Poem in printable PDF format
Ad-chiú néall
neamhdha ós an raon
[Carney, James:
Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D.
1400-1650), Dublin, 1945, poem 13]
An fear céadna
(Eóin Ó Con Mhuighe) ar ndul Eibhlín thuas go Cill Teimhnéin
1 Ad-chiú néall
neamhdha ós an raon;
don néall-so budh
neamhghar brón;
néall sídh ón
soinmheach ar ndál
do shín ’mun
cclár Muimhneach mór.
2 An nuainéall
nochtus a fhuirm
d’fhuaighéal gach
sochair ’nar seilbh,
ruithne raimhín
gan réim ngairbh,
snaidhm ón léir
daighshín ’na dheilbh.
3 Loise neamhdha
a chrotha ad-chím,
dealradh a
bhrotha go mbuaidh,
mar ghléaghoil ar
tteacht ón tráigh;
ní tearc fáidh dá
fhéaghoin uaidh.
4 Néall ríoghna
’s an ruithne shaor
dán fíorghar
soichle na síon,
néall ón tearc
confadh ar cuan,
borrthar dá luadh
an reacht ríogh.
5 An comhurtha
ad-chiú san neóll
a-niú is
comhurtha ar an ccuan,
séala ór ling
turchoirthe trágh,
murchoirthe is
ágh linn dá luadh.
6 Inghean iarla
oirir Mis
na ngriangha
oinigh ré ar n-ais,
tarla don bhúidh
dathghlain deis
breis dúin nach
athruigh tar ais.
7 Néall nimhe
arna nochtadh dúin,
gach file
fromhtha gach fáidh,
suan aithbhe,
soirbheas san sín,
coillmheas a
ttír, tairthe a ttráigh.
8 Líonaidh trian
Caisil na ccearn
dá fhaicsin a
n-iath na n-arm
do thuile
éigneadh eas ngorm,
do theas chorm is
bréigshreabh mbalbh.
9 Drúcht meala ar
gach measmhoigh mhín,
na feadha ag
fearthuin a ngráin,
teas a ngréin,
bleacht-toirthe buair
dá gruaidh réidh
bhreachtghoirthe bháin.
10 Baincheann
Síthe bleachtghlain Buidhbh,
fríthe fá
meastair ar moirn,
géag
thimfhinngheal nár thuar spairn,
pailm shuadh na
singinghean soirbh.
11 Ríoghan Cunga,
cneas mar uan,
a searc is truma
ionar ttaobh,
an
dubhmhailgheach ó Dhruim Cliabh
’na ttuill ciabh
chrunnfhailgheach claon.
12 Daoine is
ceathra an chláir-se um Shiúir
fearthar a
bhfáilte dá préimh,
cruth míndealbha
nach mion rúin
d’fhiodh túir ar
bhfíneamhna féin.
13 Faoilte gan
gruamdhacht gan grioth
’mun mnaoi-se a
suanghuth na sroth;
foghar éan is
bionnbhrón beach,
sgéal do mheath
lionnghlór um loch.
14 D’fháilte ón
chléir chobhsaidh ód-chíd
a céim a
bhfochraibh ar bhfóid,
sreith
d’fhonnlaoidhibh suadh ros séid
uann don ghéig
fhorbhfhaoilidh óig.
15 Inghean shéimh
Oilionóir dh’iocht
’s do réir
roimhiodhóil ar mbocht;
gnúis deighinshíl
as saor slacht,
níor aomh alt
d’Eibhilín olc.
16 Inghean iarla
Achuidh Gréag,
riaghla a hathar
ar gach fhód;
sochruidh
faoileanda a snuadh súd,
lúb na ngruadh
n-aoibhealda n-óg.
17 Múr díonmhur
drongán as dleacht
don ríoghan is
robhádh d’iocht;
gabhla a fuile is
phréamh don phurt,
tréan as a n-ucht
cuire cniocht.
18 Ceall
Teimhnéin a foirghneamh féin,
loingthreabh ré
deighréir don dáimh,
rob saoghlach a
seilbh an mhúir
gan teidhm lúidh
d’ar n-aonbhrath áigh.
19 A mheic
Phiarais, a phosda Gall,
ar thriallais ní
toisg bhun ’s cionn,
tárrus séad
oileamhna d’fhonn
an ghéag throm
oireaghdha fhionn.
20 Cúl foithreach
fán fillte an séan,
roimpe budh
soichlioch gach síon,
gnúis réidh re a
ngabhluigh ar ngrádh,
mallmhuir go
n-ágh don réim ríogh.
21 Dreach céille
’má n-ibhthear fhíon,
fithcheall ar
gcléire do chnámh,
grís choguil
ceardchan na ndruadh,
obuir shuadh fá
ndeargthar dán.
22 Stuagh dhéalla
do chothuigh cléir
budh séala
sochair ’mun Siúir,
aitheasg tírim go
tteas ngráidh
’nar mheas fáidh
fhírinn gach iúil.
23 Beangán ’s a
bhláith an gach fód,
mo chean dán
leannán an lúb;
cruithneacht
deaghloma as gaol Gréag,
caomh an séad
sealbhronna súd.
24 Craobh úr gan
éalong d’fhiodh,
plúr don
sgéamhfhonn réar sgar -
mo chean tír a
ttarla a tol -
do shín sgol na
Banbha a bladh.