firstLine"; ?>

1619. Rannam le cheile, a chlann Uilliam $
Length: long 43qq (and prose)
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 739 (24/P/9) D. O Duigenan 1651-2
  3. TCD 1280 (H.1.6) Hugh O Daly 1758
Prints:
  1. text DiD no. 111 transl. Ir. Monthly 57, 330
Motifs:
  1. eulogy and description of armour
  2. praise of patron’s feasts
  3. recitation of poetry
  4. dangers of satire
  5. patrons’ prowess in warfare
  6. cooperation btn Irish and Anglo-Irish
  7. legal terminology (urlaimh, fogra)
  8. citation of historical precedents
  9. Classical allusion
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire see Dan na mBr. Mionur 38
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Seaan mac Riocaird
  2. Uilleag and
Patron Surnames:
  1. a Burc Iarla Cloinne Riocaird
Meter Vars:
  1. crosantacht
Poem:

Poem in printable PDF format

Rannam le chéile, a chlann Uilliam


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 111]


1 Rannam le chéile a chlann Uilliam

Inis Banbha

ó tharla ag buaidhreadh críoch gConnla

fíoch bhar bhfaghla.


2 Do sguir cogadh [cur dá] choimhthréan

fa cheann tíre;

do cleachtadh riamh ag cloinn Créidhe

roinn na ríghe.


3 Iomdha roinn do-roinneadh uirre

aithnidh dhamh-sa

munbadh mall don oireacht fhionn-sa

toigheacht tharsa.


4 Do roinn Éireamhón is Éimhear

Inis Ealga;

do roinn Fearon Éar is Orba

a féar re Feargna.


5 Do roinn clann daighmhín an Daghdha

ainmhín fheardha,

do roinn Eoghan is Conn Cnodhbha

fonn na feadhna;

do roinn Sobhairce brugh Banbha

’s an cur Cearmna.


6 Déanam do nós na ríogh romhuinn

roinn an achaidh;

beith dá roinn ní mé nach mothuigh

’s is é m’fhachain

níor chleacht mei-se, gidh méin meathaidh,

céim i gcathaibh,

’s ní meisde rí gan a rathail

ar tí tachair.


7 Do-bhéar dhaoibh-se, a dhaighshliocht Uilliam

obas chomha,

ní fuil acht ar gcroinn do chora

roinn as rogha.


8 Rannfa mei-se ós mé do fhidir

aithne a dtórann

i ndíbh leithibh críoch fhuar Éireann

na gcuan gcnódhonn.


9 Do-ním leath do Leitir Maoláin

nach mín muighe

tír ar a gceiltear néall nimhe

fan tréan tuile

tír i leaghann sneachta ag snighe

dearca duine;

do-ním leath mar éineing oile

d’Éirinn uile.


7 gidh bé (i nÉirinn) go huilidhe nó go hiomlán [a-déaradh] tré choir n-ionnluigh nó eadarchasaoide (nó ithiomráidh) gur(ab) aincheart éagcomhthrom do-roinneadh an roinn-se, a-tá an tsein-bhriathar ealadhanta ughdardha ón fhilidh láin-cheart Laidionda leam-sa dá lán-chosnamh; 7 is í an [tsein-]bhriathar sin: “Quidquid in duas partes dividitur altera pars ‘semi’ dicitur” eadhón, gidh bé ní fhodháiltear nó ranntar i ndíbh rannaibh, a-dearar leath ris an dara rann, gion gurb leath chomhthrom [í]. (Ar an adhbhar sain), do chothughadh an chomhráidh-sin do dhearbhadh na deaghronna do-bheirim-se rogha gan fhreasabhra do chloinn an Iarla do na hurrannaibh sin. Óir do fheadar nach fuláir dhóibh fairrsinge na Fódla dá mbuidhnibh 7 imle uicht-leathna na hÉireann re hiomchur a n-anmhuirir; is léigid damh-sa an eang (anshaidhbhir) [eassádhail] anshochair iomchumhang úd.


10 Ótha Éighneach go hucht gColláin

mar chuid tíre

beag nach bhfuilid i gcló a chéile

[mun] mó míle;

níor ghabh duine iadh budh fhuaire

riamh is ríghe.


11 D’urláimh I Bhriain - beag [dá dtugtha]

toil don dúthaigh -

gabhaim i mbeinn Fhuinn Fhiachaidh

eing gcruinn gcúthail;

léigim gan fhógra gan fhéachain

Fódla fúthaibh.


12 Ní cúis béime gidh bé mheasas

méad mo leathtruim

a léigim d’iath Chuinn tar ceartroinn

don druing dhreachcoirr.


13 Gidh bé mheasas mire a bhféinneadh

’s a bhfear ndiombog

ní mo chean rí ris a ronnad

í ’s a n-iomad.


14 Gidh bé mheasas méad a gceannaigh

ar chríoch nGaoidheal

fulung a n-éacht is a n-áladh

créacht a gcaoilshleagh.


15 Gidh bé mheasas mionca a sluaighcreach

tar slios tíre

ní guais leam é do bhuing béime

fan roinn ríghe.


16 Gidh bé mheasas méad a gconfaidh

ag cur catha

beag nach dearna dearg a ndreacha

fearg a bhflatha.


17 Dul dá bhféachain ní fiú ceirtleath

críche hÉireann

briocht a sgiath, cailce a gcaollann,

bailce a mbéimeann,

a bhfál craoiseach go gceo chródhonn

leo ’n-a léibheann,

a sluagh ’n-a n-éanbhróin áigh d’iarann,

gráin a ngéirreann.


18 Clann an Iarla ó imlibh Deirg Deirc

dream as ionnsa;

ní clann mar gach gcloinn an chlann-sa

ga roinn riom-sa;

ní fhuil líon a gcoisgthe go ceannsa

acht an prionnsa.


Óir ní fhuil líon (a) gcoisgthe nó ceannsuighthe [nó ceartuighthe] na cuideachta sain acht an t-aoine Dia adhartha uile-chumhachta; nó prionnsa sochraidh (sochrotha) saidhbhir slóigh-líonmhar Sacsan lé sairmhínighthear gach saor-shluagh dá shíor-chogadh; nó guais 7 omhan 7 imeagla na sé n-onchon n-ainbhle [n-aigmhéil] (atáid agam-sa), do céad-tógbhadh ag Cridhinbhéal Cáinte, 7 do hoileadh as a haitle ag Néidhe fhaobhrach fheochair-bhriathrach mac Adhna, 7 i na dhiaidh sin ag Dallán fhíor-eolach [fhíor fhoghlumtha] Forghuill, is ag Seanchán shíor-dhoiligh shein-fhile; is a-táid agam-sa is an uair-se re haghaidh gach aoin d’uaislibh is d’ardmhaithibh na hÉireann do shainteochadh m’fhoghail nó m’argain nó m’inghreim, dá gcognadh is dá gcnáimh-ghearradh; 7 is iad anmanna na n-onchon sain On 7 Ainimh 7 Aithis 7 Gríos 7 Glámh 7 Goirt-bhriathra; 7 muna thí m’fhortacht [nó m’fhóirithín] nó m’eadráin nó m’anacal do na huasail-ionnsdruimintibh sin, ní hinmheasda gur culadh cumhdaigh nó cosanta nó coiméadta ar mo chreach-argain an toicheasdal liosda láin-mhíothapaidh, is an (fhiann anbhfann éagcruaidh 7 an) chuideachta [cheann-trom chriothánach chomh-anfadhach] chruinnigheas i n-oireachtas im uirthimcheall [i n-aimsir eagla nó fuachtana nó foiréigin nó] re linn robhaidh nó ruthaigh do rochtain; 7 is í as culadh cogaidh nó cathaighthe don chuideachta sin .i. a meilleoga (meirgeacha) mainnt-bhéalacha ar n-a gceangal (is ar n-a gcruadh-chuibhreach) dá gcreasaibh cruadh-shúgán [tar a gcorp-thaobhaibh,] is a dtuagha (coimhleathna) [caoil-bhráighdeacha] cúl-chroma [coimh-ghearra] connaidh, is a gcorráin (cama cír-ghéara ar n-a gcomh-shuidhiughadh) fa na gcreasaibh céadna go comh-dhaingean, is a bhfiodhbhaca (líomhtha) leacan-chruaidhe (ainghéara) ’na leath-lámhaibh (leo); is ní hionann don damhraidh [fhaobhraigh] arm-chorcra ar a n-iarraim-se comhroinn críche 7 forba [7 fineachais] (7 fearainn uair iadhaid i n-uirthimcheall a n-ard-fhlatha [sna gcipeadhaibh] (dá imchosnamh).


19 Comhdhlúith a gcath ’n-a mbróin bhodhbhdha

nach dóigh diomdha;

bearn a himeal na bhfear bhfeardha

ní bhean biodhbha

re dlús lúireach ngarbh is gormgha

agus arm n-iomdha.


20 Iomdha leo ag léim gacha troda

- budh tuar buaidhridh -

searrach seang ag bleith a béalbhaigh

’s beann eich uaibhrigh;

mo chion budh réidh ris an ríoghraidh

mir séimh suaimhnigh.


21 Iomdha cotún coiléir rionnta

go ró deallraidh

is feilm chorr tar dheirc go duilbhir

’s beirt trom treabhraidh.


22 Iomdha ar droing nach dóigh do fhreasdal

don fhréimh Bhúrcaigh

sgiath le n-aincear com ar créachtghoin

donn ó dhrúchtfhuil,

caomhthach sging ag loinn nach leontar,

croinn ’n-a ’gcúplaibh

’ga mbí iolar arm i n-éachtaibh

’s badhbh ag brúchtaigh.


23 Iomdha donnshlat dhíobras saighde

is sreang ga lúbadh,

biorchrainn caola as réidh do ruagadh

céir dá gclúdadh,

gunna chuireas d’fheidhm ar óigfhear

sgeinm gan sgrúdadh,

ó mbí fear a gléasda gruadhdubh

pléasga púdar.


24 Iomdha le a gcois - cia ar nach leathtrom -

laoch mar Oghmha

le gcuirthear cuairt ar feadh feadhma

fear duairc dorrdha,

gille nar ligh dlaoi ar a dhiomdha,

saoi fhir fhoghla,

fear croithte craoiseach go calma,

taoiseach tromdha.


Is gidh tromdha tathaoireach tarchuisneach atáimse ar an dtulán sruithmheirgeach sléibhe so, ní

mó ná meanma is mór-aigneadh cloinne [ionnsaighthighe] éicht-bheodha oirdhearca (urramhanta) an

Iarla go n-a n-óigríoghraidh uaibhrigh alláta i n-a n-uirthimcheall an uair shuidhid ar sleasaibh réidhe a ríogh-bhruighean ag ól a bhfleadh bhfíor-uasal bhfíneamhna 7 a ndeochann ngarbh ngabháltach, ar bhfás ruithneadh is ruamannachta i n-a ríoghgnúisibh ag éisteacht re dréachtaibh 7 re duanlaoidhibh a sean is a sinnsear gá soluis-reic i mbéalaibh reacaireadh is ríogh-bhard; ná móraigneadh na muinntrei-se an uair shuidhid i n-a mbothógaibh crom-lúbánacha creat-lomnochta ag comhól ar a chéile dá gcoidhinibh béilfhliucha blaithche is dá dtobannaibh mór-chluasacha meidhge bruidearnaighe, 7 ag éisteacht re hagallaimh is re holl-ghlór a n-ainminnteadh n-éigciallaidh ’na n-uirthimcheal is gach [aon aca] ag tabhairt aithne go hurmhaisneach ar uraghall is ar fhoirbhéicigh gacha hainmhidhe seach ar oile; is éirghid a bhfonn is a bhfíor-aigneadh le n-a bhfraisghéimnigh sin 7 [tógbhaid coimh-shéis crónáin i n-a gcoinne. Is ar an adhbhar sain] ó tharla ceartrogha chinnte don ordughadh [sin] ag gach aon fa leith dar laoch-mhuinntir, is eadh as indéanta ann daingniughadh go cinnte ar an gceart-roinn 7 snadhmadh solus ar an síothcháin 7 cuir 7 teannta 7 treabhaire [do ghabháil] ar gach taobh ré tréanchomhall [dá cheile] gan ghabháil baile [nó brághad] gan ghluasacht ceana (nó creiche) ó neachtar uainn [ar ar oile] amhlaidh.


25 Gabhthar geall ag [na] mnáibh muile

re cnáimh coire;

ní gnáth ar meisge ó fhíon d’ibhe

an míol muighe;

meinic do ligh le fear faire

bean fhir oile;

cuirthear neamhdháil duas ar dhuine

’n-a chruas croidhe.


26 Léigeam dínn ar saobhnós seachráin;

snadhmam connradh;

bíodh re gach gcuma dar ceangladh

urra urrlamh.


27 Géabhad chugam mar chor síthe

saorchlann Uilliam

fir nach bronn a ngort do Ghallshluagh

folt ndonn ndruimfhiar.


28 Géabhaidh mé - ní mhaithfead Seaán -

fan síoth thoingead

tar druim gach gheallaidh dá ngeallad

d’earraidh Uilleag.


29 Dá mhac Riocaird rogha ar sluaighidh

slata failmghéag

fir as fheardha gleic ós ghormród

meic do Mhairghréag.


30 Géabhadh chugam sa chor chéadna

clann shéimh Shuibhne

chuireas gleo gan ghruaim go ngairbhe

go mbuaidh mbuidhne,

dream dhligheas cur thar ar gcinn-ne

bun gach buidhne.


31 Síol Seachnasaigh sluagh Ó bhFiachrach

- fraochdha an mhéinne -

na cuir daingne as dual dar ndín-ne

sluagh go séimhe;

fir sin do ghabhluigh ó Ghuaire

d’adhbhaidh fhéile.


32 Clanna Uadhach, aicme Hoibeard

ní haos doibheart,

’s iad tar cách dom chaomhna ar ainiocht,

aobhdha an t-oiriocht.


33 Ní hiad a-bháin, biaidh gach aoinfhear

ó fhiadh Ghaillmhe

mar budh dalta cíogh dom choimhdhe,

díol ar ndaingne.


34 Beid a marcaigh, beid a mbantracht,

beid a ríoghna

do ghuth éinchinn cáigh dom chaomhna;

ní dáil díoghna.


35 Biaidh mo roinn re ríoghraidh Chonnacht

choidhche ar chuimhne;

siai-de mhairfeas fa mhagh Mheidhbhe

bladh na buidhne.


36 Biaid a laoich dá luadh ar tosaigh

i dtigh bainnse;

biaidh maith agus olc gacha haimhse

ag tocht tairse.


37 Biad-sa im rígh ar ríoghraidh Bhúrcaigh,

beid fam antail;

fás ar mh’inmhe béin re a mbronntaibh

don fhréimh Fhranncaigh.


38 Maith an geall re gabháil ríghe

mo roinn orra;

beanfa mei-se d’fhéin chnuic Chonga

sduic réidh ronna.


(7 is iad sduic ronna na ronna réamhráidhte, dá) dteagmhadh fonn aithearraigh nó imeirce im aigneadh nó im inntinn-se, oiread (an fhearanntais do . . . ) uatha-sain agam-sa gan oirbhearnadh, gidh bé ionadh d’Éirinn i mbudh mian lem meanmain anadh (nó oiriseamh, 7 cuairt timchill) gan tairisiomh gan toirmeasg maille na gcomhartha airdcheannais d’fhagháil éadála (go háiseach aontadhach) amhail as iomchubhuidh d’fhior mo gharma.


39 Iomdha fa chnoc gcríochruadh gCnodhbha

síothshluagh Samhna;

cluintear fuaim na dtonn fa Thromhra

as lom labhra;

ní lucht déanta cúntair corma

Búrcaigh Bhanbha.


40 Fine Bhúrcach na mbrugh sochraidh

saor a n-aicme;

lán a maith ’s a saith dar seirc-ne;

maith a maicne.


41 Maith a dtighe i dtiobhram cuarta

as cian cluintear;

maith a ngníomh don fhlaith dá leantar;

maith a muintear.


42 Maith a laochraidh lán do ghaisgeadh

gníomh go bhflathtraigh;

maith a mná nach caith acht corcair;

maith a marcraidh.


43 [Is] maith [ar] lúth lucht a bhfeadhma

- ní feidhm leisgfhear;

maith a bhfleadha gan déir ndeasgadh

gan mhéin meisgeadh;

i láimh a ríoghbhan seang slistiugh

fearr a bhfeisteagh.