firstLine"; ?>

1616. Rachad lem bheannacht go Brian $
Length: middling 27qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
  2. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. other mp
Manuscripts:
  1. RIA 92 (24/P/4) P. MacOghannan 1687
Motifs:
  1. envoi to ingh. Bhriain mc Conchonnacht
  2. imagery for patron (buaile, bile)
  3. poet as patron’s spouse
  4. poet’s blessing
  5. cooperation with the Anglo-Irish
  6. echo of ‘A Mhor chuimhnigh an cumann’
Patron Christian Names:
  1. Brian mac Colla
Patron Surnames:
  1. MagMathghamhna d. 1689
Apologue Subclasses:
  1. emperor judges marital case btn 3 birds
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Rachad lem bheannacht go Brian

[RIA 92 (24/P/4), 272]

Incerti authoris - Diarmaid Mac in Bhaird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Racha(i)d lem bheannacht go Brían

túir chothaighe chlair Oirghíall

ursa ghlíadh d’fhíalfhuil na nArt

siaruin go Brian lem bheannacht.

2 Coraide dhó dia do bháigh

ar mbennacht uainne d’fhaghail

is beannacht gach aoin oile

ag cráoibh gleannocht Gaireidhe.

3 A-déaradh [leg a-déardaois?] dáoine oile

damadh leis fonn Fernmhoidhe

don chrích shuairc gan triall tairsi

cuairt ar Bhrian go mberainn-si.

4 Re linn gach einfir mas f[h]íor

minic fuair adhbhar airdríogh

d’íath seanChonnla nior dhíol docht

deaghthorbha is briogh na mbennocht.

5 Níor dheanta da ndernainn sin

d’oighre Colla cruth fáoiligh

bas bheannlag ar nach bí mairg

dermad don tí ro-m theasairg.

6 A nderna [sé] ríamh dom réir

ní mór i n-eraic ei-séin

da ghnúis neamhbocht núaidhe náir

ar mbeannacht úainne d’fhaghail.

7 Cosmhuil gur chóir ar cuimhne

mo mhuirn méad mo chomhairle

’sa ndérna dar-íribh or(a)m

o mhílidh (o mhilidh) mheardha Mudhorn.

8 An ccúalaidh Brian bas leabhar

oircheas Eireann d’fhoilseaghadh

easga lán da bhfégh file

dál na n-éun ’s an impere.

9 Táinic bliadhain éigin ann

ler ceileadh íasg na n-abhann

cnúas na bhfeadh uille in arbha

feadh na cruinne ceathardha.

10 Táinic ann airghe frithre

d’ádhgall (?) uilc is aimsighthe

táinic ann gorta 7 guin

do bharr docra 7 diúltuigh.

11 A bhean ann-séin anba an fheall

léigther leis an fhiach fhireann

do bhrigh na gorta do-gheibh

gniomh budh docra do dhéineimh.

12 Díbreas úadha a bhean bhunaigh

feadh an anshoigh egsamhuil

do bharr na gorta go ngráin

in t-am narbh obtha a hedráin.

13 Níor chían di ’na dheaghaidh sin

go bhfuair sí ceile cubhoidh

dála an fhir [leg. fhiaigh?] nír dhligh an dáil

a ndiaigh a fir da fagbhail.

14 Eachtra an fhíaigh-si deóigh a ndeóigh

a ttathradh (?) d’áis is d’ainneóin

thucc dhi-si ger dhoirbh an dáil

ar fhoirm gan isi d’iompadh.

15 Ar n-iompadh don aimsir sin

dob áil leis a los (a) uabhoir

sealbh a mhná d’fhaghbhail ón fhior

as oirlaimh thrá nar tuilleadh.

16 Dob é rádh an fhir oile

nach ttiobhradh uaidh d’aireidhe

go haimsir a bháis an bhean

in t-am-sin d’áis na d’eigen.

17 D’fhios in impere budh-dheacht

gluaisid ann-sein a n-áoinfheacht

do chuma córa agus cirt

sunn[a] bhan ónna oirdhirc.

18 Bean an fhiaigh don fhior oile

do [bhreith] bheóil in impire

do-ríghne in chóir í gidh edh

don tí do fhóir a héigean.

19 In bhreath ríogh rugadh orra

d’éis ar éirigh eotorra

in tí do bheathaigh an bhean

go ndeachaidh dhi fa dheiredh.

20 Mé an bhean-sin do bhí san airc

Brían thra mo thogha tochmairc

ro-m chobhair on eigean (in-.) inn

mo chéidfher d’fholaibh Éirionn.

21 Do [leg. Dó] bheanas bríogh mo labhra

is é Brian mhag Mathghamhna

re feadh cogaidh chláir na nArt

nar thógaibh grain dar ngúasacht.

22 Dhó dlighther deilbh ar ndána

leis cheana íoc m’eadrana

lúach ar ccoimhdhe is dó dleaghar

mó óirne da fhéilioghadh.

23 F(er)eithmheóir na beirte is búaine

búaile shaor d’aois énuaire

mac riogh do chaomhfhine cCuinn

dláoibhile is díon ar dhoghruinn.

24 Innell ágha gan fhuireach

taibhgheoir chean(a) chrioch ccomhuidheach

aonrúin Gaodheal agus Gall

sáorghlún na n-aoidhedh d’altrom.

25 Oircheas di-si ucht re hucht

d’inghin Bhriain mac Con Chonnacht

dreach geanamhuil re a mbí ar mbaidh

ní dar n-ealadhuin d’fhaghail.

26 An tan budh treisi Gaoidhil

oircheas don fhéil fhorbhfáoilidh

dol tar fhréimh uasail oile

suasain san réim rioghraidhe.

27 Ionnmhus choidhche bus comhain

ac so aicce ar aradhuin

na treighe da ttucc a thoil

an fhéile rucc do roghain. Rachad...