firstLine"; ?>

1612. Racha me dom aithne d’Enri $
Length: short 12 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) L. Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xxviii
Motifs:
  1. poet absent from patron’s court
  2. envoi to wife: Martha Stafford
  3. imagery to describe patron
  4. poet-patron relationship
  5. persecution of poets by the English
Poet Christian Names:
  1. Seaan (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. O Groidhin
Patron Christian Names:
  1. Enri mac Seaain mhic Bhriain
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1638
Poem:

Poem in printable PDF format

Rachaidh mé dom aithne d’Énrí


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 28]


Seaán Ó Groidhin .cc.


1 Racha mé dom aithne d’Énrí

d’fheuchain orum dha dhreich nduinn,

d’fhios an mbeura onóir d’fhilidh

reulla roshlóigh cinidh Chuinn.


2 Ar tí m’aithne d’oighre Seaáin

seoladh laoidhi do mheas mé,

gidh mór sgáth na ndligheadh ndorcha

ar bhláth fileadh Tolcha Té.


3 Sgaith ar gceirde doighrais dána

a ndligheadh ormsa ag ua Briain,

do bhéra díol san chiort chubhaidh,

ar iocht ga shíol bhunaidh biaidh.


4 Dioghruis ar molta, a mheic Róisi,

rinn ar gceirde ó’s cóir uainn,

a rún drechnáir as fherr d’fagháil,

ní neamhcháir lem anáir uaibh.


5 Fa hiomdha ní d’fhiachoibh ollaimh

agaibh ormsa, a rosg mur ré;

do geubhthar tráth, a thriath Feirste,

ar sgáth m’fhiach nach meiste mé.


6 Dlighidh sinn ar son ar molta

mórán neithe ’s gan ní uainn;

ar ndlechtadh mur as díor d’anáir

is clechtadh síor d’fhagháil uaibh.


7 Mo bheith agaibh um chenn gcumoinn

ó’s chuige atá ar labhradh linn,

a bharr fionnchuir gan bhéim mbronnaidh,

iomchuir do réir ollaimh inn.


8 Bíoth nach beinn im ollamh agaibh,

a éigne lúidh Locha Laoidh,

fa fhéin Oiligh fa dhóigh ndréchta

soighin róinn as dénta dhaoibh.


9 Gidh eadh fós, ní foráil damhsa

i ndíol san drécht do dhealbh mé

gan m’annso do shódh ód shéimhlí;

ní mór dhamhsa, a Énrí, hé.


10 Racha meisi, a mheicsi Seaáin

seal cuarta gan chuma lá

san chúirt tláith as tighe eachtra;

go ráith Line as techta trá. Racha


11 Aithin meisi a Mharta Stathbhard

stiúradh flaithis as dú dhaoibh

m’eura nár fhogham ar th’ionchaibh,

déna oram, iomchair m’aoibh.


12 A bhrath ríoghan rátha Line,

lean dar gcumann, cuiridh linn;

do réir m’amhairc, go n-iúl damhsa,

stiúr ar mhalairt annsa inn.