fhás a
húir naomhtha,
ógh ghlan go
ngnúis neamhfhraochdha
dar bh’ainm
naomhthalamh ós nimh,
pailm go
saortharadh saidhbhir.
7 Neimhdheas gach
deilbh dá deise
i ngar do ghné a
deilbhei-se;
beag mórbhladh i
ngar dá gnaoi
leag lóghmhar mar
ghal grianlaoi.
8 A béal
coimhdhearg re snuadh subh,
a rosg comhghlas
re criosdal,
nó re hoighreadh
ar eas nglan,
a cneas
coimhgheal le cubhar.
9 Combuidhe é ’s
an t-ómra
bairrfhiar an
fhuilt fhorórdha,
a tirmdhéad
chombán re cailc
an fhinnghéag
fhollán orrdhairc.
10 Siad
coimhgheal le clúimh eala
a troighthe, a
taoibh glégheala;
méin chaise ’n-a
camchúl fhionn
nach taise
fannchlúmh faoileann.
11 Céim a bonn,
buille a habhra
’s iad commall ’s
a ciunlabhra;
rosg glas gan
fhormad fa ór
a bas chomhlag re
caomhshról.
12 Niamh a gruadh
n-áluinn mar fhuil,
an chuid eile dá
haghaidh
mar uan imillearg
abhann
sduadh
inghindearg abhramhall.
13 Inghean
Iaichim ciabh chladhach
cosmhail caoile a
seangmhalach
re sgríb
d’fhírrinn chaoilphinn chuirr
ar sgríbhinn
maoithshlim meamruim.
14 Máthair ríogh
rátha nimhe,
mian súl na
sluagh n-ainglidhe,
gnúis déadla ó
n-aghthair an t-eol,
réadla nach
athraigh d’aithcheodh.