firstLine"; ?>

162. Adear mad Gall is Gaoidheal
Length: long c. 30qq (frag.)
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 744(A/v/2) Dillon Duanaire late 17c.
Motifs:
  1. envoi to patron’s wife
  2. patron’s feasts
  3. the lesser arts
  4. patron’s liberality to poets
  5. cooperation btn English and Irish
  6. Historical comparisons
  7. reference to the siodh, fairies
  8. patron’s house
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa (see envoi, ‘Da maireadh Aodh’)
Patron Christian Names:
  1. Teaboid, Theobald
Patron Surnames:
  1. Dillon
Apologue Subclasses:
  1. Conchobhar’s ollamh deserts to Cu Raoi
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A-déar madh Gall et Gaoidheal

[RIA 744 (A/v/2), ‘Dillon Duanaire’, 1b]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 [A-dear mad] Gall et Gaoidheal

easccara na n-iolmháoineadh

cromainnear im cric na nGall

ródhaingean síth na sáorchlann.

2 [L?]eannan luchta mo cheirde

cusbóir na ngrés nGáoidheilge

[..] dhath[chró?]ann fan dall fiodh

cladhtórann Ghall is Gháoidheal.

3 [Díon?] mh’eigin a[s?] air chuirim

mo dhíon as dó orduighim

[beith?] ag codal ar mo chneidh

ní hobar dá dhreich dhílleidh.

4 [Sio?]r Teabóid Díolmhan dreach fhíal

dá ttuigeadh mar tá ar ndímhíadh

sgéith cho[snaimh?] ghlanshluagh Ghalls

níor chosmhuil mh’anbhúan d’fhulang.

5 [Sior?] Teabóid mo thríath cubhuidh

meisi ar éigsi a inntumhaidh

[.....................] bús réide rum

cosmhuil do chéile ar ccomann.

6 [.............................]is uime sin

dá gcleachtum a chruth suilbhir

[.............] na nglíadh n-iomdha

go dtréigfinn fhíadh mh’oiliomhna.

7 [................................] eacht oile

ollamh fhola Rughruidhe

[... .............aibhneadh?] n-úaine

tar chaillgheal na Craoibhrúaidhe.

8 [...........................fada?] ó shoin

ré seal cúarta ón gcrích Ultaigh

[..............maigriodh Mumhan?]

rómh ainbhreath na n-ollamhan.

9 [.......................................] re

do-[ní?] nír dal diombáidhe

[........................talmhan?] tiar

snadhmadh mion[Mh]uidhe Macníadh.

10 [.................................. deac?]

meadh a c[hú]arta a measg Muimhneach

[........................................]

[...................................] enuair.

11 Lé méud a mhuirne a Mumhain [2a]

lé bfúair ollamh Chonchubhair

do bhí do mhéid a mheanma

ní asar thréig a thighearna.

12 Gá ttam dhó acht nír fhill tar ais

o Choin Raoi na rúag neamhthais

táinic d’fhóir mherdha Mhumhan

slóigh na hEamhna dh’f[uath?]ughadh.

13 Mór mh’eagla-sa amhlaidh sin

go dtréigfiom ár dtír [d]uth[aigh]

cneas thoinnshlim nár moigh a mhóid

lé bfhoighbhiom do thoil Theabóid.

14 Mo bhréughadh as báoghal linn

dá roichiom ’na ráith áoibhinn

múr slaitgheal na sreabh n-úaine

aitreabh fhear na hén[n?]úaire.

15 Lór do mhealladh mo mheanman

sgíam (co) corcra aolach n-uillea[nnghlan?]s

múr choirmshean nár chláochládh cruth

loinnreadh a áolchlár n-amhlach.

16 Do mheallfadh dáoine an domhain

cumasg a croth n-égsamhuil

treabh na ráth ttáoibhshleamhain tte

gnáth gach áoinmheadhair innte.

17 Gnáth san chuirt-sin fá a codhnach

graifne greadhgháir búabhallgot[h]

sreatha chorn n-óirfhleasglan n-óir

ag coimhfhreasdal chorm ccomhoil.

18 Malairt ilchleas imláoidh céard

díorma óg ingean mbéildearg

sgol tsháor nach ionghotha n-iúil

is binnghotha cráobh cceiniúil.

19 A háoibhneas an lá as lugha

sáoilidh súil a féchsana

nach gníomhradh sáoghalla sin

cáomhhalla síodhghlan súaithnidh.

20 Eamhain abhlach na n-eang nglan

nó in brugh do beanadh dh’Ealcmhar

nó ráith Fhionnbhairr fá húr sdair

nó múr síodhmaill a samhail.

21 ’Ná comhartha a ccionn gach róid

a-tá síothbhrugh Sior Teaboid

mur sáimh [na?] solusshroth tte

a chomhaslach cáigh chuige.

22 Ní héidir d’fior a cleachtaidh

fagbáil in mhúir [mh..?]leacghloin

don té na[ch] gabh ’na ghoire

is gar é ó ionmhoine.x

23 Dá maireadh Áodh dob olc leis

nár [..............................]

meisde nac [cluin craobh ...uille?]

[....................................].

24 [Dearmod níor] [dhéa?]nta dhúnn [2b]

inghean Uillíam cíabh cladhúr

aigneadh cobhsaigh nár char [séud?]

ní cosmhuil dhamh ni dheirméd.

25 [N?]i deirmed-sa an [deagh] b[ai?]rrslim

nó an glór féta focailbhinn

nó an sdím gcorramlaigh gcúil gcais

ná an súil mongabhraigh mallghlais.

26 Pl[an]da úasal d’fíonfuil Goll

[...] ciontach cridhe sáorchlann

[...] r gan [int?]liocht gcoire

ingiolt súl na sochuidhe.

27 [...] bog go gcruas gcreidimh

meanma as umhla d’foighidin

[troi?]gh cheimleasg nár chóir iongnadh

éinleasg óir na n-ingheanradh.

28 G[...a?]s gradhach nár ghradhaigh fear

móradh ceall comhdach neimheth

[...reach ...imiolla?] as dealbhdha dath

meanma shoishníomha sheasmhach.

29 [......................] inghean Uilliam

aigneadh soithimh séghuinnfhíal

[bean?...] brég bláth na cruinne

nár fhéch fháth a hionmhaine. A-der...