firstLine"; ?>

1618. Ramhuch tainig tasg Fearghail $
Length: long 42qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Magauran MS 14th cent.
Prints:
  1. transl. McKenna BM no. v
Motifs:
  1. envois to other patrons
  2. caithreim, list of triumphs
  3. comairce, protection, submission q. 5
  4. withering landscape on death of ruler
  5. death signals end of peace
  6. general grief for patron
  7. keening women
  8. poet exposed to attack by patron’s death
  9. church’s immunity in war observed
  10. Pun ? q. 31
Poet Christian Names:
  1. Lucas (Magauran MS)
Poet Surnames:
  1. MacNaimhin
Patron Christian Names:
  1. Fearghal mac Briain mhic Dhonnchaidh
Patron Surnames:
  1. MagShamhradhain d. 1322
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ramhuch táinig tásg Fearghail


[McKenna, L.: The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 5]


Lúcas Mac Naimhin .cc.


1 Ramhuch táinig tásg Fearghail

saéal do dhubh dhreich míndealbhaigh;

an chraobh fa bhláth - ro bo béad -

saobh do chách gan a choimhéad.

2 Fearghal mhac Briain bruinne seang

do Leith Chuinn cúich nach caoineann?

bha mharthain dóibh d’éis an fhir

sbéis nochor chóir n-a chairdibh.

3 An learg do rath ba ralán

go bás meic Mhéig Amhradhán;

a-tá ar ndíoth a cruidh do chách

an chríoch do chuir i gconách.

4 Ag sgaoileadh dúinn n-a dhiaidh sain

gan arbhur d’aithle an fheolmhaigh;

ar ndul uainn do chraoibh Choradh

laoigh ar mbuair gar mbeathoghadh.

5 Ro bo mince crodh na gceall

ar comairce ag craoibh Raoileann;

táinte sluaigh Glinne Gaibhle

tre bhuaibh cille ar comairghe.

6 Gér líonmhar a lucht toighe

dh’éis mharbhtha fhir Aolmhuighe,

láimh re theach tugadh ar gcrodh,

rugadh ar gcreach gan chosnomh.

7 Mairg bheanas chéill don chruinne

bha bhfuil d’anshógh oruinne,

ní raibhe re dtocht í Tháil

ar n-aire re holc d’agháil.

8 D’éis mharcaigh Mhuighe na bhFeart

budh oilithrigh ar n-oireacht;

biaidh aithne na sligheadh sair

gá chineadh d’aithle Fhearghail.

9 Mac Briain mheic Dhonnchaidh, dearc mhall,

mhac Fionnghualann, flaith Cualann,

do-chuaidh a gcáin do na cnaibh

an uair do-cháidh ó Cobhthaigh.

10 Do-chuaidh ar gcara ór gcairdibh,

mór eagla gach athairgnigh;

ní bhí do theagar bham theach

ní ba mbadh eagal aithchreach.

11 Re méad na dtoirbheart tug dáibh

ní tualaing cách a gcongbháil;

mairg nar chara d’ú Bhriain Bhreagh

dá bhfagha n-a dhiaidh dídean.

12 Re linn airgnigh Achaidh Mhóir

do thaibhghinn agra éagcóir

d’aithle Fhearghail ní háil linn

leanmhain ar dáil dá ndlighim.

13 Im thacar mbó beag mo shníomh

d’éis mheic inghine an airdríogh;

ar gcrodh má do-cháidh is-teagh

re ndol í Tháil ní thoillfeadh.

14 A-déara mé n-a marbhnaidh

re fleisg an fhuilt fhionnghabhlaigh:

“Agod chaoineadh do bhraith bean,

a fhlaith Taoidhean, ar dteicheadh”.

15 A Theallach n-Eachach gan fheall,

a dhíon éigeas is airdcheall,

rian bhar námhad a-nuraidh,

a fhian Fhánad, fhuarubhair.

16 A theaghlach fhir na n-each seang

do sgaoil sibhse ar fhud Éireann;

a lucht toighe baidhbhe Breagh

[tairnge] im chroidhe bhar gcoinnmheadh.

17 A mbliadhna is meisde mise

mórbhann uaim gá innise;

ar chan mé a-nuraidh re neach

- madh cumhain é budh aithreach.

18 Easgairdeach mhé thuaidh is teas

- is mairg neach do-ní aimhleas;

ar n-uabhur re cois í Chéin

a-nois is uamhun eiséin.

19 Bás meic ríoghna rátha Cuinn

do rad mhé i ngarrdha gobhuing;

ní thabhram féin aithne air

mo réim a haithle Fhearghail.

20 Fearghal mhac Briain, bruinne geal,

ní ceann mo bhuair do-bheireadh;

faire mo chruidh ro bo cháir

ni fhuil mh’aire re héadáil.

21 Gabha ag athchuma arm gcorr

ar marbhadh churadh Cualonn;

a shleagh re a [roibhe] roimhe

fear [oile] gá hathshnoighe.

22 Aithris Mhaghnusa is Bhriain Bhreagh

tairbhirt chruidh crodh do chaitheamh;

gon fhior nach mar ní mhéaradh,

an cradh ciodh má gcaigéaladh.

23 Ar mbreith ar n-áirgheadh ’s ar n-each

cách cugainn d’iarraidh aithchreach;

a-rís ráinig ar ceann chruidh

an dream táinig ar tosaigh.

24 Marbhadh míleadh Muighe Sléacht

d’Fhearaibh Manach ba móiréacht;

doirbh síoth ris na tuathaibh thoir

ar ndíoth í Thuathail Teachtmhair.

25 Giolla Íosu is Fearghal fial

gidh comhaidhigh cath Oirghiall,

traisgeoraidh guin chleath gCoradh

ar neach fhuil gá haltoghadh.

26 Sgáile gach tuaighe n-a thaobh

dar theasg a fholt fiar fionnchlaon;

cneas í Chéin Gháille gá ghuin

léir a sgáile sna sgeanaibh.

27 Do chansad ós chionn a chuirp

sluagh Teallaigh Eachach urrdhuirc;

“Fuil gon fhóir [ór hadhradh] lann

rob amladh óir ar iarann”.

28 Teisd gach aonduine ar flaith Fáil

d’éis a anma dá ágbháil:

“Má do bhí an druim gonta ód ghuin

is tre luing th’ochta, a Fhearghuil”.

29 A-dearar ar uaigh an fhinn

gon phobul d’éis an Aifrinn:

“Leagar, a chleath Chairn Line,

neach it ainm gan oirbhire”.

30 Gidh iomdha id thimcheall re treall

gáir ghol agus gáir ghéimeann,

ba meince, a learg bhraonach bhog,

sealg agus aonach umod.

31 Tug Gleann nGaibhle gan ghabháil

marbhadh meic Mhéig Amhradháin;

fagus trá an ghabhal don ghlinn

an ladhar gé tá ar toitim.

32 Ní clos ó do-chuaidh Fearghal

éan sa choill ag ceileabhradh,

cráin dá ló ní adhair d’ál,

ní labhair bó re baothán.

33 Dairghe tógbhaidh an tuile

ar marbhadh laoich Liathmhuine;

[cognaid] tonna Lacha Ló

clacha orra re hannró.

34 Ní thig bláth re barraibh crann,

ní ásann féar ná fochann,

ar an dtalamh do chuir cheas

nach faghar luibh [gá] leigheas.

35 Teach onchon Lacha Leise

rob é mo theach taireise;

ní fhoil neach ris badh áil inn

do-cháidh an teach dá dtéighinn.

36 Nír an bó ná heach aige

mac Briain nar bheag sochraide;

má thug sbéis a bhean i mboin

más eadh is ar éis Fhearghaii.

37 D’éis na sleagh do-chóidh n-a chneas

fuath don iarann rob oircheas;

a haithle an chroinn do-chóidh inn

coill nochor chóir do chaigill.

38 Fearghal mhac Briain badhbh Chualann,

mac flaitheamhail Fionnghualann,

ba díoth bó ar fíon bhfear Banna,

ní bhíodh seadh dó i ndeagharra. R.

39 Giolla Íoso an abhra dhuibh

cealg do dhéachus dá dhíoghuil

do [bhraith] ar neach eile inn,

cleath Eine nochon áirmhim.

40 A ndul ní heasbhaidh éinfhir

meic do mhac an tuirfhéinnidh;

bás na deise rem dhul féin

meise gá gcur fa choimhréim.

41 Dá marbhadh meisde mo sheadh,

Gafraidh is Giolla [an] Choimdheadh;

Giolla an Choimdheadh is cor dhi

blogh do thoirneamh ar dtíre.

42 Mathghamhain Mág Raghnaill réidh,

ar gcara fíre an feirséin,

do-bhéara mhé odhar ann

nó go mbé tolamh taram.