Poem in printable PDF format
Ós me eolach as
fherr air [Acephalous]
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 16]
1 Ós me eolach as
fherr air
ní fuarus
aoinbhéim fholaigh
riamh ar
síthbhrugh na sreth cceoil,
teach nach
díothmhar re doirseoir.
2 Teach Con
Connacht na ccolg nocht
inneosad air ar
n-énlocht;
gan Clár
caomhLogha ag barr Bhregh
aonrogha Gall is
Gaoidheal.
3 Terc maith as
fherr iná a olc
ní cheilfe mé ar
Chú Connacht;
clú Ó cColla do
chondaimh
an cú as orra
d’anorraidh.
4 Urra hé re
Teach an Trír
orra sídh, orra
eissídh,
orra coinghleaca
im Chlár Néill
lámh as
oirrdherca eisséin.
5 Énchrand bagair
cland cCondla,
énorra na
healadhnae;
énbhrath céile
Cláir Chriomhthain
do-cháidh
d’fhéile ós Éirionchaibh.
6 Ós d’eolchaibh
Még Uidhir ind
is mé ac dénamh
mo dhíthchill,
ursa gliadh crú
na cColladh
trian a chlú nír
chanomar.
7 Do dhénamh iuil
don tigh thall,
ó a-tám gan
eolach agam,
ar Eoin Bruinne
do bhí ar mbrath
an chruinne ní hí
ar n-eolach.