firstLine"; ?>

1601. Ort do sheiseacht a shaoghail $
Length: middling 23qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th-17th cent.
  2. Bruss.Bib.roy. 20,978-9 ?1616-18
  3. Book of O’Conor Don c. 1631
  4. RIA 92(24/P/4) Pa. MacOghannan 1687
  5. RIA 546 (23/K/36) M. MacThaley 1704
Prints:
  1. text DiD no. 50;
  2. transl. Ir. Monthly 58, 261
Motifs:
  1. inevitability of death
  2. renunciation of the world
  3. repentance for secular use of poetry
  4. Biblical allusions
  5. setting traps
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Apologue Subclasses:
  1. Noah’s Flood
  2. Judgment Day: accompanying wonders
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ort do sheiseacht, a shaoghail


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 50]


Donnchadh Mór Ó Dálaigh .cct.


1 Ort do sheiseacht, a shaoghail,

a sgian tana thollfhaobhair;

a ghille ’s a lúb ’n-a láimh,

ag súd inn-ne dot fhágbháil.


2 Mithid damh céim seachad sair,

a sheanóir dhoill, a dhomhain;

do budh turchar dhamh, a dhuill,

urchar do chur lem choluinn.


3 Do budh codladh ar chlúimh thé

gan iompódh riot a-ríse;

uch, a thruagh, más eadh as áil

seal uabh agus gan t’fhágbháil.


4 Seal ’san slighe dhíomhaoin damh,

seal ’san saoghal dom shalchadh,

seal san lathaigh, loighe an doill,

athaidh oile san abhoinn.


5 Ruaig agam d’iarraidh nimhe,

ruaig i measg mo mhuinntire -

tuig trá nach deighcridhe dhamh

an dá eitrighe d’adhradh.


6 Siridh féin aireamh eile,

a shaoghail, d’ar t’eitrighe;

beir, a shaoghail, t’aghaidh uaim,

a shalaigh dhaolaigh dhiombuain


7 A sheanóir thuisleadhaigh thruim,

mallacht ort gach fhir chumuinn;

go bhfagha shár it sheise,

a chlár tana taipleise.


8 Gé taoi ar mo thí, a thruagháin thruaigh,

duit do chumas mo chéadduain;

mór an ceannach deaghóir dhamh

seanóir meangach do mholadh.


9 Is tú an giolla fionn fallsa,

riot do-chuaidh an cholann-sa;

ní tú, a dhalláin a dhomhain,

an chnú fhalláin fhoghamhair.


10 Is tú an tsadh mheabhlach mheangach,

is tú an bheithir bhéimeannach,

tú an aithir sheang, a sheise,

is ceann aithigh uirrei-se.


11 Do chuiris díot a-dearair

cúig dhíne do dhíneadhaibh;

ní fhuil tú acht id chuaille chuir

ar bhrú na huaighe, a ánruidh.


12 A ánruidh thruaigh, tomhais dúin

gá fuil do-chuaid fad chéadúir;

sloinn go fíor, a bhréagaigh bhrais,

gá céadfhuil ríogh do fhromhais.


13 Fuil Aibéil mheic Ádhaimh fhinn

dí do chorcrais do chéidrinn;

a bhrais bhréagaigh, is sí sain

céadfhuil do bhí ar do bhéalaibh.


14 Fuil Críosd do-chuaidh fad bhruinne,

móide t’imshníomh oruinn-ne;

ceann fat iris níor dhluigh dhamh

ó do ibhis fhuil t’athar.


15 Do bhrathais Dái-bhí na ndámh

’s do fheallais ar Ab-rahám;

tugadh ceann Eoin dá éis sain

’n-a fheoil ar mhéis dod mhiasaibh.


16 Do chrochais is a cheann síos

Peadar apsdal na n-óirchíos;

ar ndíoth Peadair agus Póil

eagail do shíoth, a sheanóir.


17 Ní dhearna cumann riot riamh

ó do fheallais ar Aibial

neach nar chuiris féine i bhfód

acht madh Éile agus Eanóg.


18 Tárras ort-sa eacht oile

do chealga ’s do chorroighe;

ar do mhuin - níor bhúireadh binn -

do chuir an Dúileamh dílinn.


19 Bliadhain dí - agus níor dhoibheart -

ar do mhuin ag marcoigheacht;

ní fhuair díon, ní thárraidh trácht,

do shíol Ádhaimh acht aonbhárc.


20 Tiocfa bráth ainmhín oile

dod bháthadh-sa, a bhréagoire;

ní bhia beatha eile ann

acht ceatha is teine is torann.


21 Báidhfidhear tú do thonnaibh

mar bháidhthear ceap críonchonnaidh;

do leagadh a-dir gach dream

ar sin ní fheadar th’inneall.


22 Ón ló loisgfidhear do lár

agus ghéisfeas do ghormchlár

agus bhearrfas muir do mhong

do sheanchas ní fhuil agam.


23 Ag súd inne ag imtheacht uaid

i reilig na gcrann gcaolfhuaid;

beag do threiseacht tocht tar muir

ort do sheiseacht, a shaoghail. Ort.