Poem in printable PDF format
Ort mo cheisd, a
Chalbhaigh Ruaidh
[Mac Cárthaigh,
Eoin, ‘Three poems by Maol Muire Ó hUiginn to An Calbhach Ruadh Ó
Domhnaill’, Ériu 48 (1997) 59-82]
Maol Muire Ó
hUiginn do chum so don Chalbhach Ruadh chédna
1 Ort mo cheisd,
a Chalbhaigh Ruaidh,
a lámh thrén
iomchrus anbhuain,
ós tú, a
chaithbhile chraoi Floinn,
an tsaoi as
aithnidhe agoinn.
2 Ós ceisd
ionrúin aguinn sin,
tearc ann dar
cóir a cloisdin
d’fhéin Breagh na
tteannaolbhoth ttais
acht sleagh
beannfhaobhrach Bearnais.
3 Créd nach bíthi
bádhach linn?
fiafraighim dod
dhreich dhoinnshlim,
a bhrath Banbha
na ngég nglan,
nó créd damhna
bhar ndiomdhadh?
4 Innis dhúinne,
a fhlaith Line,
créd é adhbhar
th’oirbhire?
a leaca shaor, a
ghruaidh gheal,
nó uainn gá taobh
ar tuilleadh?
5 Bíd gach
aonuair, muin ar mhuin,
fileadha Fódla at
fhochair,
a fhlaith an
chaoinlis Cuinn-si,
fa sgaith
n-aoibhnis aguibh-si.
6 Bíodh nach
beinn mar fhilidh ann,
ciodh bhós nach
beinn-si ag tadhall,
a ghég Doire as
dáigh fa ghoil,
mar thráill oile
san adhbhaidh?
7 Iongnadh nach
tógbhann tú linn
an ghnúis
dhealbhdha, an dreich n-aoibhinn,
nó fabhra na
ngormshúl nglan,
a chomhrún calma
curadh.
8 Do-bhéarainn
buidheachus daoibh
dá n-aghainn
uaibh-si, a mhacaoimh,
a chlodhfhainn
ghégaigh go ngart,
fégain orainn tre
aobhdhacht.
9 An chaoimhe do
chleacht sinne
uaibh-si, a
dhreagain Duibhlinne!
Créd an
claochládh rod chuir ruinn,
a thuir ó
chaomhchlár Conuill?
10 Cuimhneach
libh-si, a fhlaith ó cCuinn,
an chúis rúin go
roich eadruinn
’s mé ag comhrádh
led dhealbhshúil ndil
ar orlár
seanmhúir Sligigh.
11 An lá-soin, ní
leigfeá ar ais
mo ghrádh dhíot,
a mheic Maghnais;
iongnadh liom gá
damhna duibh,
a mhionn as amhra
a n-iorghuil.
12 Ní teangtha
carad do chuir
caint eadrainn, a
eó Murbhuigh;
lucht diomdhadh
dá dhéanaimh ruinn;
énoil dob
iongnadh eadruinn.
13 Ná creid, má
iarrair mh’annsa,
teangtha an
iomlait oram-sa,
a bhrath cléire
ar lios na Lugh,
fios na fréimhe
go bhfaghur.
14 Ná creid an
céidsgél orainn,
a chraobh
fhréimhe ríoghChonaill;
a ghríobh chatha,
a mhaighre ós mhuir,
airrdhe flatha ná
fáguibh.
15 Dhá dhéanamh
dhéag ar gach sgél
suil faghar fios
a chédfhrémh,
a chur gleóidh le
féin bhfoghla,
do réir an eóil
ughdardha.
16 Ná creid-si, a
chodhnach Doire,
sgél orm óm fhior
dhiomdhaidhe
- gá bríogh sna
briathraibh ro-clos? -
acht fiafraigh
dhíom a ndearnos.
17 Ná habair go
madh eól uainn
ó rádh bréige ar
bhreith dhiombuain;
acht go ttí dhíom
a dhénoimh
gach ní as fhíor
aidéamhair. ORT
18 Rann d’Aquino
an abhra mhoill
ag so uaim do
chionn chumoinn
le a ghruaidh
líghgil nach aomh mh’oil,
mo chraobh dhídin
ar dhiomdhaidh.