Poem in printable PDF format
Oraoid sunn go
síol gColla
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 42]
1 Oraoid sunn go
síol gColla
dá iomchasaoid
eatarra -
an ramhacraidh ó
Mhoigh Mharr -
a bhfoil
d’anacraibh oram.
2 Ná fágaibh fós
fear dearmoid
d’fhuil Cholla ó
Chliaigh imealbhuig
nách aigeólla
sibh fa seach,
fir nách aideómha
ar n-eiteach.
3 Sliocht
Toirdhealbhaigh mheic Marcais -
labhair rem lucht
díoghaltais;
tréad is éadána
ar fhilidh,
méad m’éagára is
m’aindlighidh.
4 Inneósad duit,
a dhuine,
mo chasaoid, mo
chéalmhaine,
don droing mhóir
shuilbhirthe sháimh,
i ndóigh
cuimhnighthe ar gcomhráidh.
5 Mór gceann
bhfadhálta feadhna,
iomdha coinnmhe
is ceithearna -
mairg ga mbí ad
(?) comharsa cóir -
do-ní oramsa an
éagóir.
6 Ceithearn an
tighe rem thaoibh,
bíd lán d’ulc
agus d’anaoibh,
gach re lá ag
toigheacht im’ theagh,
’san t-oireacht
atá im’ thimcheal.
7 ... ttugainn
mir ar gach mir
don foirinn
natmhoir ainm ...