firstLine"; ?>

1617. Rainig seala ar shith Uladh $
Length: long 34qq
Certainty: 4
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. marriage wp
Manuscripts:
  1. TCD 1378 (H.5.6) - O’Reilly 17th c.
  2. TCD 1291 (H.1.17) Hugh O Daly 1755-7
Motifs:
  1. moral qualities of woman patron
  2. nobility of ancestry
  3. comparison with all others
  4. patron’s feast
  5. liberality to poets
  6. War with English
  7. fertility, clement weather in reign
  8. symptoms of just rule, law and order
  9. swearing by prince’s hand
  10. Hostages
  11. almsgiving
  12. importation of wine in ships
Patron Christian Names:
  1. Einri mac mic Neill & Una ingen Aoidh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill, kg
  2. O Neill (kg, d. 1489) &
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ráinig séala ar síoth Uladh

[TCD 1378 (H.5.6), 272]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Ráinig séala ar shíth Uladh

feis Eamhna ’ghá hullmhugadh

fleagh deisi ag techta don toigh

teachta on fheis-[s]i go hÚlltoibh.

2 Tús ag Énrí go hEamhuin

Úna ar an droing ndeighenaigh

leanaidh ben gach Ulltaigh í

gach fer d’Ulltaibh fá Énrí.

3 Ní beithte ré fer bfhoghla

gúais ré línn na lánomhna

ní hádhbhar éirghe d’adhart

adhnadh éimhghe a nEóghanacht.

4 Na teite fá Tráigh mBaile

d’eagla ríogh an F[h]ráochmhuighe

bíodhgthar d’úamhan chen Í Chuinn

ré fear ag búaladh búabhuill.

5 Bíodhgaidh Úna fá iubhar

gáoth má do ghlúais duilleabhar

gion go ttí acht meas a mogal

sí ón eas gan fhothrogadh.

6 Eagla acht ré haghaidh fhiledh [273]

ar Énrí nír haithnigheadh

nírbh é a dheaghail risin dáimh

sé ón deabhaidh gan díoghbháil.

7 An bronnadh ina mbí a shúil

do fhíarfaidh (?) da fher énrúin

lán a shúla munar shir

nár lé hÚna don fhilidh.

8 Réidh gach neach gan ní ’na láimh

feárr clú re ccaithter díoghbáil

ní búdh réidhe neach gan ní

gé do bheith Éire ag Énrí.

9 Ní búdh dh’iongnadh ré hÚna

a ttug Eochaidh énshúla

ní ghoir sí éigin einigh

don ní as éidir d’fóiridhin.

10 Ní feichte ar Ultaibh dh’ól deoch

ní do tháom [blank space here] a n-eineach

beg más úallcha ag ól thonnadh

slúagh Crúachna ar cétlongadh.

11 [R?]ug ’na aice each folamh [274]

ag dul a ndáil ollamhan

do fhreagoir Ó Néill a-núnn

go cléir lérbh eagail abhonn.

12 Do réidhigh Úna ionadh

d’ollamh réna aithniughadh

ben lí ré ccáinte chuires

fáilte is í ’na amhuireas.

13 Madh codladh madh dúsgadh dhi

ní luigh ré héinfhear eili

dá loighe as ré hedh bhfísi

ben oile ’s a[n] t-Énrí-si.

14 Ag an ulaidh do an sí

ón treas go ttí Énrís

lóng shúain arna dérghadh dhi

’na bhfúair éarlamh a itche.

15 Sáoi le hÚna d’úaim chroisi

téid ar ttógbáil eagloisi

ní fánad do thóguibh tor

ré hobuir brágad mbíodhbadh.

16 Do canadh ar chionn bfhleidhe [275]

risin dís rén dáoinighe

“éigen an fhleagh ribh do roinn

siph gan dá theagh ní túaloing.”

17 Gabhaidh Úna ó fhéin Uladh

na mná ’s a[n] t-áos ealadhan

tug iomad téighe as-tegh

nach fionnatt déine a ndáileamh.

18 Níor thrén Gáll láimh ré Líamhuin

a n-aimsir Néíll Náoighíallaigh

[Ó?] Néill Téamra dhá rádh ruibh

[....] [n]ár is sealbha a Saxuibh.

19 [....] inghen ríogh rátha Both

gidh úait as férr a cheannach

d’ól an fhíona an tráth thige

ní íobha fáth fáoiside.

20 Gidh iomdha fá fhior Múaidhe

sógh méallta mná énúaire

ní rug bean don bhéinne ban

fear acht a céile a ccogar.

21 [.....] casadh barróg ní bhí [276]

lámhach nach aithnidh d’Énrí

siumha (?) í Néill F[h]rasaigh ’gá róinn

ar mbéin a lasair lóchruinn.

22 Ní riot as ionchúmtha an idh

a ríoghan ó ráith Oiligh

cérd ag dénaimh t’fháinne as

ar mhéaraibh dáimhe dheachas.

23 Gáoth dhá theinne ní thabhuir

anshógh ar a urcharuibh

’s gáoth ó iómramh í Eóga[in?]

gáoth tar fhíodhradh fuileóngaidh.

24 Ní gabhthar mionna mhéd

dá héis ó inghin Mhairgg

gabhaidh luighe do láimhe

duine ar aghaidh íomháighe.

25 Géim búabhaill nó búiredh doimh

rug ón chogar úa Árdghuil (?)

do sgáoil a chuid don chogar

faoi[dh] cluig mar do-chúaladar.

26 Sgian choltair i ccrích Í Néill [277]

fada go bfhuighedh oilbheim

an bhróg a-nuraidh a-niogh

a ttulaigh óg fá oireamh.

27 Tógbhaidh íasg anfadh bréige

ar eas d’inghin Mairgréige

Loch Éirne ní gáoth do ghaibh

fráoch ag éirghe dá énaibh.

28 An rún dún ainmnighther ón fháidhs

[s?]eachnadh Énrí ’na anáir

do Ghenonn do thréicc a theagh

nach téid a bfheronn fhiledh.

29 A rún re hinghin Áodha

dá mhnáoi iomtha as iontáobha

ar an ngíall do-ghénadh rún

do bhiadh d’fheaghadh ag élúdh.

30 Muna síth ré mac mhic Néill

ní bhía a n-éllach (?) ar eachréidh

gan chúis déinmhe idhe dh’eoch

tré bhile Éirne dh’eiteach.

31 Tógbhaidh inghen éadaigh dhuinn [278]

erradh inghine Í Dhomhnuill

sróll fann go lár ’na leanmhuin

acht lámh ánd ag inghenraidh.

32 Dáilidh banntracht mhná Murbhaigh

deocha úaisle d’ollamhnuibh

sgís a n-áigh ar fhéin bFheabhail

a ghéill dáibh as dáileamhain.

33 Ar inghin Áodha ní fhuil

éinsgéal ar eighre é[...b-]

sgéal air nochan fhuighbed[h] si

do chuirfed[h?] an fhail d’Énrí.

34 Caiter Fhíona nár ér sgoil

is Mairghrég a dhá mathair

dhá aoibhill chinidh cColla

áoibhinn d’fhilidh etorra. Rainic...