firstLine"; ?>

1606. Pardhas Fodhla Fir Manach $
Length: very long
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 90(24/P/12) O Clery school >1648
  2. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
  3. Mayn. B8 Heinri O Carraic 1701-8
  4. NLI G140 M.Troy,R.Tipper et al. 1724-40
  5. NLS Adv 72/3/2 (LXXX)Dr D.Smith 1798
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 13
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. harrying
  3. prophecies of ruler
  4. Classical allusion
  5. biblical allusion
  6. landscape
  7. childhood, education
  8. druids
  9. proverbs q. 22
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (RIA 743)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Brian mac Donnchaidh & mc ingh. Aodha
Patron Surnames:
  1. MagUidhir
Apologue Subclasses:
  1. Birth of Hercules: prophesied as deliverer
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Pardhas Fódla Fir Mhanach


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 13]


1 Pardhas Fódla Fir Mhanach,

clár téiglidhe torcharach;

tír na ngort ­dtirmghléigheal dtais,

ar imdhéineamh port bParthais.


2 Ceól neamhdhuidhe nuall a tonn,

bláth forórdha ar a fearann;

taidhbhse mheala millse a sreabh,

trillse a feadha gá bhfilleadh.


3 Gleannta míne ós moighibh cuir,

srotha gorma ós na gleanntuibh;

fiodh cnóbhuidhe ar cúl na sgoth,

clúmh órdhuidhe gá fholach.


4 Lór do bhuain fhiabhrusa dh’fhior

duinne a géag, guirme a huisgiodh,

deirge a clúimh, neamhdhuibhe a néall;

neamhdhuidhe a húir ’sa haiéar.


5 Cosmhail re ceólaibh Pardhais

mon gcrích dtaidhiúir dtobarghlais

fuaim a sruth ngainmhidhe nglan,

tre gh­uth ainglidhe a healtan.


6 Ní fhéad teanga - gá dtám ris? -

leath a haoibhniosa dh’aithris,

críoch mhaothbharrchas na sreabh seang -

ceadh acht aonpharthas Éireann?


7 Ní bhean neach re neach oile

san pharthas te thalmhoidhe;

ní fhuil fear éadála ann,

ná fear éagára d’fhulang.


8 Do-geibhthear fós le gach fear

tibhre seirce ’na silleadh,

nách bí ar tí díoghbhála dhí

fíornámha dá dtí thríthi.


9 Ní bhí sliocht foghlaidhe i bhféar,

ná lorg arracht i n-aiéar,

ná raon tarathar i dtuinn,

mon gcladhachadh saor séaghuinn.


10 Ní bhíd fuatha ina feadhaibh,

ná ilphiast ’na hinbhearaibh;

ní bhí torbhaidh ar tí a cruidh,

ní bhí foghlaidh gá foghail.


11 Ní lamhaid tadhall tríthe,

tar a cladhaibh coigcríche

beag suim an ghormoirir ghil

i bhfoghloidhibh Fhuinn Éibhir.


12 Fuair an chríochsa um ghort nGabhra

d’anchumhachtaibh éagsamhla -

tar nách éidir í d’fhaghal -

ní éigin­ dá hanaghal.


13 Ní buadha cloch, ní fégh fiagh

chaomhnus cuanta a críoch n-imchian;

ní learga foirbhthe, ní fiodh,

ní cearda doilbhthe draoitheadh.


14 Atá aca éinní is fhearr

do dhíon na gcríoch go coitcheann;

díol cáigh d’aoghuire san fhior -

aonduine dháibh is dídion.


15 Brian Mhág Uidhir na n-arm nocht,

mac Donnchaidh mheic Con Chonnacht;

sgiath caomhanta Críche Duinn,

aondalta Síthe Sioghmhuill.


16 Dromchla aigéin re hUltaibh,

múr cloiche re Connachtaibh;

céile bhan mboigbhíthe mBreagh,

cladh coigcríche an dá chúigeadh.


17 Luibh íocshláinte d’fhuil Eachaidh,

doras báis do Bhréifneachaibh;

an chaor neimhe don Niallfhuil,

’s don taobh eile d’Oirghiallaibh.


18 Pardhas Ádhaimh Inse Fáil,

Fir Mhanach na múr gconáigh :

ua na ndeighfhear ó Dhún Bhreagh

mar mhúr teineadh ’na timcheal.


19 Dá mbeantaoi éinchreach d’fhuil Chuinn

ó Éirne go hÁth gConuill -

’na n-airgnibh do-geabhtha geall

a ceathra hairdibh Éireann.


20 Ní fhúigfeadh teach gan toghail

um Bóinn an bhruaigh thorchoraigh,

nó mon Muaidh dtírimghil dtais,

nó um fírimlibh bruaigh Bhearnais.


21 Comhmór do hairgfidhe uaidh

na tolcha corra um Chraobhruaidh,

’san eang shíthe ó Chruachain Chuinn

go bruachaibh chríche Coruinn.


22 Tabhairt aighthe ar adhbhaidh mbeach,

nó is cor láimhe i niod naithreach -

tír a shean d’fhaghail ón fhior,

nó is aghaidh ar theagh dteineadh.


23 Atá le fada ag feithimh

le Brian féin dá fóirithin,

’sgach fádh ag tairngire a thocht

don chlár ainglidhe éadrocht.


24 Fuilngid Gréagaigh eacht eile

beith mar so seal d’áiridhe,

fa chiaigh mhóir dhocrachta dháibh,

i ndóigh fhortachta d’fhagháil.


25 Gluaisid forgla bhfear ndomhain

fan nGréig n-éachtaigh n-iorghalaigh,

gur bhean siad a draoidheacht dí

do-niad i n-aoinfheacht uirri.


26 Ó nách fuairsiod cead catha

na gasraidhe Gréagacha,

rí an tsluaigh rachalma do ráidh

a n-athardha ar n-uair d’fhágbháil.


27 “Ná fágbhaidh,” ar fáidhe Gréag,

“fearr dhaoibh bhur gcríoch do choimhéad;

lucht bhur n-oirbhearta is ní náir

ar­ tí a n-oighreachta d’fhágbháil.”


28 Draoi dhíbhséin arís do ráidh :

“córaide an chríoch do chongbháil,

atá aonduine i ndán dí

bhus aoghuire ar clár chruinni.”


29 “Atá ’na naoidhin aniogh

fear ar saoraidhne,” ar seision;

“dá bhfoilngeam a bhfoigheam dh’ulc

roighearr go bhfoighbheam fortacht.”


30 “Sloinn dúinn ní is soillse iná sin,”

do ráidh cách d’aithiosg aoinfhir,

“cia hé, nó an mbéarthaoi go a bhun,

an té adéarthaoi dá dhéanamh?”


31 Do ráidh an draoi - dia do rath -

“Earcoil mór, mílidh Gréagach,

is é adubhart do dhíon cháigh,

do bhríogh cumhacht is chonáigh.”


32 “Beid,” ar sé, “slóigh an domhain

mon ndraig n-uathmhair n-éagsamhail,

gnúis roithneach dán hainm Earcoil,

an phailm thoirtheach thairngeartaidh.”


33 “Ní bhia i n-ilphiasdaibh oile,

ní bhia i ndúilibh daonnaidhe,

neart ó bhfuighbheadh righe ris,

tuillmheadh a fhine dh’aithris.”


34 Cinnis an draoi adubhairt sin,

mar chomhairle dá chairdibh,

go dtí a dhreach chaomhshoilléir chorr,

breath gach aonoiléin d’fhulong.


35 “Dá ndearntaoi a ráidhimse ruibh,”

ar an fáidh, “go fás Earcoil,

’nar thaibhgheadar na trí roinn

ní bhí acht a­irleagadh orainn.”


36 “Cead linn a n-uighbheam d’olcaibh,

do ghábhthaibh, do ghuasachtaibh,

is dáil gcabhartha ’nár gcionn -”

labhartha cáigh go coitchionn.


37 Fuilngis gach breath dá mbíoth air,

iomthús an airdríogh Gréagaigh -

gruaidh doinnghealtais nár chleacht coir -

go teacht oirbheartais Earcoil.


38 Téid naonbhar ban dá bhranar,

d’aindeithbhir lé apghaghadh,

do mhnáibh ríogh gasraidhe Gréag,

líon dar chasmhaile a choimhéad.


39 Ní théigheadh, bhós, tre bhioth síor

do ghlún nó d’ucht an airdríogh,

lé mbíoth d’fhorcoimhéad uaidh air,

ní drochcoimhéad fhuair Earcail.


40 Gairid d’Earcoil dá éis soin

gur chuir faoi forgla an domhain;

gá dás luadh imdheachta an fhir - ?

tinghealta an druadh do dheimhnigh.


41 Lingthear leis lucht an bheatha,

díoghlais orra a n-ainbhreatha;

seóid Ghréag ón domhan ’na dhál

’na dtoradh chéad ag claochládh.


42 Maith do-chuaidh dá chairdibh gaoil

anmhain ris i méad macaoimh;

gá dú? - acht ní hinleanta air -

clú na himdheachta ar Earcoil.


43 Mar sin do bhádar fa Bhrian

síol gColla na gcreach n-imchian,

go haipgheaghadh dá ghruaidh ghil,

’na mhaicleanabh uair éigin.


44 Gur chaithsiod fós Fir Mhanach,

go himshníomhach urchradhach,

seal ag sírfheithimh mar sin

le ríbheithir fhear nOiligh.


45 Gur leasoigheadh - lór do rath -

ar ghlún airdríogh Fhear Manach,

’sle mná­ibh breachtshoilse glac ngeal,

an tEarcoilse Mac Míleadh.


­46 Gur líon fós do mhéad meanma

ar fheabhas a oileamhna -

gnúis chorcra ón soidhearaidh síodh -

’s d’oileamhain ochta an airdríogh.


47 Go rug orra dá éis sin

mac Donnchaidh mheic Mhéig Uidhir,

re béal a dtabhartha i dtír,

ar séan gcabhartha a chiníl.


48 Siol gColla, cinéal Eóghain,

do thabhaigh is taibheóghaigh

a bhfuil orra re hathaigh

ag fuil Cholla i gcartachaibh.


49 Ag síol gColla Chláir Dá Thí

do bhí gach breath dá mbeirthi

’na cuid rúin ag ríoghalbh Breagh

súil re a díoghail fa dheireadh.


50 Fa cead leó a n-aghaibhdís d’ulc

ó Ultaibh, ó chrích Connacht,

ó tharla cobhair ’na gcionn

fa chomhair fhaghla Éirionn.


51 Fóchtaid feasda dá bhfoltaibh

d’Ultaibh, don chrích Connachtaigh;

ó tá an Brian tarngaire ar dteacht

faghlaidhe ag triall ón tuaisgeart.


52 I dtús cháigh tiocfa ar tosaigh

mac inghine an Aodhasoin;

bas neartmhar le niamhthair ga,

Earcal iarthair na hEórpa.