firstLine"; ?>

1610. Peacthach ar siol ‘n-ar sluaghaibh $
Length: long c.43qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1225 (D/ii/1) Bk of Ui Mhaine c. 1394
  2. TCD 1337 (H.3.18) 17th cent. section
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no. 80
Tracts:
  1. see Celtica 17,145?
Motifs:
  1. imagery for body
  2. renunciation of the world
  3. corruption of body shown by decay etc.
  4. Disciplining body
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire (Bk Ui Mhaine)
Poet Surnames:
  1. O Leannain
Apologue Subclasses:
  1. The four chaste conceptions, dove etc.
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Peacthach ar síol ’n-ar sluaghaibh


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 80]


Maolmhuire Ó Leannáin cct.


1 Peacthach ar síol ’n-ar sluaghaibh;

créad adhbhar bhar n-anuabhair?

do rinneadh tre dhrúis inn d’fhuil,

dar linn ro ba cúis chrábhaidh.


2 Adhaltras fhear na cruinne

- ní hí clann na coluime -

clann fa dheoidh do dhéanamh dhí

ar féaghadh an eoin eile.


3 Ní hé síol an mhaighre mhaill

ásas a hiuchra álainn;

tugadh toirrcheas don duine,

ro ba toirrcheas turtaire.


4 Olc dúthchas na colla criadh,

a dath fallsa ní fírniamh,

is beag an ghlóir budh dú dhí,

fóill an trú agus a threise.


5 An corp dá lár is lathach,

ní fód drúchtach donnsgathach,

ní subh craobh corp an duine,

ní gort i mbraon Bhealtuine.


6 Ní hairgead agus ní hór

bláth na colla re cadódh;

ar gcolla achd gidh bailce i-bhus

is [cairte] donna a ndúthchas.


7 Ní cnú agus ní dearca dhonn

ní háirne agus ní hubhall,

nocho slat bhuingheal bharrghlan

achd fuilreadh ar bhfíoradhbhar.


8 Ní mil [’s] ní leamhnacht dar linn,

ní fíneamhain dá bhfuilim

achd bainne fola daor dubh;

nocho craobh ola m’adhbhur.


9 Adhbhar gach aonfhir uainne

ní cuiléan fionn fíorchuaine,

ní meas craoibhe buidhe a-bhus;

daoire, a dhuine, do dhúthchus.


10 Ní gráinne cruithneachta caomh

achd bratán fola fíordhaor;

ní crann don fhíneamhain fhinn

fhírsheamhair i n-am Ifrinn.


11 Colla caomha na cruinne

ní fiu ar n-a n-éag aonuinge;

ní móide as saor éinfhear ann

gidh gléigheal caomh a cholann.


12 Luach ar moladh an chuirp chriadh,

a Choimdhe, is mór an mhíchiall;

an corp dá lár ag lobhadh

is dán olc a adhmholadh.


13 Tú ag niamhadh do námhad féin,

eisean got aimhleas ainnséin,

olc do chiall, a dhuine dhoill

an sgiamh chuire mad cholainn.


14 An corp criadh ní crann toraidh

teach Ifrinn a ionshamhail,

dá gach bhiudh mhaith do-ní neimh

[dá gcaith] is an gclí gcaithmhigh.


15 Is é do leannán dar leam

an saoghalsa a-tá id thimcheall;

tugais don fhosgadh fhallsa

do chosgar, a cholannsa.


16 Gidh hálainn an t-airgead geal

is otrach uile a dheireadh;

meallaidh mór nduine is a dhath,

gidh buidhe an t-ór is otrach.


17 Bréag a mhaoine ’s a mheadha

bréag a ór ’s a áirgheadha,

gach ní as fhearr dealb ar domhan,

is dearbh leam a lothroghadh.


18 Bréag a bhleidheadha bána,

bréag a chuirn ’s a chopána,

ní fhuil achd bréag uile ann,

créad an duine nach déachann.


19 Is mairg chuirid sein fa seach

briathra milse na meirdreach

gach corp caomh is [gach gruaidh gheal]

uainn leis an daol fa dheireadh.


20 Gaisde díleas an deamhain

mairg dhéachas, a Dhúileamhain;

do-bheir guin gcruaidh im chridhe

gruaidh a-muigh na meirdrighe.


21 Bréag gach súil ghormfhabhrach ghlas,

fallsa fós gach folt fionnchas,

gach aghaidh dhearg, gach déad bhán,

gidh cealg ón éag ní hiomshlán.


22 Gach slios seang, gach sliasad gheal,

bídh eangach dubh fa dheireadh;

beid casa is lámha loma

gránna glasa gléatholla.


23 Truagh nach cuimhneach lem chraidhe

an t-éag ar a uathmhaire;

gráin gach éinfhir iar n-a éag

céillidh bu cáir dá choimhéad.


24 Mar do bheith sibh beo go bráth,

a lucht chaitheas an conách,

folchaidh méad bhur muirne a-muigh

gan chuimhne fan éag agaibh.


25 Is cinnte do chách uile

a n-éag gus an aonduine;

ní fhúigfe an t-éag dual an fhir

nachar fhéad an uagh d’fhaicsin.


26 Is é an t-Iffearn an t-éag mór

[i] mbí an t-anam ar anshógh;

an t-éag is éag uile ann

créad an duine nach déachann?


27 Dá mbé an corp athach san uaigh

a dhéagsain is feidhm fíorchruaidh

an lón péisdeadh an cath crumh;

ach, is déisdean a ndúsgadh.


28 [Mar nach] beith ceisd Iffirnn ann

acht do chaomhna na gcolann

is mairg do-ní olc [tar] éag

ar tí na gcorp do choimhéad.


29 Tréan tarraing a-tá gar mbrath

an corp codaltach craosach,

corp comhuidheach na cliathcha,

olc dobhuidheach doiriartha.


30 Péisd do phiasdaibh an mhara

don anmain is eascara;

beiridh port Dé ón duine

an corp is é an súghmaire.


31 Gránna an toradh thig a-mach

as an gcolainn re cnuasach;

meisde soillse a huilc fhalaigh;

doirrse an chuirp n-a gcamradhaibh.


32 Meisde an corp a thuar go trom,

is é a allus a fhochann;

mairg ara tréan an corp crumh,

is gort gan fhéar gan arbhur.


33 Ní thig tar chluasaibh an chuirp

achd sal gránna ruadh roghoirt;

toradh na súl is na srón

re thúr is robhadh romhór.


34 A-tá mo chorp n-a chamra

cidh uaibhreach as m’urlabhra;

a Dhé, do ghéabhainn fan nglór

dá bhféaghainn mé as mo mheadhón.


35 Is mairg thréigeas teach nimhe

ar an gcolainn gcuitbhidhe;

beag an luach ar thocht is-teach

fuath mar an gcorp do chuibhreach.


36 Mar lán mara a-mach ’s a-muigh

bídh brú gach aoinfhir amhlaidh

- docair is cinnte i ndán dí -

an lán innte agus eiste.


37 Munba sáitheach ní subhach

an corp íotmhar ocarach;

turadh [mí ní] airg grán glan

mairg do-ní lán don leasdar.


38 [Truagh a bhfuil dh’imneadh orainn]

[im] dhul as an ndrochcolainn;

[ní eaglach re tocht] dá thúr

an corp peacthach ar bpríosún.


39 Adhbhur an chuirp, a chara,

nocha leaga lóghmhara;

ní teach slaitgheal corp an chuil,

olc an aitreabh cidh ionmhuin.


40 Iongnadh eagla ar an anmain

ma dhul as an ndrochadhbhaidh;

ciodh do-gheibh [dhé] an corp cádhas

is olc, a Dhé, an dúnárus.


41 Mairg dar tighearna an corp criadh,

ro ba fearr dúinn a dhoiriar;

gé do-bheir sé olc oirne

ní hé an corp ar gcomairghe.


42 Re mac inghine Anna

fuaigheam uile ar n-anmanna;

go gceanglam ar gcéill ’s ar gconn

ris an réidh seangdhonn súlchorr.


43 Go bhfagham síoth Meic Muire,

go roiseam a ríoghcuire,

go gceanglam ar gcorp san gcath,

go ndeaghlam re port bpeacthach. P.